Athbhreithniú an Bhoird ar 2010

Tuarascáil Bhliantúil 2010

An ochtó Tuarascáil Bhliantúil is ochtú de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2010, lena n-áirítear dul chun cinn maidir le Ráiteas Straitéise na gCoimisinéirí Ioncaim a chur i bhfeidhm, i gcomhréir leis an Acht um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997, curtha faoi bhráid an Aire Airgeadais.

Aibreán 2011

Josephine Feehily, Cathaoirleach

Josephine Feehily
Cathaoirleach

Michael O'Grady, Coimisinéir

Michael O'Grady
Coimisinéir

Liam Irwin, Coimisinéir

Liam Irwin
Coimisinéir


Athbhreithniú an Bhoird ar 2010

Chrap geilleagar na hÉireann go géar ar feadh dhá bhliain ach bhí comharthaí le sonrú ag deireadh 2010 a thug le fios, bíodh is go raibh an crapadh ar siúl i gcónaí, go raibh maolú ag teacht ar air. I dtéarmaí airgeadais, b’ábhalmhór an t-athdhaingniú a rinneadh trí ghearradh siar, áfach. B’fhiú €31.9 billiún na glanfháltais chánach agus dleachta in 2010 agus bíodh is go raibh siad 2.25% níos airde ná spriocanna an Bhuiséid bhí siad tite síos go leibhéal na bliana 2003, agus 33% níos lú ná buaicfháltais na bliana 2007. In ainneoin sin is uile, tháinig cobhsú ar na fáltais le himeacht na bliana agus i rith na dtrí ráithe dheireanacha sháraigh siad a raibh á thuar fúthu. Ba é an borradh a tháinig ar fháltais ó Cháin Chorparáide ba mhó a thacaigh leis an gcobhsú sin. Mar sin féin bhí fáltais ó Cháin Ioncaim lag, rud a léirigh an laghdú forleathan a bhí ag teacht ar phá agus an fás a bhí ag teacht ar dhífhostaíocht.

Tharla laghdú 1.6% bliain ar bhliain ar fhiach cánach iomlán gan íoc go €2.08 billiún bíodh is go bhfuil sé fós ard. Tharla laghdú 3.8% go €1.39 billiún ar an bhfiach a bhí ar fáil le bailiú.

Níor tharla aon athrú in 2010 ar an ráta maidir le géilliúntas tráthúil agus ba shuntasach an rud é sin i bhfianaise na gcúrsaí dúshlánacha eacnamaíochta agus airgeadais ina bhfuil gnólachtaí ag feidhmiú.

Tá a lán gnólachtaí agus daoine aonair ag déanamh a míle dícheall ag iarraidh a mbillí a íoc agus ar an ábhar sin ní mór a bheith an-tuisceanach agus breith chríonna a thabhairt má tá ardleibhéal géilliúntais thráthúil le coinneáil. Bíonn rún againn agus muid i mbun oibre gan ualaí róthroma a leagadh ar cháiníocóirí a bhfuil fadhbanna sealadacha acu maidir le sreabhadh airgid. Is féidir linn socruithe malartacha íocaíochta a dhéanamh agus déanaimid é sin le cabhrú lenár gcustaiméirí má bhíonn deacrachtaí acu. In ainneoin sin is uile, ní iasachtóir na dála deiridh iad na Coimisinéirí Ioncaim agus is é an bunphrionsabal atá againn ná a chinntiú go n-íoctar gach cáin atá dlite agus cothroime a chinntiú dár gcustaiméirí go léir. Molaimid arís agus arís eile do cháiníocóirí a bhfuil fadhbanna acu ó thaobh sreafa airgid de teagmháil a dhéanamh linn a luaithe agus is féidir.

Tá cur chuige meáite den chineál céanna ag seirbhís Chustaim na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le cosaint teorainneacha na tíre. Bíonn ár n-idirghabhálacha bunaithe ar fhaisnéis agus ar rioscaí. Leagtar amach iad chun an toradh is mó a fháil agus gan cur isteach ach an oiread is lú ar thrádáil dhlíthiúil. Lena chois sin leagamar amach ár n-idirghabhálacha le dul i ngleic leis na hábhair imní faoi chúrsaí slándála idirnáisiúnta agus d’oibríomar i gcomhar le lucht Custaim agus le gníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú dlí thar lear le dul i ngleic le coirpeacht eagraithe agus le bagairtí sceimhlitheoirí.

