Ceisteanna Coitianta
Sa leathanach seo tá freagraí na gCeisteanna Coitianta ar Shaoráil Faisnéise. Tá fáilte roimh breis cheisteanna i gcónaí - seol do chuid cheisteanna ar ríomhphost le do thoil chuig foi@revenue.ie. Mura mbíonn tú in ann freagra a fháil ar do cheist anseo nó má bhíonn níos mó eolais ag teastáil uait, déan teagmháil le do thoil le hOifig na gCoimisinéirí Ioncaim, Brainse Bainistíochta Faisnéise, Aonad Saorála Faisnéise, Urlár na Talún, Bloc na Croise, Baile Atha Cliath 2 ( teileafón 01 - 7020850; facs 01 - 7024203; seol ríomhphost chuig foi@revenue.ie.)
- Cad is Saoráil Faisnéise ann?
- Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?
- Cén costas a bheidh air?
- Cad a bhreithnítear faoin Saoráil Faisnéise?
- Cad iad na taifid a bhfuil fáil orthu gan iarratas a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise?
- An bhfaighidh mé gach a n-iarrfaidh mé?
- Cad iad na díolúintí?
- Cé a dhéanann an cinneadh?
- Cad a dhéanfaidh mé mura bhfuil mé sásta leis an gcinneadh?
- Conas a dhéantar mo chuid faisnéise a chosaint?
- Cad is "leas an phobail" ann?
- An bhfuil fáil agam ar thaifid a choimeádtar ar mo chlann?
- Can I find the identity of someone who made an allegation against me?
Cad is Saoráil Faisnéise ann?
Leagan gearr is ea SF ar an Acht um Shaoráil Faisnéise. Tugann an tAcht seo cead do dhaoine "iarratais" a dhéanamh rochtain a fháil ar thaifid, leasuithe a dhéanamh ar thaifid nó ar chúiseanna faoi chinneadh bhord poiblí.
Cé atá i dteideal iarratas a dhéanamh?
Duine ar Bith.
Cén costas a bheidh air?
Mura mbíonn baint ag an iarratas le do chuid eolais phearsanta féin, ansin beidh an costas €15 (€10 má bhíonn cárta leighis agat). Má bhíonn méid suntasach taifead i gceist, féadfaidh táillí "cuardach agus aisghabháil" a ghearradh. Má tharlaíonn a leithéid cuirfear ar an eolas tú faoin neasmhéid laistigh de dhá sheachtaine. Gearrfar táillí freisin maidir le hachomhairc inmheánacha agus sheachtracha.
Cad a bhreithnítear faoin Saoráil Faisnéise?
Féadfaidh beagnach gach taifead atá i seilbh bord poiblí a iarraidh faoi Shaoráil Faisnéise. Is é an t-aon riachtanas amháin (seachas nuair atá tú ag iarraidh cúiseanna le cinneadh) ná go bhfuil sé i dtaifead atá ann cheana. Tá roinnt eisceachtaí ann mar shampla comhairle an Ard-Aighne agus ábhar ullmhaithe mar fheagairt ar cheisteanna parlaiminte. Is é an eisceacht is mó atá ann ná le haghaidh ábhair atá cheana ar fáil don phobal, fiú má bhíonn táille i gceist. Moltar duit teagmháil a dhéanamh leis an Aonad Lárnach chun a chinntiú go bhfuil an t-ábhar ar fáil sula gcuireann tú iarratas isteach.
Cad iad na taifid a bhfuil fáil orthu gan iarratas a dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise?
Feadfaidh taifid a bhaineann le rialacha Ioncaim agus nósanna imeachta a fhoilsítear i dTreoir Alt 16, taifid ÍMAT a iarraidh go díreach ó d'oifig chánach áitiúla.
Treoir (MS Word, 25KB) ar na taifid ÍMAT atá ar fáil. Tá sonraí teagmhála ar fáil ag an nasc seo a leanas Aimsitheoir Teagmhálaithe.
An bhfaighidh mé gach a n-iarrfaidh mé?
