Conas Iarratas a Dhéanamh
Ní mór an méid seo a leanas a bheith in iarratais go léir faoin Acht -
- ainm agus seoladh iomlán an duine atá ag déanamh an iarratais (an t-iarrthóir), lena n-áirítear, uimhir theileafóin/faics nuair atá siad ar fáil,
- eolas atá á iarraidh - bí chomh sonrach agus is féidir, le do thoil,
- ráiteas go bhfuil an t-eolas á iarraidh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise.
Más mian le duine eolas a fháil i bhformáid faoi leith (m.sh. fótachóip, diosca ríomhaire) ba cheart é sin a lua san iarratas.
Is féidir iarratas a thosú trí riomhphost a sheoladh chuig foi@revenue.ie. Sa chás seo cuirfear foirm iarratais chuig an iarrthóir le comhlánadh. Déanfar an t-iarratas seo a phróiseáladh nuair a fhaigheann an tAonad Lárnach Saorála Faisnéise an fhoirm iarratais sínithe go cuí.
Nóta: Nuair atá iarratais ríomhphoist á ndéanamh cuir isteach ainm agus seoladh poist iomláin an duine a bhfuil an fhoirm iarratais le seoladh chuige.
Nuair atá iarratas á dhéanamh le haghaidh eolas pearsanta, ní mór sainaithne cuí a thabhairt.
Má tá deachracht agat na taifid ar leith atá ag teastáil uait a shainaithint, cabhróidh foireann an Aonaid Shaorála Faisnéise leat d'iarratas a ullmhú.
Teorainneacha Ama
Go ginearálta, tá oibleagáid ar na Coimisinéirí Ioncaim:
- an t-iarratas a admháil laistigh de dhá sheachtain ó fuarthas é
- fógra den chinneadh a thabhairt don iarrthóir laistigh de 4 sheachtain tar éis é a fháil.
Más thárlaíonn sé go bhfuil an t-eolas atá á iarradh á choimeád ag comhlacht poiblí eile cuirfear an t-iarratas ar aghaidh chuig an gcomhlacht poiblí sin laistigh de dhá sheachtain ó fuarthas é agus cuirfear fógra chuig an iarrthóir dá réir.
Ba cheart iarratais ar eolas pearsanta a leasú, nó cúiseanna le cinní tógtha ag na Coimisinéirí Ioncaim a bhfuil éifeacht acu ar dhuine, a chur chuig an Aonad Lárnach Saorála Faisnéise ag an seoladh thuas.
Cinní
Faoi réir forálacha an Achta, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cinneadh a dhéanamh
- an t-iarratas a cheadú
- cuid den iarratas a cheadú
- an t-iarratas a dhiúltú.
Má tá an t-iarratas le ceadú, cibé ina iomláine nó cuid de, is iad na Coimisinéirí Ioncaim a dheimhneoidh an fhoirm agus an modh ina gcuirfear an ceart rochtana i bhfeidhm, le haird acu ar rogha an iarrthóra.
Tabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra don iarrthóir faoin gcinneadh. Má dhiúltaítear iarratas, cibé ina iomláine nó cuid de, tá oibleagáid ar na Coimisinéirí Ioncaim cúiseanna an diúltaithe a thabhairt.
Nósanna Imeachta Athbhreithnithe
I gcás go ndéantar cinneadh rochtain ar eolas a dhiúltú, féadfaidh duine atá míshásta leis an gcinneadh sin, nó duine nach bhfuair freagra faighte aige laistigh de 4 sheachtain ón am a fuarthas an t-iarratas, athbhreithniú inmheánach a iarraidh. Is é oifigeach ag grád níos airde ná an bunchinnteoir a dhéanfaidh an t-athbhreithniú seo.
Cuirfear iarratais ar athbhreithniú inmheánach i scríbhinn chuig:
Nósanna Imeachta Athbhreithnithe
Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim,
An Brainse um Bainistíocht Faisnéise,
Saoráil Faisnéise,
Urlár na Talún,
An Crosbhloc,
Caisleán Bhaile Átha Cliath,
Baile Átha Cliath 2.
Ní mór iarratas ar athbhreithniú inmheánach a chur isteach laistigh de 4 sheachtain ó fógraíodh an cinneadh ar dtús. Ní mór do na Coimisinéirí Ioncaim an t-athbhreithniú a chríochnú laistigh de 3 sheachtain.
