Na Coimisinéirí Ioncaim thar na Blianta
Réamhrá
An 21 Feabhra 1923, sé mhí tar éis do Michael Collins bás a fháil, tháinig an mhian i gcrích a léiríodh sa litir dheireanach b'eol a bheith aige. An dáta sin, tugadh formheas críochnaitheach don chuspóir aige chun comhlacht eagraithe a bhunú a bhaileodh ioncam an Stáit, nuair a rinneadh dlí d'Ordú 2/23 an Rialtais. Ag bunú Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, luadh in Ordú 2/23 go mbeadh Bord aonair ag na Coimisinéirí Ioncaim. Bheadh an Bord comhdhéanta de thrí Choimisinéir, agus bheadh duine díobh siúd ina Chathaoirleach agus ina Oifigeach Cuntasaíochta. Bheadh Príomhoifig an Bhoird i mBaile Átha Cliath.
Ceapadh William O' Brien, ón gCeapach Mhór, Contae Luimnigh, ó dhúchas, ina chéad Chathaoirleach. Ainmníodh Joseph Flynn agus William Denis Carey mar an bheirt Choimisinéir. Ó Chorcaigh ó dhúchas ab ea an bheirt Choimisinéir. D'oibrigh siad go léir roimhe sin sna Coimisinéirí Ioncaim Intíre sa RA nó sna Seirbhísí Custaim & Máil.
Sonraíodh san Ordú go mbeadh na Coimisinéirí Ioncaim, i bhfeidhmiú a ndualgas, faoi réir ag rialú an Aire Airgeadais agus go ngéillfeadh siad do na treoracha go léir arna n-eisiúint dóibh chun na críche sin ag an Aire. An 13 Márta 1923, rinne an tAire Airgeadais soiléiriú breise ar ról na gCoimisinéirí Ioncaim, mar seo a leanas:
"Cé go mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim freagrach go díreach don Aire Airgeadais as Seirbhísí Ioncaim a riaradh, gníomhóidh na Coimisinéirí ar leithligh ó rialú an Aire i bhfeidhmiú na gcumhachtaí reachtúla a dhílsítear dóibh maidir le dliteanas an cháiníocóra aonair." Athdhearbhaíodh an dearcadh seo ag Airí i rith na mblianta i ndíospóireachtaí éagsúla Oireachtais.
Bhí sé mar shainordú ag Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim dul i mbun na bhfeidhmeanna go léir a rinne Coimisinéirí an Ioncaim Inmheánaigh agus na Coimisinéirí Custaim & Máil roimhe sin laistigh den Stát. Cuireadh Bord aonair i gceannas ar an ioncam go léir a bhailiú, dá bharr san. Agus díospóireacht á déanamh ag an Rialtas roimhe sin, diúltaíodh do thograí le haghaidh Bord ar leith do na Coimisinéirí Ioncaim Inmheánacha agus do Chustam & Mál.
Bhí sé riachtanach athchóiriú mórscála a dhéanamh ar reachtaíocht ioncaim an RA sula bhféadfadh Oifig nua na gCoimisinéirí Ioncaim feidhmiú. Tugadh éifeacht dhlíthiúil do na dlíthe a achtaíodh roimh an Chonradh, ar an gcoinníoll nach raibh siad contrártha do Bhunreacht Saorstát Éireann. Go sainráite, tugadh ar aghaidh ó roinn riaracháin an RA an chuid is mó den reachtaíocht a bhí ag teastáil chun cánacha agus chun dleachtanna a chruinniú. Mar an gcéanna, níor tháinig athrú ar na tráchtearraí nó seirbhísí a bhain dleachtanna nó cánacha leo. Cuireadh an mheicníocht dhlíthiúil i bhfeidhm go tapa a bhí riachtanach chun na críocha seo agus measadh go raibh éifeacht leis ón 1 Aibreán 1923 ar aghaidh. Bhí Cogadh na Saoirse agus an Cogadh Cathartha tar éis robach a dhéanamh ar chúrsaí airgeadais na tíre. Chun go dtiocfadh Saorstát Éireann slán, bhí sé riachtanach cánacha agus dleachtanna a bhailiú ar an Státchiste.
