Foirmeacha Éilimh

Tá gach ioncam a eascraíonn in Éirinn inmhuirearaithe i leith cánach. Déanann Rannóg na nÉileamh Idirnáisiúnta iniúchadh agus próiseáil ar éilimh ó dhaoine aonair agus ó chuideachtaí neamhchónaitheacha maidir le cáin arna hasbhaint as ioncam a tuilleadh in Éirinn, m.sh. Cáin Chonarthaí Iomchuí (CCI), Cáin Iarchoimeádta ar Sheirbhísí Gairmiúla (CISG), Ús, Ríchíosanna, Pinsea n/Blianacht, Cistí Scoir Formheasta (CSFanna), Gníomhais Chúnaint agus Iarmhair Eastát dhaoine nach maireann.

Déanann Rannóg na nÉileamh Idirnáisiúnta iniúchadh freisin ar éilimh ar dhíolúine chánach Éireannaí ag an bhfoinse m.sh. i gcás pinsean, ríchíosanna agus úis.

Déantar iniúchadh agus próiseáil ar gach éileamh de réir théarmaí an Chomhaontaithe ábhartha i dtaobh Faoisimh ó Chánachas Dúbailte. Is féidir liosta iomlán d'Fhoirmeacha Éileamh Idirnáisiúnta a fháil thíos:

(Adobe Acrobat Reader PDFExternal link)


Leagan furasta le priontáil