Lámhleabhair Cánach & Dleachta - Alt 16
Is foilseachán mór é seo atá dlite faoi Alt 16 den Acht um Shaoráil Faisnéise. Toisc go bhfuil méid mór ábhair i gceist, agus ar mhaithe le rochtain a éascú, tá na lámhleabhair briste síos de réir tagartha do chánacha, dleachtanna agus sainábhair eile.
Sna lámhleabhair seo tá:
- Na rialacha, na treoirlínte, na nósanna imeachta, na cleachtais agus na fasaigh, a bhaineann le réimse iomlán gníomhaíochta na gCoimisinéirí Ioncaim, agus a úsáideann foireann oibre na gCoimisinéirí nuair a bhíonn cinntí á ndéanamh.
- Eolas maidir le réimse iomlán gníomhaíochta na gCoimisinéirí Ioncaim, ó mheasúnú agus bailiú Cánacha go gníomhaíochtaí Custaim agus Máil.
- Eolas maidir le cánacha agus dleachtanna, ó Cháin Ioncaim go Cáin Cláraithe Feithiclí agus Dleacht Mháil ar bhiotáille.
- Níl sna lámhleabhair seo ach eolas maidir le hábhair a bhfuil saintreoracha eisithe ag foireann na gCoimisinéirí Ioncaim.
Cé go ndéantar gach iarracht a chinntiú go bhfuil an t-eolas sna lámhleabhair seo cruinn, ní doiciméid dhleathacha iad. Ní féidir freagracht a ghlacadh i leith aon dliteanais a thabhaítear nó as caillteanas ar bith a éiríonn as brath ar aon ábhar atá foilsithe iontu.
An tAcht um Shaoráil Faisnéise, 1997
Tugann an tAcht um Shaoráil Faisnéise 1997, na nithe seo a leanas don phobal:
- An Ceart rochtain a lorg ar thaifid
- An Ceart chun ceartú a dhéanamh ar eolas atá neamhiomlán, mícheart nó míthreorach
- An Ceart chun fáthanna a fháil mar gheall ar chinneadh a dhéanann comhlacht poiblí.