Bailíodh ioncam sna príomhréimsí seo a leanas sa Stát nua:
- Dleachtanna Custaim ar earraí allmhairithe
- Dleachtanna máil ar bheoir, ar bhiotáille, ar thobac, ar fhíon agus ar olaí hidreacarbóin
- Ceadúnais le haghaidh tábhairneoirí, grúdairí agus driogairí
- Cáin Ioncaim agus Forcháin
- Dleachtanna Eastáit agus Dleachtanna Stampála
Cuireadh an Bord, an reachtaíocht agus na cinn cánacha i bhfeidhm. Ach cad faoin saineolas gairmiúil a bhí riachtanach chun a chinntiú go n-athrófaí bailiúchán ioncaim ar an mbealach ba rianúla agus ab fhéidir? Thug Alt 10 den Chonradh an rogha do státseirbhísigh aistriú go dtí Saorstát Éireann nó fanacht le roinn riaracháin an RA. Laistigh de na Coimisinéirí Ioncaim, chinn mórán de na daoine ó Éirinn go n-aistreodh siad. I measc na ndaoine seo bhí Bill McGarry, duine de líon beag na n-oifigeach marthanach, a tháinig chun a bheith ina Phríomhchigire Cánacha roimh i bhfad. Duine eile ab ea Maurice Walsh nach maireann, a bhain clú amach go hidirnáisiúnta ina dhiaidh sin mar údar. Ó Lios Eiltín, in aice le Lios Tuathail, chuaigh Walsh isteach i Seirbhís Custaim an RA mar fhear Custaim nó Tomhasaí sna 1890idí. Faoi choinníoll an Chonartha, ráthaíodh cearta áirithe tuarastail agus coinníollacha do na hoifigigh, mar Maurice Walsh agus Bill McGarry, a d'aistrigh ó roinn riaracháin an RA. Bhí na coinníollacha seo bailí ar feadh idirthréimhse seacht mbliana. Bhí an t-aistriú níos tarraingtí arís dá bharr san.
Tháinig freagrachtaí na gCoimisinéirí Ioncaim faoi na chatagóirí seo a leanas:
(a) Custam & Mál
Ba iad na Maoirseoirí Custaim & Máil, a bhí freagrach go díreach don Bhord, a bhí i gceannas ar an réimse seo. Bhí Bailitheoirí Custaim & Máil, a rinne gach duine díobh Bailiúchán a bhainistiú, freagrach do na Maoirseoirí. Bhí a leithéid de Bhailitheoirí éagsúla i mBaile Átha Cliath, lena n-áirítear Ard-bhailitheoir. Roinneadh an chuid eile den tír i mBailiúcháin Custaim & Máil Chorcaigh, Phort Láirge, na Gaillimhe agus Luimnigh.
Ba í an roinn Custaim & Máil an roinn ba mhó in Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim. Bailíodh breis is 75% de na hioncaim ag an am sin trí dhleachtanna agus trí cheadúnais Custaim & Máil. Bhí baill foirne scaipthe ar fud na tíre agus leis an bhfírinne a rá, ní raibh ach roinnt bailte in Éirinn nach raibh oifigeach Custaim & Máil ann. De bharr na bhfeidhmeanna éagsúla aige, rinneadh Custam & Mál a fhoroinnt a thuilleadh mar seo a leanas:
Oifigigh Custaim agus Máil
Rinneadh Oifigigh Custaim & Máil a earcú trí scrúdú speisialta agus tugadh Tomhasaithe orthu freisin. D'oibrigh siad sna poirt, sna hiostaí poist bheartáin agus sna stáisiúin nua bóthair ar an teorainn talún agus rinne siad earraí le honnmhairiú agus le hollmhairiú a scrúdú agus a imréiteach. Chun an obair seo a dhéanamh bhí sé riachtanach dóibh bheith ábalta bairillí biotáille agus fíona a thomhas, d'fhonn an dleacht cheart a leagadh amach. Sin fáth an téarma tomhasaí. Bhí cónaí ar Oifigigh Custaim & Máil i ngach grúdlann, drioglann agus trádstóras faoi bhanna agus rinne siad iniúchadh ar thithe tabháirne le haghaidh ceadúnas agus chun a chinntiú nach raibh ach biotáille, go raibh dleacht íoctha ina leith, á díol. Sa bhliain 1923, bhí Custam & Mál freagrach freisin as phinsin seanaoise, a tugadh isteach trí bliana déag roimhe sin. Bá é Comhaltas Cána cumann foirne na nOifigeach Custaim & Máil.