Ní chuirfear taifid go léir a iarrfar faoi SF, ar fáil don duine a iarrann. Scaoilfear roinnt taifead i leaganacha curtha in eagar nó diúltófar glan amach iad. Is é is cúis leis seo ná go bhféadfar a mheas go bhfuil roinnt ábhair íogair nó príobháideach. Tá a leithéid d'ábhar cosanta ag díolúintí.
Cad iad na díolúintí?
Is éard is díolúintí ann na coinníollacha faoina bhfuil roinnt taifead á gcosaint. Áirítear leis seo ábhar a bhaineann le fiosrúcháin, comhairlí dlí, agus taifid a bhaineann le gnó eile nó duine aonair. Tá cuid acu seo diúltaithe glan amach agus déantar cuid acu a thastáil féachaint an bhféadfadh na taifid "dochar" a dhéanamh dá scaoilfí amach iad..
Cé a dhéanann an cinneadh?
Príomhoifigeach Feidhmiúcháin nó Príomhoifigeach Cúnta sa Rannán nó réigiún ina bhfuil an t-ábhar á choimeád is ea cinnteoir ag na Coimisinéirí Ioncaim de ghnáth. Má choimeádtar na taifid a iarrtar in áiteanna éagsúla, féadfaidh níos mó ná cinnteoir amháin a bheith ann. Cén fhad a thógfaidh an próiseas seo. Tá teorainn fiche lá oibre le haghaidh freagra. Cad a tharlaíonn má sháraíonn na Coimisinéirí Ioncaim an teorainn ama? Má bhíonn aon mhoilleanna nó deacrachtaí ann, déanfar teagmháil leat agus cuirfear tú ar an eolas faoi chúrsaí.
Cad a dhéanfaidh mé mura bhfuil mé sásta leis an gcinneadh?
Tá ceart achomhairc ann an cinneadh a athbhreithniú go hinmheánach ag oifigeach níos sinsearaí (Príomh-Oifigeach de ghnáth). Tá teorainn cúig lá oibre déag leis an athbhreithniú sin. Má bhíonn tú fós míshásta, tá ceart achomhairc agat ar athbhreithniú seachtrach chuig Oifig an Choimisiéara Faisnéise. Níl cead an ceart seo a úsáid ach amháin tar éis athchomharc a dhéanamh ar an gcinneadh go hinmheánach ar dtús.
Conas a dhéantar mo chuid faisnéise a chosaint?
Diúltófar do chuid eolais phearsanta a thabhairt d'aon tríú páirtí. Féadfaidh do chuid eolais íogair chuideachta a chosaint dá bhféadfadh sé dochar a dhéanamh do do chuideachta. Tá eolas tugtha faoi rún cosanta freisin ag brath ar chritéir áirithe a chomhlíonadh. Tá iad sin go léir faoi réir "tástáil leasa phoiblí".
Cad is "leas an phobail" ann?
Ceadaíonn tastáil leasa phoiblí taifid a bheadh díolmhaithe seachas sin a scaoileadh i gcás go mbeadh leas poiblí níos mó bainte amach na taifid a scaoileadh seachas iad a choimeád. Ní ceart go dtógfar as seo go scaoilfí eolas nach mbeadh i gceist ann ach suim nó fiosracht an phobail a shásamh.
An bhfuil fáil agam ar thaifid a choimeádtar ar mo chlann?
Tá. Forálann an tAcht um Shaoráil Faisnéise do thuismitheoirí/chaomhnóirí úsáid a bhaint as forálacha an Achta ar son a gcuid leanaí. An féidir liom taifid duine éagtha a fheiceáil? Féadfaidh duine aonair taifid duine éagtha a iarraidh nó a leasú má tá an cinnteoir den tuairim go bhfuil teideal clanna nó dlí ar an gcinnteoir é sin a dhéanamh.
An féidir liom teacht ar aitheantas duine a chuir líomhain i mo leith?
Forálann an tAcht um Shaoráil Faisnéise do chosaint sainaitheantas duine a chuir isteach eolas faoi rún maidir le forfheidhmiú an dlí sibhialta. Níl eolas a chuireann duine isteach a bhaineann le dlí coiriúil clúdaithe ag an Acht um Shaoráil Faisnéise.