I gcás go bhfuil athbhreithniú déanta agus nach bhfuil an t-iarrthóir sásta fós leis an toradh, féadfaidh an t-iarrthóir achomharc a dhéanamh leis an gCoimisinéir Faisnéise (féach ar
Alt 15 Leabhar Tagartha , Caibidil 1 Coimisinéir Faisnéise (PDF, 114KB)).
Táillí
Tá dhá shórt muirir ann anois maidir le hiarratais Shaorála Faisnéise.
- Táille ar Iarratais Neamhphearsanta
- Táillí ar Chuardach agus Aisghabháil
Táille ar Iarratais Neamhphearsanta
Baineann táillí le hiarratais Shaorála Faisnéise ar eolas neamhphearsanta déanta ar nó tar éis an 7 Iúil 2003. Baineann na táillí le hIarratais (Alt 7), Athbhreithnithe Inmheánacha (Alt 14) agus Achomhairc IC (Alt 34).
Iarratas
- Ní mór táille €15 a bheith in éineacht le harratais déanta faoi alt 7 le haghaidh taifid neamhphearsanta.
- Beidh táille laghaidhe €10 i gceist má tá cárta leighis ag an duine atá ag déanamh an iarratais.
Athbhreithniú inmheánach
Mura bhfuil duine sásta leis an mbunchinneadh is féidor leo iarratas a dhéanamh ar athbhreithniú inmheánach.
- Gearrfar táille €75 ar an Athbhreithniú Inmheánach.
- Beidh táille laghdaithe €25 i gceist do lucht cártaí leighis agus a gcleithúnaithe.
Achomhairc chuig an gCoimisinéir Faisnéise
Má bhíonn duine fós míshásta le toradh an Athbhreithnithe Inmheánaigh, tá sé/sí i dteideal iarratas a dhéanamh chuig an gCoimisinéir Faisnéise le haghaidh athbhreithniú neamhspleách ar chinneadh an chomhlachta phoiblí.
- Gearrfar táille €150 ar an Athbhreithniú Inmheánach.
- Beidh táille laghdaithe €50 i gceist do lucht cártaí leighis agus a gcleithúnaigh.
Scaoileadh eolais ar leas an phobail
I gcás ina soláthraíonn foráil do leas an phobail in ailt 26 (Eolas faighte faoi Rún), 27 (Eolas Íogair Thráchtála) nó 28 (Eolas Pearsanta) do scaoileadh eolais agus gur mian le páirtí lena mbaineann an scaoileadh sin a achomharc ansin tá an ceart achomhairc ag an bpáirtí sin, faoi alt 29, go díreach leis an gCoimisinéir Faisnéise. Beidh an t-athchomharc seo faoi réir táille €50.
Tá dualgas ar iarrthóir clúdach cárta leighis a éileamh agus fianaise ag tacú le clúdach den sórt sin a sholáthar agus iarratas á dhéanamh.
Féadfaidh táillí cuardaigh agus aisghábhála a ghearradh mar seo a leanas
- Maidir le taifid phearsanta ní ghearrfar aon táille, ach amháin i gcás go mbíonn a lán taifead i gceist.
- Le haghaidh eolais (neamhphearsanta) eile féadfaidh táillí a ghearradh ar an am a caitheadh in aimsiú éifeachtúil na dtaifead. Forordóidh An tAire airgeadais an ráta in aghaidh na huaire.
- I gcás go bhfuil fótachóipeanna de thaifid ag teastáil beidh muirear á ghearradh in aghaidh an leathanaigh.
- Féadfaidh éarlais 20% den táille a bheith iníoctha i gcás gur dócha go mbeadh táille den sórt sin níos mó na €50.79. I gcás go bhfuil éarlais iníoctha ní féidir cuardach na dtaifead a thosú go dtí go bhfuil an t-éarlais íoctha.
Tabharfar acmhainn an iarrthóra san áireamh sna táillí go léir a bheidh le gearradh.
Táillí ar Chuardach agus Aisghabháil
Féadfaidh táillí a tarscaoileadh sna cúinsí seo a leanas
- i gcás go mbeadh costas bailiúcháin agus cuntas a choinneáil ar an táille níos mó ná méid na táille, nó
- i gcás go gcabhródh an t-eolas go sonrach le saincheist um thábhacht náisiúnta a thuiscint.
Nósanna Imeachta Athbhreithnithe
Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim,
An Brainse um Bainistíocht Faisnéise
Saoráil Faisnéise
Urlár na Talún,
An Crosbhloc,
Caisleán Bhaile Átha Cliath,
Baile Átha Cliath 2.
Teil: 01 - 7020850
Facs: 01 - 7024203
Ríomhphost: foi@revenue.ie