Custam & Mál Coisctheach
Ba é an brainse seo ar leith, brainse faoi éide an Chustaim & Mháil. I measc nithe eile, bhí siad freagrach as longa agus as árathaí ó thíortha eile a bhordáil agus a chuardach, as tuarascálacha long a ghlacadh, as teastais sláinte, as rialuithe áirithe inimirce, as phaisinéirí agus as a bagáiste a scrúdú agus a imréiteach, as garda síochána a chur ar an teorainn talún agus as déileáil le hallmhairiú sealadach mótarfheithcilí agus paisinéirí. Rinne Cumann na Foirne Coiscthí ionadaíocht don bhrainse seo.
Custam & Mál Istigh
D'oibrigh Custam & Mál Istigh i dTithe an Chustaim don chuid is mó, ag déileáil le gnéithe cléireachais na ndoiciméad Custaim sular cuireadh faoi bhráid Oifigeach an Chustaim & Mháil iad chun na doiciméid sin a imréiteach. Bhí baill foirne Custaim & Máil freagrach as na dleachtanna agus as an airgead a fuarthas agus as iad seo a chur ar aghaidh ina dhiaidh sin chuig an Ard-chuntasóir. Rinne siad an chuid is mó de cheadúnais Ioncaim a eisiúint, choinnigh siad tuairisc ar thuarascálacha long agus rinne siad taifid thábhachtacha a choimeád de chomhaid long. Rinne Cumann na Foirne Istigh ionadaíocht don chomhlacht seo.
Cé go raibh na brainsí Custaim & Máil nasctha lena chéile go doréitithe, d'oibrigh gach ceann díobh beagnach ar leithligh ó na brainsí eile. Ó thús ar aghaidh, d'aistrigh baill foirne idir an grád Istigh agus grád an Oifigigh Custaim & Máil. Sa bhliain 1923, bhí 995 duine ag obair sna trí bhrainse Custaim & Máil seo.
(b) Cáin Ioncaim.
Bhí an Príomhchigire Cánacha i gceannas ar Cháin Ioncaim, ar Fhorcháin agus ar Cháin Bhrabúis Chorparáide a mheasúnú agus a bhailiú. Bhí a struchtúr grádaithe comhdhéanta de Phríomhchigirí Cánacha, de Chigirí Ardghráid, de Chigirí ar éirigh leo i scrúdú na roinne don choimisiún, de Chigirí Cúnta, d'Oifigigh Cánacha Ardghráid, d'Oifigigh Cánacha agus de Chléirigh Cánach. Chomh fada siar leis an mbliain 1923, measadh go raibh sé riachtanach do Chigirí Cánacha a thaispeáint go raibh eolas bunúsach acu ar phrionsabail na cuntasaíochta maidir leis an dlí agus le cleachtas Cánach Ioncaim, sular ceapadh go raibh siad inniúil chun obair a dhéanamh mar Chigire Cánacha. D'fhan timpeall is 20 Cigire Cánacha, "ar iasacht" ón RA, leis an bPríomhchigire nua, chun cabhair a sholáthar i rith na mblianta agus athruithe á gcur i bhfeidhm. Rinneadh Cánacha a riaradh trí Cheantair Cánach timpeall na tíre. Sa roinn riaracháin nua, chruthaigh Oifigigh Cánach a gcumann foirne féin - Cumann na nOifigeach Cánacha (CNC). Rinne Cumann na gCigirí Cánacha (CCC), a rinneadh aonán Éireannach ar leith den bhliain roimhe sin, ionadaíocht do na Cigirí. Sa bhliain 1923, bhí an Príomhchigire Cánacha i gceannas ar líon iomlán 374 ball foirne.
