Deimhnithe Creidmheasa Cánach
- Cad iad an 5 réimse nua atá ar an leagan leictreonach de Dheimhniú Creidmheasa Cánach 2006?
- Conas a gheobhaidh mé deimhnithe creidmheasa cánach do m'fhostaithe i bhfoirm leictreonach?
- Cá bhfaighinn cóip d'fhormáid comhaid an leagain fhostóra den deimhniú leictreonach creidmheasa cánach 2006?
- Conas a mhínítear formáid Réimse 2 - uimhir PSP an fhostaithe?
- Cad iad na réimsí nua atá ar an leagan páipéir de dheimhniú creidmheasa cánach an fhostóra?
- Cathain a chuirtear Pá agus Cáin Iomlán an fhostaithe roimhe seo san áireamh ar an deimhniú creidmheasa cánach?
- Cad is litir FS19 ann?
- Cad iad na sonraí pá agus cánach a bheidh san áireamh ar an deimhniú creidmheasa cánach?
- An mbeidh sonraí faoin bpá agus faoin gcáin roimhe seo á gcur san áireamh sna deimhnithe creidmheasa cánach leasaithe a eiseofar dá éis, nó an é nach dtaispeánfar an fhaisnéis phá agus chánach seo ach ar an gcéad deimhniú creidmheasa cánach a eiseofar i ndiaidh don fhostaí nua tosú ar an obair?
- Má thosaíonn fostaí ar obair agus má scoireann sé/sí di roinnt uaireanta leis an bhfostóir céanna le linn na bliana cánach, an mbeidh an méid a thuill an fostaí leis an bhfostóir seo san áireamh ar an deimhniú creidmheasa cánach, mar a dtugtar sonraí faoin bpá agus faoin gcáin roimhe seo?
- Anois go gcuimsíonn an deimhniú creidmheasa cánach sonraí faoin bpá agus faoin gcáin uile roimhe seo don bhliain go dáta, conas a dhéanfaidh fostóir sainaithint ar an méid de a tuilleadh leis an bhfostóir seo níos luaithe sa bhliain chánach thar an méid de a tuilleadh le fostóirí eile?
- An féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim sonraí faoi phá agus faoi cháin an fhostaí a dheighilt de réir suimeanna a thuill an fostaí leis an bhfostóir seo, roimhe seo, agus suimeanna a thuill an fostaí le fostóirí eile?
- An gá don fhostóir úsáid a bhaint as na sonraí pá agus cánach fhostaí atá ar an deimhniú creidmheasa cánach?
- Cad is brí leis an Táscaire ar Chás Díolúine (Réimse 21)?
- Cad iad na luachanna do Réimse 21 - Táscaire ar Chás Díolúine?
- Conas a bheidh a fhios ag fostóir cé atá i dteideal Díolúine Chánach agus Faoiseamh Imeallach a fháil?
- An féidir leat sampla ÍMAT a thabhairt a léiríonn conas a oibreoidh Díolúine Chánach agus Faoiseamh Imeallach?
- An eiseofar deimhnithe creidmheasa cánach le ráta 0% (céatadán nialasach)?
- An gá don fhostóir an Ráta Cánach Faoisimh Imeallaigh de 40% a léiriú ar an bhFoirm P45 nó P60?
- Cathain a ghearrann an fostóir cáin ar fhostaí ag an ráta imeallach de 40%?
- Cad is Díolúine Chánach & Faoiseamh Imeallach ann?
- Cad is Ordú Eisiatachta ÍMAT ann?
- Cá bhfaighidh mé cóipeanna de Fhógra ÍMAT na gCoimisinéirí Ioncaim d'Fhostóirí?