D'fhág 227 ball foirne an tseirbhís anuraidh agus d’éirigh linn cuid de na príomhfholúntais a líonadh trí chlár spriocdhírithe earcaíochta, lena n-áirítear glacadh le hiarrthóirí ó lasmuigh den earnáil phoiblí. Beidh orainn díriú go ceann i bhfad ar an gcailliúint mhór eolais chorparáidigh seo a mhaolú trínár mbeartais earcaíochta agus oiliúna.

Ní raibh ról chomh tábhachtach riamh ag na Coimisinéirí Ioncaim i sochaí na hÉireann. Ós rud é go bhfuil cás eacnamaíochta na tíre mar atá caithfimid ár míle dícheall a dhéanamh le cabhrú leis an Rialtas cúrsaí airgeadais na tíre a chur ina gceart. Ciallaíonn ár Misean: 'Freastal ar an bpobal trí chánacha agus dhleachtanna a bhailiú go cothrom agus go héifeachtach agus trí rialuithe Custaim a chur i bhfeidhm' go bhfuil an obair a bhíonn ar siúl againn gach lá inár n-oifigí ar fud na tíre lánriachtanach do leas mhuintir na hÉireann agus do leas ár ngeilleagair amach anseo. Tá jab maith á dhéanamh againn in ainneoin na dtosca dúshlánacha atá le réiteach againn (nó b’fhéidir de bharr na dtosca dúshlánacha sin). Tugadh aitheantas neamhspleách don obair atá á déanamh againn i gClár Athbhreithnithe Eagraíochtúil an Rialtais.

Ar Ais go Barr

Ár dTreoir Straitéiseach a Chóiriú

Rinneamar athbhreithniú le linn 2009 ar ár Ráiteas Straitéise 2008 - 2010 le féachaint ar oir sé fós do chúrsaí i dtimpeallacht eacnamaíoch a bhí ag athrú go tapa. De bhun an Ráitis Straitéise athbhreithnithe scaipeamar scéal i measc ár bhfoirne in Eanáir 2010 ag insint faoinár bpríomhthosaíochtaí corparáide don bhliain a bhí romhainn chun go dtuigfeadh gach aon duine cad atá romhainn mar eagraíocht.

D'eagraíomar próiseas comhairliúcháin ar fud na heagraíochta ní ba dhéanaí sa bhliain, ag baint leasa as an inlíon, ag iarraidh moltaí a fháil ón bhfoireann i gcomhair ár Ráitis Straitéise don tréimhse 2010 - 2013. Bhí próiseas forleathan comhairliúcháin againn lenár bpáirtithe leasmhara seachtracha freisin. Bhí an-tionchar ag an bpróiseas comhairliúcháin ar an doiciméad deireanach.

Bailiú

B’fhiú €31.92 billiún luach na nglanfháltas, rud a bhí beagán ós cionn €0.7 billiún (2.25%) níos airde ná meastachán an Bhuiséid, ach €1.36 billiún (4.1%) níos ísle na figiúr na bliana 2009.

Bhí laghdaithe bliain ar bhliain le sonrú i mbeagnach gach ceannteideal cánach agus ba é an Cháin Ghnóthachan Caipitiúil a léirigh an titim ba mhó. Bhí na fáltais sa chás sin 36.7% níos lú ná figiúr na bliana 2009. A mhalairt ar fad a tharla i gcás na bhfáltas Custaim agus Cáin Chorparáide ar tháinig méaduithe 10.1% agus 1.4% orthu faoi seach.

Bá í 2010 dara bliain an Tobhaigh Ioncaim agus tháinig méadú 27.1% go €1.45 billiún air.
[Tábla 2: Ioncam Iomlán/Glanfháltais].