(c) Oifig na nDleachtanna Eastáit
Déileáladh go príomha le Dleachtanna Báis sa réimse seo. Dleacht athraithe nó dleacht aistrithe ab ea Dleachtanna Báis a gearradh ar réadmhaoin an duine a fuair bás agus bhí siad bunaithe ar an méid a d'fhág an duine marbh taobh thiar de nó di seachas ar an méid a fuair an tairbhí. Bhí forálacha Dleachta Báis an-choimpléascach agus bhí siad nasctha go doréitithe leis na dlíthe a bhí ag rialú dhéabhlóid na réadmhaoine. Cé gur earcaíodh grád iontrála an Scrúdaitheora Cúnta chuig Oifig na nDleachtanna Eastáit ó scrúdú oscailte na nOifigeach Feidhmiúcháin, bhain an chuid is mó de na hoifigigh a bhí ag déileáil le Dleachtanna Báis céim amach mar abhcóide. Le seacht mball foirne is fiche, bhí Oifig na nDleachtanna Eastáit bunaithe go hiomlán i mBaile Átha Cliath.
(d) Rúnaíocht na gCoimisinéirí Ioncaim
Ceangailte le ceannoifig na gCoimisinéirí Ioncaim, bhí an Rúnaíocht freagrach as reachtaíocht Ioncaim a leagadh amach, i measc nithe eile. D'oibrigh Rúnaíocht na gCoimisinéirí Ioncaim agus an Roinn Airgeadais as lámha a chéile agus páirt ghníomhach á glacadh acu i dtograí Buiséid agus in athruithe cánachais nó dleachtanna. Déileáladh sa Rúnaíocht freisin le hachomhairc in aghaidh cinntí a bhí déanta ag baill foirne tosaigh na gCoimisinéirí Ioncaim. Gné thábhachtach d'obair na Rúnaíochta ab ea í, an comhionannas cleachtais a chinntiú ar fud na tíre. Dhréachtaigh an Rúnaíocht freagairtí ar Cheisteanna Parlaiminteacha. I dtosach, bhain mórán ceisteanna le cúrsaí na gCoimisinéirí Ioncaim.
(e) Seirbhísí Coitianta
Mar a thugann an téarma le tuiscint, déileáladh sa réimse seo le cúrsaí ba choiteann do gach brainse de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim. Le breis is 1,750 ball foirne sa bhliain 1923, bhí Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim ar cheann de na fostóirí ba mhó sa Stát. Is amhlaidh go raibh níos mó daoine ag obair do na Coimisinéirí Ioncaim ar an iomlán ná líon iomlán na ndaoine a bhí ina gcónaí i mórán bailte in Éirinn ag an am. Bhí sé riachtanach comhtháthú agus comhionannas cleachtais a chothú san eagraíocht. Chun na críche sin, cruthaíodh an Brainse Pearsanra chun aire a thabhairt do chúrsaí foirne i ngach brainse agus chun déileáil le cumainn foirne. Mar an gcéanna, déileáladh leis na cánacha agus leis na dleachtanna go léir a fuarthas, chomh maith le híoc tuarastal foirne, in Oifig an Ard-chuntasóra. Sa bhliain 1923, bhí 107 ball foirne i mBrainse an Ard-chuntasóra de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim agus 152 ball foirne sna Seirbhísí Coitianta/sa Rúnaíocht.
(f) An Brainse Stampála
Rinneadh an chuid is mó de phriontáil slándála an Rialtais sa réimse seo de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim nuair a bunaíodh an Stát ar dtús. Ní amháin gur déileáladh sa Bhrainse Stampála le priontáil slándála na gCoimisinéirí Ioncaim féin, ach rinneadh stampaí postála a phriontáil freisin don Roinn Poist agus Telegrafa. Ina theannta sin, rinneadh ceadúnais, orduithe poist, cairteacha coigiltis agus leabhair phinsin a phriontáil. Roimh an Chonradh, rinneadh roinnt priontála agus stampála slándála i Londain ar son na hÉireann. Pacáilte i gcrúbóga séalaithe, chuaigh oifigeach ón oifig i mBaile Átha Cliath in éineacht leis na doiciméid. D'fhan an t-oifigeach i Londain agus an stampáil á déanamh i "Somerset House". Tar éis don Stát a bhunú, tugadh oifigigh RA éagsúla ó "Somerset House" ar iasacht d'Éirinn chun Brainse Stampála nua bhunú. Tar éis do na hoifigigh seo imeacht, bhí Bulmer Hobson ina chéad Stiúrthóir Stampála in Éirinn. Ó phór Chumann na gCarad i dTuaisceart Éireann, bhí lámh beo ag Hobson in Óglaigh na hÉireann agus i mBráithreachas Phoblacht na hÉireann. Páirteach leis an drámaíocht in Éirinn, chuir Bulmer Hobson leabhar in eagar maidir le hAmharclann an Gheata i mBaile Átha Cliath. Bhí Brainse Stampála i gCorcaigh freisin, brainse atá ag feidhmiú fós faoin mBailitheoir Custaim & Máil.