- Sa chás gur oibrigh fostaí leis an bhfostóir céanna roinnt uaireanta le linn na bliana cánach, cén figiúr pá agus cánach a iontrálann an fostóir ar an bhFoirm P45 ag Cuid (b)? [Is í an cheist a chuirtear ar Fhoirm P45 ag Cuid (b): - Má thosaigh fostaíocht ó 1 Eanáir seo caite, iontráil Pá agus Cáin a asbhaineadh (nó Cáin a aisíocadh) don tréimhse fhostaíochta seo amháin]
- Sa chás gur oibrigh fostaí leis an bhfostóir céanna roinnt uaireanta le linn na bliana cánach, cén figiúr pá a iontrálann an fostóir ar an P60 ag Cuid (A) PÁ Ceist 3? [Is í an cheist a chuirtear ar an P60 ag Cuid (A) 3: - Pá i leith na fostaíochta seo féin]
- Nuair a oibríonn fostaí leis an bhfostóir céanna roinnt uaireanta le linn na bliana cánach, cé na figiúir phá agus chánach a iontrálann an fostóir ar an P35?
- An féidir leat Réimse 11 a mhíniú - an dáta a dtagann deireadh leis an deimhniú creidmheasa cánach?
- Cé leis ba cheart dom teagmháil a dhéanamh má bhíonn ceist eile agam?
1. Cad iad an 5 réimse nua atá ar an leagan leictreonach de Dheimhniú Creidmheasa Cánach 2006?
Is iad an 5 réimse nua:
- Réimse 19 Pá Iomlán an Fhostaí go dáta
- Réimse 20 Cáin Iomlán an Fhostaí go dáta
- Réimse 21 Táscaire Díolúine
- Réimse 22 Ráta Caighdeánach Cánach
- Réimse 23 Ráta Níos Airde Cánach
2. Conas a gheobhaidh mé deimhnithe creidmheasa cánach do m'fhostaithe i bhfoirm leictreonach?
Le haghaidh tuilleadh eolais ar dheimhnithe creidmheasa cánach arna n-eisiúint trí - Seirbhís Ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim - nó cuir glaoch ar Líne Chabhrach ROS 1890 20 11 06
3. Cá bhfaighinn cóip d'fhormáid comhaid an leagain fhostóra den deimhniú leictreonach creidmheasa cánach 2006?
Is féidir an fhormáid comhaid leictreonach de chóip fhostóra an deimhnithe creidmheasa cánach don bhliain dar tús 01/01/2007 a íoslódáil ó shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim: /en/online/tax-credit-cert.html
4. Conas a mhínítear formáid Réimse 2 - uimhir PSP an fhostaithe?
Taispeánann Réimse 2 an uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (uimhir PSP) atá ag fostaí
Is é 9 an méid réimse.
Is é formáid na huimhreach PSP ná 7 n-uimhir (lena n-áirítear nialais chun tosaigh), carachtar seiceála agus Spás, W, T nó X.
Sampla 1: Uimhir PSP 1234567A
Is é seo an uimhir fhormáid PSP is coitianta - 7 n-uimhir agus carachtar seiceála.
Sampla 2: Uimhir PSP 1234567AW
Úsáidtear an fhormáid seo do chéile an té i Sampla 1 - tá deireadh á chur leis na huimhreacha W seo de réir a chéile, áfach. Ba cheart do gach duine uimhir PSP aonair a fháil ón Roinn Coimirce Sóisialaí.
Sampla 3: Uimhir PSP 1234567AT
Úsáidtear formáid na huimhreach PSP seo chun a thabhairt le fios don fhostóir go bhfuil an dara fostaíocht bheo leis an bhfostóir céanna ag an duine a bhfuil an uimhir PSP 1234567A aige/aici. Lena chur i bhfocail eile, tá dhá fhostaíocht ag an bhfostaí leis an aon fhostóir amháin ag an aon am amháin - tá an fostaí ar a bpárolla faoi dhó.
Úsáidtear an deimhniú creidmheasa cánach le huimhir PSP 1234567A don chéad fhostaíocht.
Úsáidtear an deimhniú creidmheasa cánach le huimhir PSP 1234567AT don dara fostaíocht leis an bhfostóir céanna.
Sampla 4: Uimhir PSP 1234567AX
Úsáidtear formáid na huimhreach PSP seo chun a thabhairt le fios don fhostóir go bhfuil an dara fostaíocht bheo leis an bhfostóir céanna ag an gcéile a bhfuil an uimhir PSP 1234567AW aige/aici. Lena chur i bhfocail eile, tá dhá fhostaíocht ag an bhfostaí leis an aon fhostóir amháin ag an aon am amháin - tá an fostaí ar a bpárolla faoi dhó.