Ar Ais go Barr

Bainistiú Fiach

Ba é €1,389 milliún an fiach a bhí ann le bailiú in 2010, i gcomparáid le €1,443 milliún in 2009. Ba é méid an fhéich a bhí ar fáil lena bhailiú mar chéatadán de na hollfháltais iomlána ná 2.92%, thuas ó 2.8% i 2009. Ba é €472 milliún an fiach os cionn 3 bliana d’aois a bhí ar fáil le bailiú in 2010, méadú ar an €366 milliún a bhí ann in 2009.

Tá samhail á forbairt ag na Coimisinéirí Ioncaim chun anailís agus réamh-mheastachán a dhéanamh ar an bhfiach atá ar fáil le bailiú.

Géilliúntas

Bíonn dúshlán le sárú ag na Coimisinéirí Ioncaim i gcónaí maidir le neamhchomhlíonadh ach méadaíonn an dúshlán sin nuair a tharlaíonn cor chun donais eacnamaíoch. Ó tá tosca eacnamaíochta na hÉireann imithe chun donais agus ó tá géarchéimeanna airgeadais á bhfulaingt ag a lán gnólachtaí agus iad ag déanamh a ndícheall le cinntiú nach gclisfidh orthu, agus ó tá laghdaithe suntasacha tagtha ar ioncaim cáiníocóirí, is léir go dtiocfaidh fás mór ar neamhchomhlíonadh mura dtugann na Coimisinéirí Ioncaim aghaidh air go daingean dúthrachtach agus mura bhfeiceann an saol é sin. Ní leor aon rud eile ach é sin chun muinín an phobail as riaradh an chórais cánach agus as rialuithe custaim a chinntiú.

Leagadh béim in 2010 ar dul i ngleic leis an scáthgheilleagar trí leas a bhaint as anailís riosca, comhordú faisnéise, seiceálacha dearbhaithe agus as gníomhaíochtaí allamuigh lena n-airítear iniúchadh agus imscrúdú. Rinne gach ceann de cheithre Réigiún na gCoimisinéirí Ioncaim réimse leathan imscrúduithe ar an scáthgheilleagar agus ar ghnólachtaí airgid thirim. Is é a bhí i gceist leo ná tionscadail a bhain le hearnálacha ar leith a bhí dírithe ar réimsí áirithe gnó idir shiopaí siabhráin, cuideachtaí slándála, asraonta mearbhia, láithreáin tógála agus lucht clampála gluaisteán agus imscrúduithe 'sráid-dreacha' inar tugadh cuairt ar gach gnó i sráid faoi leith. I gcás a lán de na tionscadail sin baineadh leas as Aonaid Chomh-Imscrúdaithe agus d’oibrigh siad i gcomhar leis an Roinn Coimirce Sóisialaí agus leis an Údarás Náisiúnta Cearta Fostaíochta agus le gníomhaireachtaí eile chun calaois chánach agus leasa shóisialaigh a chomhrac agus chun cearta fostaíochta a chosaint.

Rinne ár n-iniúchóirí 11,008 iniúchadh as a bhfuarthas fáltas €434.7 milliún. Ní gá an oiread céanna iniúchta a dhéanamh i seiceálacha dearbhaithe. Rinneadh 454,796 acu sin agus bhí fáltas €58 milliún ann dá mbarr. [Tábla 6: Idirghabhálacha Iniúchta agus Dearbhaithe 2010].

Ag deireadh ghéar an géilliuntas, d'éirigh leis na Coimisinéirí Ioncaim 13 ciontú Cúirte a bhaint amach de bharr imghabháil thromchúiseach cánach agus dleachta. Lena chois sin gearradh pianbhreith choimeádta 15 mhí, seacht bpianbhreith ar fionraí agus fíneálacha €16,350. [Tábla 12: Ionchúisimh de bharr Imghabháil Thromchúiseach i 2010].

Lena chois sin gearradh fíneálacha €1.1 milliún i 519 cás ionchúisimh achoimre.

Rinne foireann Seirbhísí Airgeadais agus Baincéireachta i Rannán na gCásanna Móra monatóireacht agus thug siad freagra ar shaincheisteanna cánach a d'eascair ó ghéarchéim na mBanc agus ón athstruchtúrú atá ar siúl san earnáil sin faoi láthair.

