Ceisteanna Coitianta ar Dhearbhuithe P35
- Cad iad na bealaí atá ar fáil le tuairisceáin P35 a chur isteach?
- Conas is féidir liom clárú do Sheirbhís Ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)?
- Cad is gá dom a chur faoi iamh leis an tuairisceán P35 nuair a chuirim isteach chuig d'oifig é?
- Cad iad na sonraí atá le tuairisciú ar an P35LF?
- An gá dom an P35 LF nua a chomhlánú do gach fostaí?
- Ar chóir dom an tuairisceán P35 LF a chur isteach mura mbaineann sé liom?
- An gá mo phárolla ar ríomhaire a bheith comhoiriúnach le ROS chun an P35 a chomhdú trí ROS?
- An gá d'fhostóirí an líon ranníocaíochtaí árachais leighis a íocadh do gach fostaí a iontráil ar an P35L/P35L/T?
- Mura ndearnadh aon ranníocaíochtaí leighis do na fostaithe, ar chóir dom na réimsí ar na foirmeacha P35L/P35L/T a fhágáil bán?
- Conas is féidir an párolla bainistíochta a phróiseáil ar leithligh ó shonraí foirne ar an P35?
- An féidir liom an Dearbhú P35 agus na foirmeacha P35 LF, P35L agus P35L/T a fhótachóipeáil chun mo thuairisceán a chomhlánú?
- An gcuirfidh mé Stiúrthóirí san áireamh ar an P35?
- Má bhí duine gaolta liom ag obair liom le linn na bliana, an gcuirfidh mé é/í san áireamh ar an P35?
- Mura raibh fostaí ar bith agam le linn na bliana cánach, an gá dom fós tuairisceán P35 a chur isteach?
- Mura raibh fostaí ar bith agam le linn na bliana cánach, agus mura mbeidh fostaí ar bith agam amach anseo, conas a chuirfidh mé mo chlárú fostóra ar ceal?
- Má d'imigh fostaí le linn na bliana cánach, an gá dom é/í a chur san áireamh ar mo thuairisceán P35?
- Cá bhfaighidh mé na foirmeacha P60 le heisiúint do m'fhostaithe?
- Cá bhfaighidh mé leaganacha ROS agus páipéir de na foirmeacha P45?
- Má d'imigh fostaí roimh dheireadh na bliana cánach, ar cheart dom P60 a thabhairt dó/di?
- Má thosaigh fostaí ag obair liom le linn na bliana cánach, an gcuirfidh mé na sonraí ÍMAT/ÁSPC faoin bhfostaíocht a bhí aige roimhe seo san áireamh ar mo thuairisceán P35?
- Má bhí fostaí ag obair liom ar feadh dhá thréimhse, nó níos mó, ar leith le linn na bliana cánach, an ndéanfaidh mé dhá iontráil ar leith ar an P35 nó an gcuirfidh mé na sonraí sin le chéile san aon iontráil amháin?
- Má tá fostaí agam a bhfuil uimhir PSP aige (a bhí ina huimhir Ioncaim agus Árachais Shóisialaigh (IAS) tráth) agus nach bhfuil liostáilte ar an P35L, cad ba chóir dom a dhéanamh?
- Más sealbhóir mé ar dheimhniú orduithe eisiatachta ÍMAT d'fhostaí, an gcuirfidh mé é/í san áireamh ar mo thuairisceán P35?
- Má fhostaím fostaí nach bhfuil uimhir PSP aige/aici, cé leis ba cheart dó/di dul i dteagmháil?
- Nuair a sheolfaidh mé an P35 ar ais chun oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, an gcuirfidh mé cóipeanna de na foirmeacha comhlánaithe P60 faoi iamh?
- Nuair a sheolfaidh mé an P35 ar ais chun oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, an gcuirfidh mé mo Chártaí Asbhainte Cánach comhlánaithe faoi iamh?
- Íocaim ÍMAT agus ÁSPC trí Dhochar Díreach agus tá ró-íocaíocht ann ag deireadh na bliana cánach. Conas a dhéanfaidh mé éileamh ar an ró-íocaíocht seo?
