Taifid Shaorála Faisnéise
Cuireann na Coimisinéirí Ioncaim eolas ar fáil don phobal go rialta faoi láthair maidir lena gcuid feidhmeanna, gníomhaíochtaí agus scéimeanna. Cuirfear eolas den sórt sin ar fáil go leanúnach agus mar sin ní bheidh sé ag teastáil an tAcht um Shaoráil Faisnéise a úsáid. Tá an tAcht um Shaoráil Faisnéise ann chun cead a thabhairt do bhaill an phobail rochtain a fháil ar eolas atá i seilbh comhlachtaí poiblí agus NACH mbíonn ar fáil go rialta.
Tá dhá fhoilseachán an-tábhachtacha ag na Coimisinéirí Ioncaim a chuireann eolas ar fáil go réidh:
Tugann an Treoir seo mionsonraí ar:
- Struchtúr Ioncaim agus cur síos gairid ar na gníomhaíochtaí a bhíonn ar siúl i ngach Rannán laistigh den Ioncam
- An sórt eolais i seilbh gach Rannáin
- Pointí teagmhála le haghaidh eolais faoi Shaoráil Faisnéise a rochtain
- Na nósanna imeachta chun iarratais a dhéanamh faoi Sháoráil Faisnéise
- An réimse leathan eolais ar fáil cheana don phobal nach mbíonn iarratas a dhéanamh faoi Shaoráil Faisnéise ag teastáil dó. Na bealaí achomhairc atá ar fáil do gach duine nach mbíonn sásta le cinneadh a dhéanann na Coimisinéirí Ioncaim agus na nósanna imeachta a bhaineann leo
- An nós imeachta achomhairc sa chás go ndiúltofar iarratas Saorála Faisnéise (go hiomlán nó i bpáirt).
Nuashonrófar an Treoir de réir mar a athraíonn struchtúir agus feidhmeanna Ioncaim.
Lámhleabhair Cánach agus Dleachta
Is sraith Lámhleabhar Cánach agus Dleachta an dara fhoilsiúchán atá ag teastáíl faoi Alt 16 den Acht um Shaoráil Faisnéise. Áirítear sna Lámhleabhair sin, mar shampla:
- Na rialacha, treoirlínte, nósanna imeachta agus cleachtais, ag clúdach réimse iomlán gníomhaíochtaí Ioncaim, a úsáideann foireann na gCoimisinéirí Ioncaim agus iad ag déanamh cinní
- Eolas ar réimse iomlán gníomhaíochtaí Ioncaim ó mheasúnú agus bailiúchán Cánacha go gníomhaíochtaí Custaim agus Máil
- Eolas ar chánacha agus dleachtanna ó Cháin Ioncaim go Cáin Chláraithe Feithicle agus dleachtanna Máil ar bhiotáillí
- Fasaigh a chuirimid san áireamh agus cinní á ndéanamh againn.