Chuireamar barr feabhais ar ár gClár Anailíse agus Measúnaithe Riosca (REAP) i gcaitheamh na bliana trí fhoinsí nua faisnéise a chur leis, lena n-áirítear sonraí an Rialálaí Tacsaithe, sonraí ón Dleacht ar Áiteanna Cónaithe Phríobháideacha Neamhphríomha, sonraí an Bhoird um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha, sonraí na gceadúnas Máil, liostaí ionchúiseamh de bharr gan comhdú a dhéanamh agus tuairiscí faoi idirbhearta a raibh amhras fúthu. Lena chois sin chuir na Coimisinéirí Ioncaim córas ar siúl ar bhonn trialach in 2009 chun fáltas féideartha iniúchtaí a thuar. Ceapadh é mar shíneadh ar REAP agus bhí rath air. Forbraíodh samhail eile in 2010 agus tá achoimre ar an aschur ón tsamhail seo ionchorpraithe anois i rití beo REAP chun cuidiú le sprioc níos fearr a roghnú.

Tá na Coimisinéirí Ioncaim ag fáil faisnéise agus doiciméad ón GNBS faoi shócmhainní incháilithe áirithe bainc agus tá anailís á déanamh ar na sonraí sin le fáil amach an bhfuil impleachtaí cánach ag baint leo.

An tSochaí a Chosaint

Bíonn na Coimisinéirí Ioncaim chun tosaigh ag cosaint na sochaí ar smuigléireacht agus ar ghníomhaíocht choiriúil lena mbaineann. Bíonn ár n-idirghabhálacha bunaithe ar fhaisnéis agus spriocdhírithe go daingean le cur isteach an oiread is lú ar thrádáil dhlisteanach.

D'fhéadfadh an Státchiste mórchuid airgid a chailliúint de bharr smuigléireacht toitíní. I mí Iúil 2010, thionscnaíomar clár blitzoibríochtaí tobac ar fud na tíre, inar dhírigh na Coimisinéirí Ioncaim acmhainní breise ar chalafoirt, ar aerfoirt agus ar phointí miondíola éagsúla, ar nós siopaí, margaí agus trádálaithe sráide chun táirgí tobac aindleathacha a aithint agus a urghabháil. Cuireadh trí oibríocht den sórt sin ar siúl in 2010, agus urghabhadh níos mó ná 15 mhilliún toitíní agus 370 kg tobac mar thoradh orthu.

Rinneamar breis agus 9,000 urghabháil san iomlán in 2010, nuair a fuaireamar 178 milliún toitín, agus rinneadh breis agus 1,000 urghabháil tobac. B’fhiú €76.4 milliún iad san iomlán. Lena chois sin bhunaíomar beolíne rúnda nua i gcomhair faisnéise faoi smuigléireacht toitíní agus ghlacamar páirt sa Ghrúpa Trasteorann um Fhorfheidhmiú Tobac a bunaíodh le déanaí. Rinneamar comh-óstáil ar chomhdháil faoi chomhoibriú an AE agus SAM le dul i ngleic le smuigleáil tobac.

Ó thaobh drugaí aindleathacha de tharla laghdú beagnach 38% ar urghabháil cannabais i gcomparáid le leibhéal na bliana 2009 agus tharla méadú 25% ar urghabháil cócaoin agus hearóine. Tharla méadú 26% go €1.7 milliún ar an airgead tirim coiriúil a urghabhadh. Bíonn na Coimisinéirí Ioncaim ag obair i gcónaí sa Chomh-Thascfhórsa lenár gcomhghleacaithe sa Gharda Síochána agus sa tSeirbhís Chabhlaigh sa troid in aghaidh smuigleáil drugaí.

Craoladh an dara sraith den chlár faisnéise ar an láthair 'Customs' ar RTÉ 1 go déanach in 2010. Thug an tsraith léargas macánta ar obair laethúil na n-oifigí Custaim ar fud na tíre agus léirigh sé an ról ríthábhachtach atá acu ag cosaint na sochaí ar thorthaí smuigleála agus coiriúlachta trasteorann eile.