Úsáidtear an deimhniú creidmheasa cánach le huimhir PSP 1234567AW don chéad fhostaíocht.
Úsáidtear an deimhniú creidmheasa cánach le huimhir PSP 1234567AX don dara fostaíocht leis an bhfostóir céanna.
Nóta 1: Sna samplaí 3 & 4 thuas, is é rogha an fhostóra an fostaí a chur ar an bpárolla faoi dhó. Is mian leis an bhfostóir an dá thacar pá a choinneáil ar leithligh óna chéile ar a thaifid phárolla. Níl aon cheanglas ná oibleagáid air é sin a dhéanamh. Ní dhéanfadh fostóirí eile ach an fostaí a chur ar an bpárolla uair amháin – agus an pá nó tuarastal breise a íoc le chéile.
Nóta 2: Tá uimhreacha PSP á n-eisiúint san fhormáid seo le roinnt blianta - níl aon athrú ar fhormáid na huimhreach PSP do 2006.
5. Cad iad na réimsí nua atá ar an leagan páipéir de dheimhniú creidmheasa cánach an fhostóra?
Is iad an 3 réimse nua ar an leagan páipéir den deimhniú creidmheasa cánach do 2006:
- Pá Comhlán Iomlán - a thaispeánfar sa bhosca
- Cáin Iomlán - a thaispeánfar sa bhosca
- Cás Díolúine - taispeánfar táscaire T nó N sa bhosca
Más T an táscaire ar Chás Díolúine, taispeánfar an Ráta Níos Airde Cánach ag 40%
Más N an táscaire ar Chás Díolúine, taispeánfar an Ráta Níos Airde Cánach ag 42%
Ní thaispeánfar an Pá Comhlán Iomlán ná an Cháin Iomlán sa chás go n-eisítear deimhniú ar bhonn seachtain 1/mí 1.
6. Cathain a chuirtear Pá agus Cáin Iomlán an fhostaí roimhe seo san áireamh ar an deimhniú creidmheasa cánach?
Má athraíonn fostaí fostaíocht ag aon chéim sa bhliain chánach, taispeánfar sonraí faoi phá agus faoi cháin roimhe (má bhíonn siad ar fáil) ar aon deimhniú creidmheasa cánach a eiseofar don fhostaí seo don chuid eile den bhliain chánach.
Má athraíonn fostaí fostaíocht ag aon chéim sa bhliain chánach agus murab eol sonraí faoi phá agus faoi cháin roimhe nó mura mbíonn siad ar fáil (ar chúis ar bith), eiseofar deimhniú creidmheasa cánach don fhostaí sin ar bhonn seachtain 1/mí 1 agus ní thaispeánfar figiúir phá agus chánach roimhe ar an deimhniú.
Le héifeacht ó 1 Eanáir 2006, éiríodh as bheith ag úsáid litreach FS19 chun sonraí fostaí maidir le pá agus cáin roimhe a chur in iúl don fhostóir.
Taispeánfar sonraí carnacha faoin bpá agus faoin gcáin a bhí ag an bhfostaí roimhe sa bhliain ar an deimhniú creidmheasa cánach a eiseofar. Má chuirtear pá agus cáin fhorlíontach d'fhostaí don bhliain reatha in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim, cuirfear sonraí forlíontacha maidir le pá agus cáin leis na sonraí arb eol cheana iad agus seolfar chuig an bhfostóir iad ar an gcéad deimhniú creidmheasa cánach eile a eiseofar don fhostaí sin.
7. Cad is litir FS19 ann?
Sna blianta roimhe seo, sheol na Coimisinéirí Ioncaim litir FS19 chuig fostóirí chun iad a chur ar an eolas faoi shonraí fostaí nua maidir le Pá agus Cáin Iomlán óna bhfostaíocht(aí) roimhe. I gcásanna áirithe ina raibh an fostóir ar an eolas cheana féin maidir le Pá agus Cáin Iomlán an fhostaí roimhe (ó P45 an fhostaí, mar shampla) níor eisíodh litir FS19.
