Seirbhís do Chustaiméirí

Ár dTiomantas maidir le Seirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí

Cuireann na Coimisinéirí Ioncaim an-chuid am agus iarracht isteach chun seirbhíse ardchaighdeáin a thabhairt d'ar chustaiméirí. Táimid freagrach as eolas soiléir a chur ar fáil agus as déileáil linn a éascú a oiread agus is féidir.

Trí sheirbhís chustaiméara níos fearr, agus trí bhreis oideachais agus cabhrach, a sholáthar do cháiníocóirí, tá fúinn cabhrú lenár gcustaiméirí uile an méid ceart cánach agus dleachta a íoc ag an am ceart. Teastaíonn uainn a chinntiú go bhfuil a fhios ag ár gcustaiméirí cad iad na nithe a bhfuil siad ina dteideal, agus go bhfuil sé éasca iad a éileamh.


Leagan furasta le priontáil