Ar Ais go Barr

Seirbhís do Cháiníocóirí agus do Ghnólachtaí

Lean na Coimisinéirí Ioncaim orthu i rith 2010 ag spreagadh cáiníocóirí a dteidlíochtaí a éileamh. Ar na rudaí a rinneadh bhí, fógraíocht; margaíocht dhíreach agus faisnéis a sholáthar d'iriseoirí agus í a chur ar ár láithreán Gréasáin. Táirgeadh 110,000 bileog, mar shampla, faoi Fhaoiseamh Cánach a éileamh i gcomhair Costais Liachta agus cuireadh iad i lialanna dochtúirí. Táimid ag moladh níos mó agus níos mó d'ár gcustaiméirí na costais sin a éileamh ar líne. Cuireann sé seirbhís níos fearr ar fáil dóibh agus tá sé níos éifeachtúla ó thaobh na gCoimisinéirí Ioncaim de.

Leanamar ar aghaidh lenár gclár chun aisíocaíochtaí cánach a dhéanamh go huathoibríoch áit ar bith a bhféadfaí é sin a dhéanamh. D'eisíomar níos mó ná 33,000 aisíocaíocht dar luach €3.3 milliún go huathoibríoch i leith costais drugaí ar oideas. Eisíodh 408 aisíocaíocht uathoibríoch arbh fhiú os cionn €205,000 iad i dtaobh táillí teagaisc a íocadh as cúrsaí oideachais faofa tríú leibhéal.

Rinneamar nuashonrú cuimsitheach in 2010 ar ár dTreoir don Fhostóir faoi ÍMAT agus ar an Treoir faoi CBL ar Réadmhaoin chun na hathruithe reachtúla a rinneadh le déanaí a chur san áireamh.

Comhartha amháin den rath atá ar an obair atá ar siúl againn is ea an chaoi ar dúradh den cheathrú bliain as a chéile gurb í Éire an tír is fusa san AE chun cánacha a íoc inti. (De réir na tuarascála 'Paying Taxes 2011 – The Global Picture' ó PricewaterhouseCoopers, ón mBanc Domhanda agus ón gCorparáid Airgeadais Idirnáisiúnta). Moladh muid freisin sa dara tuarascáil a foilsíodh faoi Chlár Athbhreithnithe Eagraíochtúil an Rialtais nuair a dúradh: 'Ó thaobh bainistiú seirbhísí de tá an tseirbhís do chustaiméirí go han-mhaith. Cuirtear fáilte roimh nuáil agus is rud é sin a rachaidh chun tairbhe na heagraíochta'. Nílimid ag ligean na maidí le sruth de bharr an aitheantais seo. A mhalairt ar fad atá fíor mar tá sé ár ngríosú chun tuilleadh feabhsaithe a dhéanamh.

Seirbhísí Ar Líne

Tá an-fheabhas go deo tagtha le blianta beaga anuas ar réimse agus ar cháilíocht na seirbhísí ar líne a sholáthraímid dár gcustaiméirí. Bhí 504,557 custaiméir cláraithe lenár seirbhís ar líne 'ÍMAT aon tráth, aon lá' faoi dheireadh na bliana 2010 agus ba mhéadú 36% é sin ar líon na bliana 2009. Úsáideadh an tseirbhís i gcomhair 360,624 idirbheart in 2010, agus ba mhéadú 7.1% é sin ar fhigiúr na bliana roimhe sin.

Tháinig Céim a Dó de Ríomhchomhdú Éigeantach in éifeacht an 1 Eanáir 2010 nuair a leathnaíodh na forálacha éigeantacha maidir le ríomhchomhdú agus íoc trí Sheirbhís Ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) chun comhlachtaí poiblí, údaráis áitiúla agus gníomhaireachtaí stáit éagsúla agus cuideachtaí móra eile a áireamh.

Cuireadh le réim ár seirbhís Ríomhchláraithe le cur ar chumas gnólachtaí clárú ar ROS i gcomhar réimse leathan cánacha, lena n-áirítear Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide, ÍMAT agus ÁSPC Fostóirí agus Cáin Chonarthaí Iomchuí.