Ó 1 Eanáir 2006, cuirtear an Pá agus Cáin Iomlán a bhí ag an bhfostaí roimhe (más eol) san áireamh ar an deimhniú creidmheasa cánach a sheoltar chuig an bhfostóir. Ní úsáidtear an litir FS 19 a thuilleadh.
Murab eol cén pá ná cén cháin iomlán a bhí ag an bhfostaí roimhe, eiseofar an deimhniú creidmheasa cánach ar bhonn seachtain 1/mí 1.
8. Cad iad na sonraí pá agus cánach a bheidh san áireamh ar an deimhniú creidmheasa cánach?
Cuirfear sonraí uile an fhostaí maidir le pá agus cáin ó 1 Eanáir go dtí dáta tosaigh na fostaíochta nua san áireamh ar an deimhniú creidmheasa cánach.
Sampla 5: Má thosaíonn fostaí ag obair le Cuideachta A ar 22 Meitheamh 2006, cuirfear an pá agus an cháin a bhí ag an bhfostaí roimhe don tréimhse 1 Eanáir 2006 go 21 Meitheamh 2006 (más ann dóibh) san áireamh ar an deimhniú creidmheasa cánach a eiseofar do Chuideachta A i Meitheamh 2006. Murab eol na sonraí pá agus cánach seo, eiseofar an deimhniú ar bhonn seachtain 1/mí 1.
Sampla 6: Má scoireann an fostaí i Sampla 1 den obair le Cuideachta A ar 10 Lúnasa 2006 agus má atosaíonn sé le Cuideachta A ar 15 Deireadh Fómhair 2006, cuirfear sonraí uile an fhostaí maidir le pá agus cáin ó 1 Eanáir 2006 go 14 Deireadh Fómhair 2006 san áireamh sna sonraí pá agus cánach a bheidh ar an deimhniú a sheolfar chuig Cuideachta A i nDeireadh Fómhair 2006.
9. An mbeidh sonraí faoin bpá agus faoin gcáin roimhe seo á gcur san áireamh sna deimhnithe creidmheasa cánach leasaithe a eiseofar dá éis, nó an é nach dtaispeánfar an fhaisnéis phá agus chánach seo ach ar an gcéad deimhniú creidmheasa cánach a eiseofar i ndiaidh don fhostaí nua tosú ar an obair?
Taispeánfar sonraí faoin bpá agus faoin gcáin a bhí ag an bhfostaí roimhe ar gach deimhniú creidmheasa cánach carnaí leasaithe ina dhiaidh sin.
Ní thaispeánfar na sonraí faoin bpá agus faoin gcáin roimhe má eiseofar deimhniú ina dhiaidh sin ar bhonn seachtain 1/mí 1.
10. Má thosaíonn fostaí ar obair agus má scoireann sé/sí di roinnt uaireanta leis an bhfostóir céanna le linn na bliana cánach, an mbeidh an méid a thuill an fostaí leis an bhfostóir seo san áireamh ar an deimhniú creidmheasa cánach, mar a dtugtar sonraí faoin bpá agus faoin gcáin roimhe seo?
Beidh. Is éard atá sna figiúir phá agus chánach d'fhostaí ar an deimhniú creidmheasa cánach ná suimeanna carnacha ó 1 Eanáir chomh fada le dáta tosaithe thréimhse seo na fostaíochta.
Sampla 7: Má oibríonn fostaí le Cuideachta A ó 1 Eanáir 2006 go 30 Márta 2006, agus ansin má oibríonn sé le Cuideachta B ar feadh roinnt míonna sula bhfilleann sé ar obair le Cuideachta A ar 10 Deireadh Fómhair 2006, cuirfear an pá agus an cháin uile ó 1 Eanáir 2006 go 9 Deireadh Fómhair 2006 san áireamh sna figiúir phá agus chánach a bheidh ar an deimhniú a eiseofar do Cuideachta A i nDeireadh Fómhair 2006.
