Réamhrá

Nuair a dhéantar athbhreithniú ar an mbliain ina hiomláine féachfar ar 2007 mar bhliain ina ndearnadh athrú mór, agus bliain inar leagadh amach treoracha nua do na blianta amach romhainn.


B’ionann na fáltais iomlána cánacha in 2007 agus breis is €47.5 billiún - beagnach €2 billiún os cionn an fhigiúir chomhréirigh do 2006 – ach den chéad uair i 5 bliain bhí na fáltais €1.73 billiún faoin meastachán sa Bhuiséad. Bhí an lagú ar an margadh maoine i dteannta caitheachas níos measartha ag na tomhaltóirí go háirithe sa dara cuid den bhliain freagrach go príomha as na fáltais a bhí níos ísle ná mar a bhí súil leo.

 

Photo of Michael O'Grady - Commisioner

 

Ag Freastal ar ár gCustaiméirí

Socraíodh roinnt treoracha nua inár gcláir Sheirbhísí Custaiméirí, an ceann is tábhachtaí acu an tionscnamh “Helping Taxpayers Claim” a fógraíodh i mbuiséad 2007. Tá dul chun cinn maith déanta maidir leis sin lena n-áirítear creidmheasanna aoischoibhneasta uathoibríocha, díolúine DIRT ag an bhfoinse do dhaoine os cionn 65 a cháilíonn agus faoiseamh costas sláinte uathoibríoch do shuimeanna neamhaisghábháilte faoin Scéim Íocaíochtaí Drugaí. I Lúnasa agus Meán Fómhair 2007 thosaigh na Coimisinéirí Ioncaim feachtas mór fógraíochta agus eolais le híocóirí cánach a spreagadh creidmheasanna agus liúntais a bhí dlite dóibh a éileamh agus chun ár seirbhís ÍMAT ar-líne a chur chun cinn. Leanann an treoir nua sin isteach in 2008 le hathdhearadh iomlán ar an bpríomhcháipéis Ioncaim a seoladh chuig gach cáiníocóir – Deimhniú Creidmheasanna Cánach – lena dhéanamh i bhfad níos inrochtaine.

 

Treoir nua eile a bhí i bPainéil Chustaiméirí ÍMAT a bhunú i ngach réigiún de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.

 

I mí an Mheithimh, d’éirigh le córas idirlíon-bhunaithe do phróiseáil iontrálacha custaim uathoibríocha a cuireadh i bhfeidhm gan mhant le comhoibriú lucht na ceirde agus ba é an chéad chéim é i nuachóiriú iomlán ar chóras Custam ar fud AE a ghlacfaidh roinnt blianta lena fheidhmiú.

 

Rud nua eile a rinneadh ná bronnadh ghradam an Údaráis Míchumais Náisiúnta ‘Excellence through Accessibility’ do thrí cinn dár n-oifigí i mBaile átha Cliath agus tá súil againn go mbainfidh tuilleadh dár gcuid oifigí an gradam amach sna blianta amach romhainn.

 

Cuireadh feabhsuithe móra freisin ar na seirbhísí a chuirimid ar fáil dár gcustaiméírí gnó. Tugadh isteach Seirbhís Theicniúil Ioncaim nua i ngach ceann dár gceithre Réigiún le tacaíocht ardleibhéil a sholáthar do chleachtóirí agus do cháiníocóirí gnó. Tugadh isteach comhshocruithe íocaíochtaí simplithe do líon mór íocóirí CBL agus tosaíodh ar sheirbhís LoCall 1890 do cheisteanna ó fhostóirí.

 

Ag Cosaint na Sochaí

Tá ról tábhachtach ag na Coimisinéirí Ioncaim sa chomhrac leanúnach in aghaidh drugaí mídhleathacha, contrabhanna agus cineálacha eile coiriúlachta. Le linn na bliana rinne an tSeirbhís Custaim níos mó urghabhálacha drugaí ná riamh ag 2,758 lenar bhain luach measta ar na sráideanna de bheagnach €139 milliún. Rinneadh 17 urghabháil airgid thirim arbh ionann agus €494,000 iad in 2007. Le cur lenár gcumas in obair thábhachtach glacadh príomhchinntí infheistíochta Gearrthóir Custaim agus Scanóir Custaim a cheannach a thabharfaidh toradh maith sna blianta amach romhainn. I gcomhar le gníomhaireachtaí feidhmithe eile de chuid an AE chinneamar oifigeach a shannadh d’fhorbairt Ionad Anailíse agus Oibríochtaí Mara – Drugaí Támhshuanacha a roinneann faisnéis go comhoibritheach le mangaireacht drugaí ar muir a chosc.