(g) An tAturnae Ioncaim
De bharr nádúr an bhailiúcháin cánach agus dleachta, bhí Aturnae Ioncaim ann i gcónaí chun déileáil leis na ceisteanna dlíthiúla a bhí i dtrácht. Tá bunús dlí le gach gné d'obair na gCoimisinéirí Ioncaim. Agus Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim á bunú, bhí sé dhuine dhéag, lena n-áirítear an tAturnae Ioncaim, ag obair sa réimse seo. Bhí Richard J Martin ina chéad Aturnae Ioncaim agus bhí Bartholomew Collins ina chéad Aturnae Ioncaim Cúnta. Ón Ráth, Contae Chorcaí ó dhúchas, tháinig Collins isteach in ionad Martin nuair a chuaigh Martin ar scor go luath tar éis d'Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim a bhunú. D'fhan sé sa phost sin go dtí go ndeachaigh sé ar scor cúig bliana déag ina dhiaidh sin. Bhí meas forleathan ag gairm bheatha dhlíthiúil na hÉireann ar an bhfoilseachán aige maidir le Dleacht Eastáit.
Mar sin, chuaigh an oifig nua a bhí bunaithe, sin Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, i mbun oibre sa bhliain 1923. Ní amháin go raibh an Stát óg ina cíor thuathail ach rinneadh damáiste freisin don chuid is mó d'fhoirgnimh phoiblí. Bhain mórimpleachtaí do na Coimisinéirí Ioncaim le dó Theach an Chustaim álainn Seoirseach i mBaile Átha Cliath. Agus an Bhreatain i gceannas ar Éirinn, ba é Teach an Chustaim ceanncheathrú na gCoimisinéirí Ioncaim in Éirinn. Tar éis dóibh a bheith lonnaithe go hachomair i Seanóstán "Jury's", Faiche an Choláiste, d'aistrigh an Bord, an Rúnaíocht agus Oifig na nDleachtanna Eastáit go dtí Caisleán Bhaile Átha Cliath. D'aistrigh an Brainse Stampála go dtí an Caisleán freisin, áit inar cuireadh isteach i mBloc 16 é, faoi bhun na Seomraí Stáit atá ann i láthair na huaire. Áit ina bhfuil taibhsí, cuireadh James Connolly i bpríosún anseo i mBloc 16 sular cuireadh chun báis i bPríosún Chill Mhaighneann é. Sa bhliain 1923, ag feitheamh le hobair athchóirithe a dhéanamh ar na Cheithre Chúirt, tionóladh suíonna Cúirte san áit ina bhfuil na Seomraí Stáit anois. Bhí sé riachtanach síleáil bhréagach olainne cadáis agus mine sáibh a chruthú os cionn na meaisíní stampála, d'fhonn na leibhéil torainn a laghdú a bhí le cloisteáil sna Cúirteanna os cionn na meaisíní.
Nuair a scriosadh na foirgnimh phoiblí, chaill na Coimisinéirí Ioncaim mórán doiciméad agus páipéar luachmhar. Bhí Oifig na nDleachtanna Eastáit, a bhíonn ag brath go mór ar fhasach dlíthiúil, suaite go dona i dtaca leis seo. Liam Walsh, a d'oibrigh in Oifig na nDleachtanna Eastáit, is cuimhin leis go ndúirt comhghleacaí níos sine leis go raibh orthu tosú arís nuair a bunaíodh roinn riaracháin nua na gCoimisinéirí Ioncaim ar dtús. Mar an gcéanna, cailleadh mórán comhad Custaim & Máil agus Cánach Ioncaim.
