Cosaint Sonraí ag na Coimisinéirí Ioncaim
Tugann na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003 cearta do dhaoine aonair maidir le príobháideacht a gcuid sonraí pearsanta, agus leagann siad freagrachtaí ar dhaoine a bhfuil a leithéid de shonraí ina seilbh agus á bpróiseáil acu.
Tagann na Coimisinéirí Ioncaim faoi réir an dá Acht seo seo. Leagann na hAchtanna um Chosaint Sonraí amach cearta daoine aonair agus freagrachtaí na ndaoine, lena n-áirítear na Coimisinéirí Ioncaim, a bhfuil na sonraí sin ina seilbh. Tá sonraí ag na Coimisinéirí Ioncaim faoi gach cáiníocóir. Is féidir gur sonraí pearsanta nó neamhphearsanta iad seo. I dtaca le Cosaint Sonraí, tagraíonn sonraí pearsanta do shonraí duine atá beo. Is féidir leis an eolas seo a bheith coinnithe ar ríomhairí nó i gcomhaid láimhe. Tugtar an Rialaitheoir Sonraí ar an duine sna Coimisinéirí Ioncaim atá freagrach as comhlíonadh ár ndualgas faoi na hAchtanna.
Tugann Suíomh Gréasáin an Choimisinéara Cosanta Sonraí míniú ar na cearta agus na freagrachtaí faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí (http://www.cosantasonrai.ie)
agus tá eolas ar fáil freisin ó Oifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí ag:
Teach na Canálach
Bóthar an Stáisiúin,
Cúil an tSúdaire
Co.Laois.
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí trí ríomhphost (info@dataprotection.ie) nó ar an teileafón, Íosghlao 1890 25 22 31.
Tuairisc an Choimisinéara Cosanta Sonraí faoi Cosaint Sonraí ag na Coimisinéirí Ioncaim