 

Iniúchadh agus Comhlíonadh

Is í ár straitéis maidir le hIniúchadh agus comhlíonadh roghnú a dhéanamh ar chásanna le hidirghabháil bunaithe ar riosca a dhéanamh, agus tacú againn ónár gcóras anailíse riosca ríomhbhunaithe, REAP. Ceistíonn sé eolais feadh raon córas agus tugann deis do na Coimisinéirí féachaint ar gach cáiníocóir feadh raon cánacha agus comparáid a dhéanamh idir tuairisceáin agus táscairí stíl bheatha. Siúd is gur uirlis í atá ag éabhlú agus ag feabhsú ghluais REAP in 2007 ó staid phiolótach go bheith ina chuid lánpháirtiúil dár gclár comhlíonta.

 

Dílárú

Le linn na bliana 2007, rinneadh dul chun cinn suntasach maidir le cur i
bhfeidhm chlár Díláraithe na gCoimisinéirí Ioncaim. Osclaíodh dhá oifig nua
i gCill Rois agus i Lios Tuathail agus rinneadh coibhéis 50 post
lánaimseartha a aistriú chuig gach ceann de na suímh sin.

 

Tá oifigí nua oscailte againn ó shin i mBaile átha Í ina bhfuil 53 ball
foirne agus san Uaimh ina bhfuil 96 ball foirne. Leanann na Coimisinéirí
Ioncaim de tacú le cur i bhfeidhm an chláir fhoriomláin díláraithe trí
dhaoine foirne a scaoileadh agus a earcú ar bhonn tráthúil.

 

ár bhFoireann

Tá an raon gníomhaíochtaí a dhéanaimidne sna Coimisinéirí mór millteach, ó cháin a bhailiú go patróil a dhéanamh ar an teiscinn mhór agus cuidíonn na gníomhaíochtaí sin ar bhealach díreach coincréiteach le leas eacnamaíoch agus sóisialta an Stáit. Déanann an obair a dhéanaimid difear do shaol gach saoránaigh de chuid na hÉireann. Ní bheadh ár n-eagraíocht in ann an ról lárnach sin a bheith acu inár sochaí gan tiomantas, saineolas, cúirtéis, agus dúthracht fhoireann na gCoimisinéirí a thagann chun a gcuid oibre gach lá i mbreis is 130 oifig ar fud na tíre. Aithnítear na Coimisinéirí Ioncaim go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta mar eagraíocht seirbhíse poiblí atá nuálach, solúbhtha, cothrom le aghaidh ar an am atá le teacht. Sin iad na tréithe freisin a bhaineann leis an bhfoireann atá againn. Tapaimid an deis seo le buíochas a ghlacadh go poiblí lenár bhfoireann as an méid obair chrua a rinne siad le linn 2007.

 

Scoir roinnt mhaith as foireann na gCoimisinéirí le bliain anuas. Fir agus mná a d'fhreastail go díograiseach ar an Stát agus a raibh toradh ar a gcuid oibre, cuid acu ar feadh tréimhse níos faide ná 40 bliain. Tugann siad chun bealaigh leo cuimhne corparáide agus eolas teicniúil a mbeidh sé deacair iad a bhunú arís. Aithnímid go sonrach an saothar a rinne an Cathaoirleach Frank Daly a scoir an 12 Márta 2008 ar maithe le heagraíocht na Coimisinéirí. Guímid sonas agus saol fada orthu sin ar fad a scoir sa chéad tréimhse eile dá saol.

 

ár Misean:

Chun freastal ar an bpobal trí chánacha agus leachtanna a bhailiú go cothrom agus go héifeachtach agus trí rialuithe Custaim a fheidhmiú

 

Tuarascáil Bhliantúil 2007

An cúigiú Thuarascáil Bhliantúil is ochtú de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim don bhliain dar chríoch 31 Nollaig 2007, lena n-áirítear dul chun cinn ar fheidhmiú Ráitis Straitéise na gCoimisinéirí Ioncaim, de réir an Achta um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997, arna bronnadh ar an Tánaiste agus Aire Airgeadais. Aibreán 2008.