- Má bhí breis agus dhá aicme ÁSPC ag fostaí le linn na bliana cánach, cén áit a léireoidh mé na haicmí breise?
- Má chuirim seic ar aghaidh roimh an dáta dlite gan an P35, an seachnóidh mé an pionós ar íocaíocht dhéanach?
- Cad is "Pá Comhlán"/"Pá Glan" ann?
- Má rinne mé botún ar mo bhuntuairisceán P35, atá curtha isteach chuig d'oifig cheana féin, conas is féidir liom an botún sin a cheartú anois?
- Cad ba cheart dom a dhéanamh má athraíodh m'Uimhir Fhostóra le linn na bliana cánach?
- Mura bhfuair mé Cárta Asbhainte Cánach do dhuine de m'fhostaithe, conas a bhfaighidh mé ceann?
- Conas a ghabhfaidh mé leis an scéim Dochair Dhírigh/conas a athróidh mé mo Dhochar Díreach míosúil?
- Má bhíonn mo thuairiscéan P35 ullamh le cur isteach agam ach mura mbíonn an t-iarmhéid amuigh agam le seoladh in éineacht leis, ar chóir dom an tuairisceán a choinneáil go dtí go mbeidh an t-airgead agam agus ansin iad a sheoladh in éineacht?
- Má bhíonn breis páipéarachais P35/P60 ag teastáil uaim, cé leis ba cheart dom dul i dteagmháil?
- Más mian liom mo sheoladh poist a athrú, cé leis ba cheart dom dul i dteagmháil?
1. Cad iad na bealaí atá ar fáil le tuairisceáin P35 a chur isteach?
Tá dhá bhealach ann le tuairisceáin P35 a chur isteach:
Tuairisceán Páipéir: Má úsáidtear párolla láimhe, ba chóir tuairisceán páipéir a chur isteach ina bhfuil Bundearbhú P35 agus bunfhoirm(eacha) P35L, P35 LF agus P35L/T.
Seirbhís Ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim: Cuireann ROS ar chumas duine Tuairisceán P35 a chomhdú go sábháilte ar líne agus aon iarmhéid dlite a íoc ar líne faoi threoir maidir le dochar Laser nó ROS. Is féidir an tuairisceán P35 a chomhdú trí ROS má úsáidtear párolla ríomhairithe atá comhoiriúnach le ROS nó párolla láimhe. Faigheann custaiméirí ROS admháil láithreach ar thuairisceáin agus bíonn fáil ar líne acu ar fhaisnéis cánach 24 uair sa ló. Is féidir íocaíochtaí P30 a dhéanamh go leictreonach, freisin, trí ROS.
2. Conas is féidir liom clárú do Sheirbhís Ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS)?
Tá próiseas éasca clárúcháin ag ROS a bhfuil trí chéim ann. Ó leathanach baile ROS cliceáil ar "Conas clárú mar chustaiméir ROS" agus lean an próiseas trí chéime. Eiseofar Deimhniú Digiteach duit nuair a bheidh an trí chéim déanta agat. Cuireann an Deimhniú Digiteach ar do chumas ROS a rochtain agus úsáid a bhaint as an raon iomlán seirbhísí atá ann. Moltar duit clárú píosa maith roimh dháta dlite an chomhdaithe P35 .i. 15 Feabhra. Tógann próiseas clárúcháin ROS thart ar 8 lá oibre.
3. Cad is gá dom a chur faoi iamh leis an tuairisceán páipéir P35 nuair a chuirim isteach chuig d'oifig é?
Tuairisceán Páipéir: Má bhíonn tú ag comhdú de láimh, ba cheart Bundearbhú P35, bunfhoirm P35LF más ábhartha í, agus bunfhoirm(eacha) P35L agus P35LT a bheith sna tuairisceáin
P35L: Sonraí fostaithe a bhfuil uimhreacha PSP acu.
P35L/T: Sonraí fostaithe nach eol cén uimhir PSP atá acu. Maidir leis na fostaithe sin, ní mór ainm iomlán, seoladh príobháideach, dáta breithe agus sloinne breithe na máthar a thabhairt.