11. Anois go gcuimsíonn an deimhniú creidmheasa cánach sonraí faoin bpá agus faoin gcáin uile roimhe seo don bhliain go dáta, conas a dhéanfaidh fostóir sainaithint ar an méid de a tuilleadh leis an bhfostóir seo níos luaithe sa bhliain chánach thar an méid de a tuilleadh le fostóirí eile?
Oibríonn an córas ÍMAT ar bhonn carnach - glactar gach suim dar tuilleadh go dáta san áireamh agus ÍMAT fostaí á ríomh.
Ní thabharfaidh an deimhniú creidmheasa cánach miondealú ar gach fostaíocht nó fostóir san áit a bhfuair an fostaí na suimeanna a tuilleadh nó gur íoc sé an cháin - ní thaispeánann sé ach an figiúr carnach chomh fada le dáta tosaithe thréimhse seo na fostaíochta.
Bheadh a fhios ag an bhfostóir óna thaifid féin cén tsuim phá agus chánach a íocadh leis an bhfostaí cheana féin i rith tréimhsí difriúla fostaíochta ach caithfidh siad an pá agus an cháin charnach ó gach fostaíocht go dtí seo a úsáid agus dliteanas ÍMAT á ríomh.
12. An féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim sonraí faoi phá agus faoi cháin an fhostaí a dheighilt de réir suimeanna a thuill an fostaí leis an bhfostóir seo, roimhe seo, agus suimeanna a thuill an fostaí le fostóirí eile?
Ní féidir sonraí faoin bpá agus faoin gcáin a bhí ag an bhfostaí roimhe a dheighilt chun na suimeanna a thuill an fostaí le gach fostóir a thaispeáint. Ní thaispeánfaidh an deimhniú creidmheasa cánach ach aon fhigiúr amháin pá agus aon fhigiúr amháin cánach. Is éard a bheidh sna sonraí faoin bpá agus faoin gcáin roimhe ná an tsuim iomlán a thuill an fostaí ó 1 Eanáir go dtí an dáta a thosaigh an fostaí ar an bhfostaíocht nua.
13. An gá don fhostóir úsáid a bhaint as na sonraí pá agus cánach fhostaí atá ar an deimhniú creidmheasa cánach?
I bhformhór na gcásanna, úsáidfidh an fostóir na sonraí pá agus cánach atá ar an deimhniú creidmheasa cánach. Níor chóir na figiúir seo maidir le pá agus cáin a bheith difriúil ó fhigiúir a fuarthas (abair) ón P45 carnach is déanaí toisc go mbeidh foinse na bhfigiúr mar an gcéanna i bhformhór na gcásanna.
Cuirtear sonraí an fhostaí maidir le pá agus cáin roimhe san áireamh ar an deimhniú creidmheasa cánach chun cabhrú leis an bhfostóir an ÍMAT ceart atá dlite a ríomh. Is iad na figiúir phá agus chánach na figiúir is cothroime le dáta dá mbíonn ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim. Mura mbíonn na figiúir phá agus chánach ar fáil, eiseofar an deimhniú creidmheasa cánach ar bhonn seachtain 1/mí 1.
Má bhíonn an fostóir ar an eolas go bhfuil na figiúir phá agus chánach ar an deimhniú creidmheasa cánach mícheart, ba chóir aird an Cheantair Ioncaim ábhartha a tharraingt air sin.
14. Cad is brí leis an Táscaire ar Chás Díolúine (Réimse 21)?
Tá líon beag fostaithe/pinsinéirí atá i dteideal Díolúine Cánach agus Faoisimh Imeallaigh. Ciallaíonn sin go ngearrtar cáin orthu ag 40% seachas ag an ráta níos airde cánach nuair a ghabhann a gcuid pá nó a bpinsin thar theorainn áirithe. Má bhíonn an fostaí/pinsinéir i dteideal Díolúine Cánach agus Faoisimh Imeallaigh, taispeánfar T sa Táscaire Díolúine agus taispeánfar an Ráta Níos Airde Cánach ag 40%. Taispeántar an Táscaire ar Chás Díolúine ar an leagan leictreonach agus páipéir araon den deimhniú creidmheasa cánach.