Tá an chéad áit san Eoraip á tabhairt d’Éirinn ó thaobh sholáthar agus shofaisticiúlacht na seirbhísí ar líne atá againn do ghnólachtaí agus do shaoránaigh de réir 9ú saothar Tagarmharcála Ríomhsheirbhísí Rialtais an Choimisiúin Eorpaigh, Digitising Public Services in Europe: Putting ambition into action.

Ar Ais go Barr

Simpliú

Rinneadh mórchuid oibre ag dréachtú an Bille Comhdhlúite Cánach Breisluacha, 2010 a achtaíodh i Samhain 2010. Dréachtaíodh an tAcht sa chaoi go mbeadh sé ar aon dul leis an Treoir CBL, chomh fada is a bhí sé sin indéanta. Úsáideadh teanga atá cothrom le dáta san Acht agus rinneadh athstruchtúrú air chun go mbeadh sé níos inrochtana ag gach aon duine agus níos fusa a úsáid.

Lena chois sin rinneamar nuashonrú agus simpliú ar an mbealach a chuirtear an Cháin Fáltas Caipitiúil i bhfeidhm sa chaoi go bhfuil sé ar aon dul le cánacha eile. Cuireadh tús le ríomhchomhdú a chuireann ar chumas custaiméirí comhdú agus íocaíochtaí a dhéanamh trí Chóras Ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS). Bíonn sé éigeantach tuairisceáin Cáin Fáltas Caipitiúil a ríomhchomhdú nuair a éilítear faoiseamh nó díolúine. Athrú eile a rachaidh chun tairbhe do cháiníocóirí agus do chleachtóirí araon is ea tabhairt isteach dáta amháin maidir le híoc agus tuairiscigh atá ar aon dul le cánacha féinmheasúnaithe eile.

Rinneadh athbhreithniú ar Cháin Chonarthaí Iomchuí in 2010 agus rinneadh moltaí chun athchóiriú suntasach a dhéanamh chun éifeachtacht an chórais a fheabhsú, deiseanna calaoise a laghdú, agus an t-ualach riaracháin ar ghnólachtaí agus ar na Coimisinéirí Ioncaim a laghdú. Bhí siad sin le sonrú san Acht Airgeadais, 2011 agus beidh siad á gcur i bhfeidhm againn i mbliana.

An 1 Meán Fómhair 2010, ghlac an tSeirbhís Tástála Náisiúnta Gluaisteán (STNG) freagracht as raon feidhmeanna cláraithe feithiclí thar ceann na gCoimisinéirí Ioncaim. Ciallaíonn sé sin go gcláraítear feithiclí athláimhe allmhairithe i 24 Ionad STNG ar fud na tíre anois, agus chuir sé ar chumas na gCoimisinéirí Ioncaim na baill foirne a chur i mbun dualgas eile.

Éisteacht lenár gcustaiméirí

Rinne na Coimisinéirí Ioncaim suirbhé poist ar chustaiméirí ÍMAT idir 2009 agus Márta 2010 chun faisnéis a bhailiú faoi roinnt príomhréimsí, lena n-áirítear sástacht custaiméirí, bealaí cumarsáide agus an tseirbhís ÍMAT aon tráth, aon lá. Thug siad freagraí dearfa orainn. Dúirt 91% díobh go raibh siad 'sásta' nó ‘an-sásta’ leis an tseirbhís iomlán a chuirtear ar fáil do chustaiméirí. Ba mhéadú é sin ar an 88% a thug an rud céanna le fios i suirbhé cosúil leis a rinneadh in 2007.

Chuir na Coimisinéirí Ioncaim próiseas comhairliúcháin ar siúil in 2010 le fáil amach faoi dhearcthaí daoine i leith na ndualgas nua um nochtadh éigeantach a dhéanamh faoi dhaoine atá ag cur chun cinn idirbhearta áirithe chun cáin a sheachaint. Chuir an próiseas ar chumas na bpáirtithe leasmhara a dtuairimí a thabhairt faoi na dréacht-Rialacháin agus leasaithe a mholadh fúthu. Rinneadh roinnt athruithe de thoradh an phróisis a bhain go príomha le feabhsú gnéithe oibríochtúla an chórais nua. Tháinig na Rialacháin nua in éifeacht in Eanáir 2011.