4. Cad iad na sonraí atá le tuairisciú ar an P35LF?
P35LF: Úsáidtear an P35LF chun taifead a dhéanamh ar:
- Sochar Comhchineáil Iomlán do gach fostaí.
- An líon iomlán fostaithe a dhéanann ranníocaíocht i leith táirgí pinsin agus na suimeanna iomlána arna ranníoc ag na fostaithe.
- An líon iomlán fostaithe dá ndearna an fostóir ranníocaíocht i leith táirgí pinsin, agus an tsuim iomlán arna ranníoc ag an bhfostóir.
5. An gá dom P35LF a chomhlánú do gach fostaí?
Ní ga. Ní gá ach an tsuim iomlán a thabhairt ar an P35LF.
6. Ar chóir dom an P35LF a chur isteach mura mbaineann sé liom?
Níor chóir. Níl aon ghá an fhoirm bhán a thabhairt ar ais.
7. An gá mo phárolla ar ríomhaire a bheith comhoiriúnach le ROS chun an P35 a chomhdú trí ROS?
Is gá. Ní mór go mbeadh do phárolla comhoiriúnach le ROS. Cuireann ROS sonraíocht ar fáil do sholáthróirí bogearraí párolla, a chuireann ar a gcumas a mbogearraí a dhéanamh comhoiriúnach leis an gcóras ROS. I ndiaidh an chomhoiriúnaithe, is féidir le fostóirí agus gníomhairí a d'úsáid an bogearra lena dtuairisceán a chomhlánú é a uaslódáil trí ROS. Tá an tsonraíocht ar fáil ar leathanach baile ROS faoi Riachtanais Córais.
D'fhonn a chinntiú go bhfuil ar chumas do phacáiste párolla tuairisceán P35 a chomhdú trí ROS, téigh i dteagmháil le soláthróir an phacáiste párolla, le do thoil.
8. An gá d'fhostóirí an líon ranníocaíochtaí árachais leighis a íocadh do gach fostaí a iontráil ar an P35L/P35L/T?
Is gá. Tá réimse breise ar an P35L agus ar an P35L/T le haghaidh árachais leighis arna íoc ag an bhfostóir. Ba chóir taifead a dhéanamh le haghaidh gach fostaí ar mhéid na táille árachais arna íoc ag an bhfostóir leis an soláthróir árachais móide an méid arna íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim, .i. faoiseamh cánach ag an bhfoinse.
9. Mura ndearnadh aon ranníocaíochtaí leighis do na fostaithe, ar chóir dom na réimsí ar na foirmeacha P35L agus P35L/T a fhágáil bán?
Ba chóir. Ba chóir na réimsí ábhartha a fhágáil bán.
10. Conas is féidir an párolla bainistíochta a phróiseáil ar leithligh ó shonraí foirne ar an P35?
Go hidéalach, ba chóir na sonraí ar fad a chomhdú ar an Tuairisceán céanna. Ach, más gá, is féidir sonraí foirne a chomhdú leis an mBuntuairisceán agus sonraí bainisteoirí a chomhdú mar Thuairisceán Forlíontach. Ba chóir an dá thuairisceán a chur isteach faoi cheann an spriocdháta de 15 Feabhra.
11. An féidir liom an Dearbhú P35 agus na foirmeacha P35 LF, P35L agus P35L/T a fhótachóipeáil chun mo thuairisceán a chomhlánú?
Ní féidir. Ní féidir ach na cinn bhunaidh a phróiseáil. Is féidir breis foirmeacha a iarraidh ach teagmháil a dhéanamh le Seirbhís do Chustaiméirí agus Eolas d'Fhostóirí ar 1890 254 565 - Ba chóir do ghlaoiteoirí ón gcoigríoch glaoch ar + 353 67 63400. Ríomhphost p35helpline@revenue.ie
12. An gcuirfidh mé Stiúrthóirí san áireamh ar an P35?
Cuir. Nuair a chuirtear cuideachta ar bun, ní mór don chuideachta clárú mar fhostóir agus ÍMAT/ÁSPC a fheidhmiú ar phá stiúrthóirí fiú amháin sa chás nach bhfuil aon fhostaithe ann.