Is iad na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanann cinneadh maidir le teidlíocht an fhostaí ar an bhfaoiseamh seo - ba cheart don fhostóir ÍMAT a fheidhmiú de réir an deimhnithe creidmheasa cánach a eiseofar.
Le haghaidh tuilleadh eolais ar Dhíolúine Cánach agus Faoiseamh Imeallach, déan seiceáil ar an suíomh gréasáin anseo nó léigh Bileog IT 8 de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim
15. Cad iad na luachanna do Réimse 21 - Táscaire ar Chás Díolúine?
Tá 2 luach is féidir a bheith sa réimse seo:
- T - a chiallaíonn Tá - Tá an fostaí/pinsinéir i dteideal Díolúine Cánach agus Faoisimh Imeallaigh. Sa chás seo, is iad na rátaí cánach d'fhostaí do 2006 ná 20% agus 40%
- N - a chiallaíonn Níl - Níl an fostaí/pinsinéir i dteideal Díolúine Cánach
agus Faoisimh Imeallaigh. Sa chás seo, is iad na rátaí cánach d'fhostaí do 2006
ná 20% agus 42%
16. Conas a bheidh a fhios ag fostóir cé atá i dteideal Díolúine Chánach agus Faoiseamh Imeallach a fháil?
Féach ar an Ráta Níos Airde Cánach - is é an bealach is tapúla le seiceáil a dhéanamh.
Sa chás go mbíonn fostaí nó pinsinéir i dteideal Díolúine Cánach agus Faoisimh Imeallaigh, taispeánfar an Ráta Níos Airde Cánach de 40% ar an deimhniú creidmheasa cánach.
Ní bhíonn ach líon an-bheag daoine, pinsinéirí ÍMAT den chuid is mó, i dteideal Díolúine Cánach agus Faoisimh Imeallaigh gach bliain.
17. An féidir leat sampla ÍMAT a thabhairt a léiríonn conas a oibreoidh Díolúine Chánach agus Faoiseamh Imeallach?
Féach: Díolúine Chánach agus Faoiseamh Imeallach:
18. An eiseofar deimhnithe creidmheasa cánach le ráta 0% (céatadán nialasach)?
Ní eiseofar. Níl aon ráta de 0%. Eiseofar deimhnithe creidmheasa cánach ar a dtaispeánfar 20% & 42% don chuid is mó d'fhostaithe, nó 20% & 40% (rátaí 2006) d'fhostaithe atá i dteideal Díolúine Cánach agus Faoisimh Imeallaigh.
19. An gá don fhostóir an Ráta Cánach Faoisimh Imeallaigh de 40% a léiriú ar an bhFoirm P45 nó P60?
Ní gá. Ní chuirtear rátaí cánach san áireamh agus Foirm P45 nó Foirm P60 á comhlánú.
20. Cathain a ghearrann an fostóir cáin ar fhostaí ag an ráta imeallach de 40%?
Chun cáin a ghearradh ar fhostaí ag 40%, caithfidh an fostóir deimhniú creidmheasa cánach reatha don fhostaí a bheith aige a léiríonn go bhfuil an fostaí i dteideal Díolúine Cánach agus Faoisimh Imeallaigh.
Taispeánfaidh an deimhniú an Ráta Níos Airde Cánach ag 40%
Níl aon chúinsí eile inar féidir le fostóir an ráta imeallach de 40% a úsáid
21. Cad is Díolúine Chánach & Faoiseamh Imeallach ann?
Ní bheidh ar aon duine aonair/lánúin phósta cáin a íoc don bhliain ina bhfuil a chuid/a gcuid ioncaim iomláin ó gach foinse níos lú ná nó cothrom leis an teorainn díolúine. D'fhéadfadh aon duine aonair/lánúin phósta a bhfuil a chuid/a gcuid ioncaim iomláin ó gach foinse beagáinín os cionn na teorann díolúine a bheith i dteideal faoisimh imeallaigh. Is é an Cigire Cánach - ní an fostóir - a dhéanann cinneadh maidir le teidlíocht aon duine aonair ar Dhíolúine agus ar Fhaoiseamh Imeallach. Ní mór don fhostóir ÍMAT a fheidhmiú de réir an deimhnithe creidmheasa cánach a eiseofar. Breis eolais ar Dhíolúine agus ar Fhaoiseamh Imeallach
22. Cad is Ordú Eisiatachta ÍMAT ann?
Má tá duine fostaithe thar lear ag fostóir Éireannach (agus dualgais uile na fostaíochta á gcomhlíonadh thar lear) agus má tá sé le bheith neamhchónaitheach sa bhliain chánach, eisítear Ordú Eisiatachta ÍMAT. Ní mór don fhostóir sonraí iomlána a chur isteach i scríbhinn chuig an oifig chuí de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim.