Deacracht eile a bhí os comhair Oifig nua na gCoimisinéirí Ioncaim ab ea an méid riaráistí cánach. Roimh an Chonradh, cuireadh in aghaidh cánacha a íoc, a bhí dlite leis an gcoróin roimhe sin, agus measadh go raibh an neamhchomhlíonadh tírghrách. Is amhlaidh go raibh fadhbanna ag baint leis na riaráistí seo ar feadh na mblianta fada ina dhiaidh sin.
Nuair a bunaíodh Saorstát Éireann, cruthaíodh teorainn talún nó an Teorainn le Tuaisceart Éireann. Is cuid bhunúsach í an teorainn seo, atá 250 míle ar fhad agus a théann trí pháirceanna, trí choillte agus trí thithe (i gcásanna áirithe), de chuntas ar bith a thugtar ar an gcúig bliana is seachtó atá slánaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim. Bhí sé leagtha amach go dtiocfadh sí i bhfeidhm an 1 Aibreán 1923, agus bhain deacrachtaí ollmhóra praiticiúla léi do na Coimisinéirí Ioncaim. Gan ach sé sheachtain fágtha go dtí go dtiocfadh an teorainn talún i bhfeidhm, bhí sé riachtanach poist talún agus stáisiúin bóthair a bhunú. Bhí sé riachtanach freisin baill foirne a athlonnú. Bhí sé riachtanach bóithre a ainmniú a n-úsáidfí chun earraí a iompar agus bhí sé riachtanach freisin aird a thabhairt d'fhadhbanna na mBóthar Neamhcheadaithe. Cosúil leis an gceist maidir le riaráistí cánach, níor glacadh go huilíoch leis na socruithe le haghaidh na teorann talún. Gafa sa croslámhach polaitiúil a bhí ina chuid den Chogadh Cathartha a bhí fós ar siúl, bhí sé riachtanach do na fir Custaim & Máil ar an teorainn talún aghaidh a thabhairt ar an easchairdeas agus ar an imeaglú. Leis an bhfírinne a rá, i dtosach, bhí sé riachtanach do bhaill foirne Custaim & Máil cúnamh a fháil ón arm chun a gcuid gnó a dhéanamh ag na poist teorainn. Bhí an ghairm bheatha ba shine i gceantair na teorann - An smuigléir - mar thoradh air freisin.
I gcoinne an chúlra seo, d'fhéadfadh an léitheoir an cheist a chur, cén fáth an mbreithneodh aon duine ar obair a dhéanamh do na Coimisinéirí Ioncaim. Ach bhí breithniúcháin agus cúitimh eile ann freisin. Ba é an tírghrá an bhunchúis ba thábhachtaí, chomh maith le tiomantas do theacht slán Stát na hÉireann, Stát a raibh muintir na hÉireann i gceannas air. Ina theannta sin, daoine móra Gaeilge ab ea mórán de na daoine a chinn go n-aistreodh siad go dtí an roinn riaracháin nua. I gcéin is i gcóngar in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór, chothaigh siad a n-oilteacht agus d'fhan siad go díocasach le go raibh siad ábalta an Ghaeilge a labhairt agus a scríobh i mbealach níos oscailte. I measc na ndaoine seo bhí Seán Ó Catháin, Seán Ó Ciarghusa, Donnchadh Ó Liatháin, Micheál Ó Griobhtha agus mórán daoine eile a chuir an Ghaeilge chun cinn ach a bhí ina scríbhneoirí torthúla as Gaeilge freisin. Is amhlaidh gur chabhraigh Micheál Ó Griobhtha ina dhiaidh sin le leagan Gaeilge an Bhunreachta (Bunreacht na hÉireann) a chur le chéile agus comhairle a chur ar fáil maidir leis. Tá cosúlacht láidir na díograise tírghrá le feiceáil i litreacha Maurice Walsh dá bhean chéile Caroline, a bhí ina cónaí ag an am sin san Albain agus a bhí ag fanacht le bogadh go hÉirinn. Thug oifigeach eile na gCoimisinéirí Ioncaim sa Stát nua an cur síos seo a leanas air: "luan rómánsúil, atmaisféar ina raibh ré na gceannródaithe fós á mothú ann."
- 1923 - 1931
- 1932 - 1940
- 1941 - 1949
- 1950 - 1958
- 1959 - 1967
- 1968 - 1976
- 1977 - 1985
- 1986 - 1994
- 1995 - 1998
