An tAcht Airgeadais (Uimh. 2) 2008 agus Faoiseamh ó Chánachas Dúbailte

Foráiltear le hAlt 33 den Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008 go maolófar ar an gceanglas go mbeadh conradh cánach arna dhaingniú agus i bhfeidhm leis an tír choigríche ábhartha maidir le roinnt forálacha san Acht Comhdhlúite Cánacha 1997 ina dtugtar cóir fhabhrach d'íocaíochtaí díbhinne agus úis chuig/ó thíortha conartha agus do dhíolúine chánach gnóthachan caipitiúil ar ghnóthachain ó dhiúscairtí scaireanna i gcuideachtaí eachtracha.

In áit an cheanglais nár mhór conradh cánach a bheith arna dhaingniú agus arna chur i bhfeidhm sula bhfeidhmeofaí an chóir fhabhrach, is é an seasamh nua a fhoráiltear le hAlt 33 den Acht Airgeadais (Uimh. 2) 2008 ná gur féidir le cuideachtaí leas a bhaint as an bhfaoiseamh intíre seo a luaithe is atá conradh cánach sínithe ag Éirinn agus ag an tír is páirtí sa chonradh.

De ghnáth, baineann na forálacha atá ann le ceadú díolúine ó cháin Éireannach ar íocaíochtaí arna ndéanamh ag cuideachtaí Éireannacha le faighteoirí neamhchónaitheacha díbhinní agus úis. Baineann siad freisin le cóir fhabhrach cánach d'íocaíochtaí dá leithéid nuair a fhaigheann cuideachtaí Éireannacha iad ó fhoinsí eachtracha. Foráiltear freisin díolúine ar cháin ghnóthachan caipitiúil i ndáil le gnóthachain ó dhiúscairtí scaireanna i gcuideachtaí eachtracha.

Seo a leanas na hailt de chuid an Achta Chomhdhlúite Cánacha 1997 lena mbaineann na forálacha thuas;

  • Alt 21B - Cóireáil Cánach i leith Díbhinní Áirithe
  • Alt 153(1) - Dáiltí ar neamhchónaitheoirí
  • Alt 172 - Cáin Iarchoimeádta ar Dhíbhinní
  • Alt 198 - Ús áirithe nach inmhuirearaithe
  • Alt 246 - Íocaíochtaí úis ag cuideachtaí agus le neamhchónaitheoirí
  • Alt 452 - Feidhmiú alt 130 ar ús áirithe
  • Alt 626B - Díolúine ó cháin ghnóthachan caipitiúil ar dhiúscairtí áirithe scaireanna
  • Alt 24(9F) - Cóireáil Cánach Coigríchex

Ar ais go barr


Leagan furasta le priontáil