Ní hionann Ordú Eisiatachta agus Díolúine Chánach agus Faoiseamh Imeallach.
Má tá ordú eisiatachta reatha agat d'fhostaí, níor chóir an fostaí sin a chur san áireamh sa chóras ÍMAT ná sonraí maidir lena phá a chur san áireamh ar an tuairisceán P35.
Breis eolais faoi Orduithe Eisiatachta
23. Cá bhfaighidh mé cóipeanna d'Fhógra ÍMAT na gCoimisinéirí Ioncaim d'Fhostóirí?
Ar shuíomh gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim: Fógra ÍMAT d'Fhostóirí
24. Sa chás gur oibrigh fostaí leis an bhfostóir céanna roinnt uaireanta le linn na bliana cánach, cén figiúr pá agus cánach a iontrálann an fostóir ar an bhFoirm P45 ag Cuid (b)? [Is í an cheist a chuirtear ar Fhoirm P45 ag Cuid (b): - Má thosaigh fostaíocht ó 1 Eanáir seo caite, iontráil Pá agus Cáin a asbhaineadh (nó Cáin a aisíocadh) don tréimhse fhostaíochta seo amháin]
Is éard is brí leis an téarma 'an tréimhse seo fostaíochta amháin' ná an tréimhse fostaíochta is déanaí.
Sampla 8: Oibríonn fostaí ar feadh trí thréimhse le linn 2006 leis an bhfostóir céanna
Tréimhse 1: 1 2006 Eanáir go 10 Márta 2006
Tréimhse 2: 14 Iúil 2006 go 5 Lúnasa 2006
Tréimhse 3: 17 Deireadh Fómhair 2006 go 22 Samhain 2006
Nuair a eisíonn an fostóir P45 ar 22 Samhain 2006, níor chóir ach figiúir phá agus chánach an fhostaí don tréimhse 17 Deireadh Fómhair 2006 go 22 Samhain 2006 amháin a iontráil ag Cuid (b) ar an P45
Ba chóir an Pá agus an Cháin Iomlán ó gach fostaíocht don tréimhse 1 Eanáir 2006 go 22 Samhain 2006 (lena n-áirítear fostóirí eile, más ann dóibh) a iontráil ag Cuid (a) ar an P45
25. Sa chás gur oibrigh fostaí leis an bhfostóir céanna roinnt uaireanta le linn na bliana cánach, cén figiúr pá a iontrálann an fostóir ar an P60 ag Cuid (A) PÁ Ceist 3? [Is í an cheist a chuirtear ar an P60 ag Cuid (A) 3: - Pá i leith na fostaíochta seo ]
Is éard is brí leis an téarma 'Pá i leith na fostaíochta seo' ná pá i leith na tréimhse seo fostaíochta is déanaí.
Sampla 9: Oibríonn fostaí ar feadh ceithre thréimhse le linn 2006 leis an bhfostóir céanna
Tréimhse 1: 1 Eanáir 2006 go 15 Feabhra 2006
Tréimhse 2: 21 Aibreán 2006 go 10 Meitheamh 2006
Tréimhse 3: 18 Lúnasa 2006 go 29 Meán Fómhair 2006
Tréimhse 4: 24 Samhain 2006 go dtí am éigin i 2007
Nuair a eisíonn an fostóir P60 ar 31 Nollaig 2006, níor chóir ach figiúr Pá an fhostaí don tréimhse fhostaíochta 24 Samhain 2006 go 31 Nollaig 2006 amháin a iontráil ag Cuid (A) 3 ar an P60. Níor chóir ach figiúr Cánach an fhostaí don tréimhse 24 Samhain 2006 go 31 Nollaig 2006 amháin a iontráil ag Cuid (B) 3 ar an P60.