Is é príomhchuspóir an chórais nua nochta ná córas 'réamhrabhaidh' a sholáthair do na Coimisinéirí Ioncaim chun go bhféadfaidh siad faisnéis a fháil go luath faoi scéimeanna seachanta cánach, agus más rud é go bhfuil siad mídhleathach, deireadh a chur leo sular féidir leo damáiste suntasach a dhéanamh don ioncam cánach. Ní hé cuspóir na rialacha nochta seo deireadh a chur le comhairleoirí cánach a bheith ag soláthar gnáthchomhairle dá gcliaint faoina gcúrsaí cánach ná faoi úsáid na ndreasachtaí dlisteanacha cánach a bhfuil foráil fúthu sa chód cánach.

Bhí comhairliúchán forleathan againn leis an gCoiste Idirchaidrimh um Riarachán Cánach a dhéanann ionadaíocht ar chleachtóirí cánach agus foilsíodh Cód Cleachtais Athbhreithnithe i gcomhair Iniúchtaí na gCoimisinéirí Ioncaim i Meán Fómhair 2010.

Ar Ais go Barr

Cur le Forbairt Gheilleagrach & Shóisialta

Ó thaobh na tíre seo, ceann de phríomhfheidhmeanna na gCoimisinéirí Ioncaim is ea comhairle phraiticiúil agus cúnamh teicniúil a sholáthar don Roinn Airgeadais. Bhíomar an-ghnóthach i rith 2010 ag déanamh obair ullmhúcháin agus ag ullmhú dréachtreachtaíochta don Roinn maidir le réimse leathan beart atá ar fáil san Acht Airgeadais. Orthu san bhí cáin nua charbóin, rialacha faoi phraghsáil aistrithe le haghaidh idirbhearta daoine comhlachaithe, scéim traipisithe i gcomhair Cáin Chláraithe Feithiclí, córas nua cánach i gcomhair cúrsaí airgeadais Ioslamacha, leasuithe ar an scéim liúntas caipitil, nósanna imeachta simplithe riaracháin le haghaidh scairshealbhóirí corparáideacha neamhchónaitheacha, foráil chun an t-ualach riaracháin a laghdú i gcás cistí áirithe comh-infheistíochta agus leasuithe ar chóras na cánach coinneála ar ús taisce.

Bhí ról gníomhach ag na Coimisinéirí Ioncaim i réimse eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-airítear cur le forbairt agus le cur i bhfeidhm beartas san AE, san ECFE agus san Eagraíocht Dhomhanda Chustam.

Tá fás ag teacht i gcónaí ar líon na dtíortha ar fud an domhain a bhfuil comhaontaithe um Chánachas Dúbailte agus Comhaontuithe Malartaithe Faisnéise Cánach ag Éirinn leo. Faoi dheireadh 2010, bhí comhaontuithe cuimsitheacha um Chánachas Dúbailte sínithe ag Éirinn le 62 tír, agus tá 54 acu curtha i bhfeidhm cheana féin. Bhí seacht gComhaontú Malartaithe Faisnéise Cánach i bhfeidhm agus bhí ceithre cinn déag eile ag céimeanna éagsúla den phróiseas idirbheartaíochta/daingniúcháin.

Rinne an Fóram Dhomhanda ar Thrédhearcacht agus Malartú Faisnéise chun críche Cánach athbhreithniú ar chreat dlíthiúil na hÉireann maidir le malartú faisnéise faoi na Comhaontuithe um Chánachas Dúbailte agus na Comhaontaithe Malartaithe Faisnéise Cánach agus ar an gcaoi a bhfuiltear á gcur i bhfeidhm. Scríobhadh tuarascáil i ndiaidh an athbhreithnithe a thug le fios go raibh córas éifeachtach ag Éirinn chun faisnéis a mhalartú chun críche cánach. Is dearbhú tábhachtach idirnáisiúnta é sin gur tír í Éire a bhfuil dlínse thrédhearcach aici chun críche cánach.

