Iarratas a Dhéanamh
Is féidir leat iarratas rochtana um chosaint sonraí a dhéanamh i scríbhinn chuig an Rialaitheoir Cosanta Sonraí ag an seoladh thíos.
Tá táille €6.35 iníoctha ar gach iarratas ar rochtain sonraí.
Ba cheart go mbeadh d'iarratas chomh sonrach agus is féidir ionas go mbeimid in ann teacht ar na sonraí faoi leith. Cuirfear freagairt ar d'iarratas chugat chomh luath agus is féidir agus ar aon nós ag tráth nach déanaí ná daichead lá.
Tá díolúintí áirithe sna hAchtanna um Chosaint Sonraí a chuireann srian ar an gceart rochtana agus a cheadaíonn iarratais a dhiúltú. Is féidir achomharc a dhéanamh i gcoinne diúltaithe go díreach chuig an gCoimisinéir um Chosaint Sonraí
.
Má dhiúltaítear d'iarratas déanfar an táille a aisíoc.
Má tá aon fiosrúcháin agat maidir le Cosaint Sonraí ag na Coimisinéirí Ioncaim déan teagmháil linn ag 01 8589160, nó trí ríomhphost ag dataprotection@revenue.ie nó scríobh chuig an Rialaitheoir Sonraí ag na Coimisinéirí Ioncaim.
Rialaitheoir Sonraí ag na Coimisinéirí Ioncaim
Is é an Rialaitheoir Sonraí ainmnithe ag na Coimisinéirí Ioncaim ná:
Finbarr O'Leary,
Urlár na Talún,
Crossbhloc,
Caisleán Bhaile Átha Cliath,
Baile Átha Cliath 2.