Ba chóir an Pá agus an Cháin Iomlán ó gach fostaíocht don tréimhse 1 Eanáir 2006 go 31 Nollaig 2006 (lena n-áirítear fostóirí eile, más ann dóibh) a iontráil ar an P60 ag Codanna (A) 1 agus (B) 1 faoi seach.
26. Nuair a oibríonn fostaí leis an bhfostóir céanna roinnt uaireanta le linn na bliana cánach, cé na figiúir pá agus cánach a iontrálann an fostóir ar an P35?
Féach - Ceisteanna Coitianta faoin P35
27. An féidir leat Réimse 11 a mhíniú - an dáta a dtagann deireadh leis an deimhniú creidmheasa cánach?
Roinnt deimhnithe creidmheasa cánach - mar shampla: deimhnithe ar bhonn seachtain 1/mí 1 - ní eisítear iad ach d'aon bhliain amháin. Taispeánfaidh an deimhniú dáta deiridh de 31 Nollaig na bliana sin.
Eiseofar deimhniú creidmheasa cánach nua don fhostaí seo sa Réamheisiúint Bhuilc de dheimhnithe creidmheasa cánach a tharlaíonn i nDeireadh Fómhair/Samhain gach bliain. Beidh an deimhniú nua seo i bhfeidhm ó thús na chéad bhliana cánach eile.
Sampla 10: Eisítear deimhniú ar bhonn seachtain 1 d'fhostaí ar 10 Lúnasa 2006 - taispeánann an deimhniú seo dáta deiridh deimhnithe de 31 Nollaig 2006. Níor chóir don fhostóir an deimhniú seo a úsáid ach amháin faoi cheann dheireadh na bliana cánach 2006 - 31 Nollaig 2006.
Sa Réamheisiúint Bhuilc de dheimhnithe creidmheasa cánach do 2007 - i nDeireadh Fómhair nó i Samhain 2006 - eiseofar deimhniú creidmheasa cánach nua don fhostaí seo. Is féidir an deimhniú nua seo a úsáid ar an ngnáthbhealach ó 1 Eanáir 2007. Níl aon ghá an fostaí a chur ar Bhonn Éigeandála Asbhainte Cánach ná ar bhonn seachtain 1/mí 1.
Nóta: Tá roinnt fáthanna eile ann a n-eiseofaí deimhniú creidmheasa cánach agus dáta deiridh deimhnithe air. Tá an nós imeachta atá le glacadh ag an bhfostóir i ngach uile chás, áfach, de réir mar a leagtar amach thuas.
28. Cé leis ba cheart dom teagmháil a dhéanamh má bhíonn ceist eile agam?
Tá sé tábhachtach go rachaidh tú i dteagmháil leis an rannán cuí sna Coimisinéirí Ioncaim sa chaoi go dtabharfar freagra ceart tapaidh ar do cheist.
- Ba chóir fiosrúcháin faoi Sheirbhís Ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) a dhíriú chuig Líne Chabhrach ROS 1890 20 11 06
- Ba chóir fiosrúcháin teicniúla faoi fhormáid comhaid dheimhnithe creidmheasa cánach leictreonacha a dhíriú chuig: Anne Carey (01) 6748710 nó cuir ríomhphost chuig acarey@revenue.ie
Nó déan seiceáil ar an suíomh gréasáin - Seirbhísí Ar Líne. - Ba chóir fiosrúcháin faoi dheimhnithe creidmheasa cánach ar leith
nó faoi eisiúint deimhnithe creidmheasa cánach nua nó leasaithe do d'fhostaithe
a dhíriú chuig an gCeantar Ioncaim a thaispeántar ar
chóip an fhostóra den deimhniú creidmheasa cánach. - Ba chóir fiosrúcháin ghinearálta gnó maidir le deimhnithe creidmheasa cánach a dhíriú chuig an Seirbhís Tacaíochta agus Faisnéise d'Fhostóirí 1890 25 45 65