Ár bhfoireann agus Ár Eagraíocht a Fhorbairt

Dúshlán suntasach atá le sárú ag na na Coimisinéirí Ioncaim sa mheántéarma is ea an t-eolas corparáideach sin a chur ar fáil arís a cailleadh de bharr imeacht tobann na mball foirne a raibh an-taithí acu. Bíodh is go bhfuilimid ag leanúint orainn ag laghdú líon ár mball foirne de réir bheartas an Rialtais thosaíomar ag tabhairt aghaidhe ar an dúshlán sin in 2010, nuair a líonamar 120 post fíor-riachtanach trí earcú oscailte spriocdhírithe, trí ath-imlonnú agus trí ardú céime a thabhairt do dhaoine laistigh den eagraíocht.

Tá an-rath ar an gcaidreamh atá againn le hOllscoil Luimnigh agus bronnadh céimeanna ar bhuíon nua mac léinn de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim in Eanáir 2011; Bhain 48 acu céim BA (Onóracha) amach i gCánachas Feidhmeach agus bhain 67 eile acu Teastas i gCánachas Feidhmeach amach. Go dtí seo tá 577 mac léinn de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim tar éis céimeanna a fháil ón Ollscoil trí bhíthin an chláir um Chánachas Feidhmeach.

I bhFeabhra 2010, bhain na Coimisinéirí Ioncaim amach Caighdeán Slándála Faisnéise ISO 27001 dár láithreáin gréasáin, www.revenue.ie agus www.ros.ie. I mí na Nollag, bhain ár Rannán Teicneolaíocht na Faisnéise, Cumarsáide & Lóistíochta amach an Caighdeán Bainistíochta Leanúnachais Gnó BS 25999. Tá na Coimisinéirí Ioncaim ar an gcéad eagraíocht in Éirinn chun an deimhniúchán seo a bhaint amach.

Glacann na Coimisinéirí Ioncaim leis gur dualgas tromchúiseach an dualgas atá orainn maidir le slándáil sonraí. Tá rúndachta na faisnéise faoi cháiníocóirí atá ag na Coimisinéirí Ioncaim fíor-riachtanach ó thaobh ár ngnó lárnach a chur i gcrích agus ár gcáil ó thaobh macántachta agus cothroime a choinneáil. Bhí foráil nua in Alt 77 den Acht Airgeadais 2011 a chuir bonn reachtúil faoi rúndacht na faisnéise faoi cháiníocóirí atá ag na Coimisinéirí Ioncaim.

Ag Féachaint Amach Romhainn

Ar fhéachaint dúinn ar an mbliain seo chugainn agus ina diaidh sin is léir gurb iomaí dúshlán atá le sárú againn - brú leanúnach ar ghéilliúntas agus ar bhailiú dleachtanna agus cánacha, baol ó thaobh fás an scáthgheilleagair agus smuigleála, cur i bhfeidhm na n-athruithe móra cánach, agus an chaoi a gcaithfimid a thaispeáint go bhfuil níos mó á sholáthar againn i ngach réimse gnó le foireann níos lú. Ciallaíonn sé sin go mbímid ag déanamh athbhreithnithe agus coigeartaithe i gcónaí ar ár gcláir ghnó chun go mbeimid lán-éifeachtach agus go mbeidh an fheidhmíocht is fearr againn. Tugaimid tosaíocht do rudaí de réir riosca agus de réir na n-acmhainní atá againn; leagaimid béim an-mhór ar ríomhsheirbhísí; agus bímid i gcónaí i mbun nuála agus ag foghlaim.

Ní bheadh na Coimisinéirí Ioncaim in ann an réimse ollmhór gníomhaíochtaí atá againn a chur i gcrích sna saolta achrannacha seo murach tiomantas, solúbthacht agus obair chrua ár mball foirne go léir. Glacaimid an deis seo chun ár mbuíochas a ghabháil libhse, ár gcomhghleacaithe, a léiríonn i ndáiríre gach lá cad is seirbhís phoiblí ann. Is iomaí dúshlán atá romhainn ach táimid cinnte nach gclisfidh ar na Coimisinéirí Ioncaim sna míonna ná sna blianta atá le teacht.

Josephine Feehily
Cathaoirleach

Michael O'Grady
Coimisinéir

Liam Irwin
Coimisinéir


Ar ais go Barr


Leagan furasta le priontáil