Ainmniú Abhcóide
Cuireann Aturnae Ioncaim seirbhís tacaíochta chuimsitheach dlíthiúil ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim ag gníomhú agus ag tabhairt comhairle maidir le hábhair go léir faoina gcúram agus faoina mbainistíocht lena n-áirítear stiúradh dlíthíochta agus achomhairc agus ionchúiseamh cionta coiriúla. Tá timpeall daichead pearsanra foirne ag Oifig Aturnae na gCoimisinéirí Ioncaim ina bhfuil aturnaetha, oifigigh dlí agus foireann tacaíochta.
Féadfaidh Abhcóide ar mhaith leo a bheith curtha san áireamh le haghaidh obair thuairimí agus/nó obair chúirte an fhoirm iarratais a chomhlánadhm
Foirm Iarratais Abhcóide. (MS Word, 30KB) Ba cheart an fhoirm chomhlánaithe agus shínithe, in éineacht le Deimhniú Imréitigh Cánach nuashonraithe, a chur chuig:
Aturnae na gCoimisineirí Ioncaim,
Ship Street Gate,
Caisleán Bhaile Átha Cliath,
Baile Átha Cliath 2.
Nó seol ríomhphost chuig: RevSolrCustServ@revenue.ie
