Saoráil Faisnéise
Tugann an tAcht um Shaoráil Faisnéise 1997 cearta reachtúla do gach duine:
- teacht ar fhaisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí;
- faisnéis oifigiúil a bhaineann leis/léi féin a leasú nuair atá sí neamhiomlán, mícheart nó míthreorach;
- cúiseanna a fháil maidir le cinntí a bhfuil tionchar acu air/uirthi féin.
Dearbhaíonn an tAcht an ceart a bheith ag baill den phobal rochtain a fháil ar fhaisnéis oifigiúil a mhéid a bheidh i gcomhréir le leas an phobail agus le ceart daoine aonair chun príobháideachta.
Faisnéis atá ar fáil de ghnáth
Faoi láthair, cuireann na Coimisinéirí Ioncaim faisnéis ar fáil don phobal maidir lena bhfeidhmeanna, lena ngníomhaíochtaí agus lena scéimeanna. Leanfar ag cur a leithéid d'fhaisnéis ar fáil gan gá le húsáid a bhaint as an Acht um Shaoráil Faisnéise. Faoin Acht, forlíontar an ghnáthfhaisnéis seo le lámhleabhair Chánach agus Dleachta na gCoimisinéirí Ioncaim do bhaill foirneagus Treoir maidir le Feidhmeanna agus Struchtúir na hOifige. Ina theannta sin, tá réimse leathan bileog agus treoracha ag na Coimisinéirí Ioncaim atá ar fáil ar ár suíomh gréasáin.
Faisnéis a éilíonn iarratas um Shaoráil Faisnéise
Tá an tAcht um Shaoráil Faisnéise deartha chun cead a thabhairt do bhaill den phobal rochtain ar fhaisnéis atá i seilbh comhlachtaí poiblí ach NACH bhfuil ar fáil de ghnáth. Faoin Acht, is féidir rochtain ar fhaisnéis faoi réir díolúintí áirithe, nósanna imeachta ar leith agus teorainneacha ama.
Faisnéis atá le nochtadh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise
Go ginearálta, baineann an tAcht le faisnéis a cruthaíodh tar éis mhí Aibreáin 1998.Tá roinn eisceachtaí ann. I gcás faisnéise pearsanta a bhaineann leis an iarrthóir, feidhmíonn an tAcht maidir le seanfhaisnéis atá fós á coimeád i gcomhad, agus maidir le faisnéis nua a tháinig chun cinn tar éis mhí Aibreáin 1998. Tá eisceacht i gceist freisin i gcás go bhfuil seanfhaisnéis "neamhphearsanta" ag teastáil chun an fhaisnéis nua den chineál sin a thuiscint.
Sriantaí ar an gcineál faisnéise is féidir a rochtain
Gan amhras, tá sriantaí eile ar an gcineál faisnéise is féidir a rochtain. Tá siad seo clúdaithe ag díolúintí laistigh den Acht.
Is ar rochtain ar fhaisnéis phearsanta atá an chéad mhórshrianadh. Tá forálacha ann chun faisnéis phearsanta a chosaint ó rochtain uirthi ag tríú páirtithe agus chun faisnéis a tugadh faoi rún a chosaint.
Baineann an dara mórshrianadh le faisnéis a d';fhéadfadh feidhmiú an dlí, slándáil nó airgeadas an Stáit a chur i gcontúirt. Is é an polasaí ginearálta, áfach, ná rochtain a cheadú a mhéid a bheidh i gcomhréir leis na cosaintí agus na srianta atá leagtha amach san Acht.
Cearta athbhreithnithe agus achomhairc taobh amuigh den Acht um Shaoráil Faisnéise
De ghnáth, is iad na rannóga ábhartha um Sheirbhís Chustaiméara a dhéileálann le Gearáin faoi chaighdeán na seirbhísí nó faoi gcaoi a soláthraíonn an Oifig iad. Nuair a agóidtear in aghaidh, nó nuair a easaontaítear le, cinneadh de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, is féidir achomharc a dhéanamh chun na rannóige ar leith a rinne an cinneadh.
