Cárta Asbhainte Cánach agus Cárta Párolla MSU

Fáilte chuig Cárta Asbhainte Cánach (CAC) leictreonach na gCoimisinéirí Ioncaim agus Cárta Párolla MSU. Tabharfaidh an tsaoráid seo cúnamh d'fhostóirí taifead iomlán asbhainte fhostaí a choimeád ar shonraí uile Pá, Cánach, MSU agus ÁSPC an fhostaí.

Cárta Asbhainte Cánach

Ar Dheimhniú Creidmheasa Cánach fhostaí a fháil, ní gá d'fhostóir ach an méid bliantúil Creidmheasa Cánach agus Scoithphointe a thaispeántar ar an Deimhniú Creidmheasa Cánach a iontráil ar an CAC leictreonach chun méideanna seachtainiúla nó míosúla Creidmheasa Cánach agus Scoithphointe a ríomh.

Is féidir an CAC a phriontáil nó a shábháil ar do ríomhaire pearsanta lena choinneáil slán.

Conas an CAC leictreonach a úsáid

  • Roghnaigh an nasc cuí CAC thíos
  • Comhlánaigh sonraí an Fhostaí
  • Tar éis duit na Creidmheasanna Cánach agus an Scoithphointe a iontráil, roghnaigh an cnaipe 'Ríomh'

Taispeánfaidh an CAC na méideanna carnacha seachtainiúla nó míosúla Creidmheasa Cánach agus Scoithphointe do gach seachtain nó mí den bhliain.

Nóta: Ní choimeádann na Coimisinéirí Ioncaim na figiúirí a iontrálann tú ar an CAC - ní mór duit an CAC a shábháil nó a phriontáil tar éis é a chomhlánú. Má bhíonn breis agus CAC amháin ag teastáil ní mór duit gach cóip a chomhlánú agus a shábháil ar leithligh. Chun an CAC a shábháil ní gá duit ach an cnaipe 'Sábháil Mar' a roghnú. Chun an CAC a phriontáil roghnaigh an cnaipe 'Priontáil'.

Cárta Párolla Muirear Sóisialta Uilíoch

Is foirm ar leith é seo le sonraí Muirear Sóisialta Uilíoch (MSU) an fhostaí a thaifeadadh. Ón 1 Eanáir 2012 léireofar rátaí agus scoithphointí MSU chomh maith le rátaí agus Scoithphointí IMAT ar Theastais Chreidmheasa Cánach.

Conas an cárta párolla MSU a úsáid

  • Roghnaigh an nasc cuí cárta párolla MSU thíos
  • Comhlánaigh sonraí an Fhostaí
  • Iontráil suim na scoithphointí i leith MSU do gach tréimhse.

Déantar an MSU Carnach a asbhaineadh nó a aisíocadh a iontráil de láimh ansin sna colúin ábhartha ar an CAC.

Má eisítear an Deimhniú Creidmheasa Cánach ar bhunús seachtain 1, cuir isteach na scoithphointí i leith MSU ar bhonn na tréimhse íocaíochta.

Nóta: Ní choimeádann na Coimisinéirí Ioncaim na figiúirí a iontrálann tú ar an Cárta Párolla MSU - ní mór duit an Cárta Párolla MSU a shábháil nó a phriontáil tar éis é a chomhlánú. Má bhíonn breis agus CAC amháin, ag teastáil ní mór duit gach cóip a chomhlánú agus a shábháil ar leithligh.

(Adobe Acrobat Reader PDFNasc seachtrach)

Ar ais go barr


Leagan furasta le priontáil