13. Má bhí duine gaolta liom ag obair liom le linn na bliana, an gcuirfidh mé é/í san áireamh ar an P35?
Cuir. Ní mór gach duine atá i bhfostaíocht agat le linn na bliana cánach a chur san áireamh ar an P35 ach amháin sa chás go bhfuil deimhniú orduithe eisiatachta agat.
14. Mura raibh fostaí ar bith agam le linn na bliana cánach, an gá dom fós tuairisceán P35 a chur isteach?
Is gá. Tá d'oibleagáid ort tuairisceán a chomhdú. Ba chóir an Dearbhú P35 a chomhlíonadh trí dhliteanas nialais a léiriú ann (Iontráil "0" ar an Dearbhú P35) agus ní mór an dearbhú a shíniú. Sna cásanna seo ní gá na tuairisceáin P35L/P35LT /P35LF a chur isteach.
15. Mura raibh fostaí ar bith agam le linn na bliana cánach, agus mura mbeidh fostaí ar bith agam amach anseo, conas a chuirfidh mé mo chlárú fostóra ar ceal?
Chun do chlárú fostóra a chur ar ceal, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le do Cheantar Ioncaim áitiúil.
Foirm Fhógartha um Chlárú Cánach a Chur ar Ceal TRCN1 (PDF, 51KB)
16. Má d'imigh fostaí le linn na bliana cánach, an gá dom é/í a chur san áireamh ar mo thuairisceán P35?
Is gá. Ní mór gach duine a bhí i bhfostaíocht agat le linn na bliana cánach a chur san áireamh ar an P35, fiú amháin iad siúd a d'imigh agus fiú amháin mura raibh aon dliteanas cánach ar an bhfostaí sin. Is é an t-aon eisceacht amháin é an cás go mbíonn deimhniú orduithe eisiatachta agat.
17. Cá bhfaighidh mé na foirmeacha P60 le heisiúint do m'fhostaithe?
Is féidir le custaiméirí/gníomhairí a chuireann a dtuairisceáin P35 isteach trí ROS a gcuid foirmeacha P60 féin a phriontáil anois ar pháipéar bán A4. Agus ROS á úsáid, is féidir na foirmeacha P60 a phriontáil trí 'Priontáil P60' a roghnú ar líne agus as líne araon. Is féidir leat an teimpléad P60 a íoslódáil ó shuíomh gréasáin ROS chomh maith - www.ros.ie - téigh chuig íoslódálacha ar an leathanach baile. Maidir le fostóirí a chuireann a dtuairisceáin P35 isteach ar pháipéar, eiseofar foirmeacha láimhe P60 dóibh in éineacht lena bpacáistí P35 i Samhain/Nollaig. Is féidir leat breis foirmeacha P60 a ordú ach teagmháil a dhéanamh le Seirbhís do Chustaiméirí agus Eolas d'Fhostóirí trí ríomhphost: p35helpline@revenue.ie, nó trí ghlaoch ar Sheirbhís do Chustaiméirí agus Eolas d'Fhostóirí ar 1890 254565. Ba chóir do ghlaoiteoirí ón gcoigríoch glaoch ar + 353 67 63400 nó scríobh chuig Seirbhís do Chustaiméirí agus Eolas d'Fhostóirí, Na Coimisinéirí Ioncaim, An tAonach, Co. Thiobraid Árann.
18. Cá bhfaighidh mé foirmeacha P45 páipéir/ROS?
Is féidir foirmeacha P45 a fháil ó Fhoirmeacha agus Bileoga @ 1890 306706 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig custform@revenue.ie. Ba chóir uimhir chláraithe an fhostóra a lua i gcónaí.
19. Má d'imigh fostaí roimh dheireadh na bliana cánach, ar cheart dom P60 a thabhairt dó/di?
Níor cheart. Níor cheart foirmeacha P60 a thabhairt ach amháin d'fhostaithe a bhí i bhfostaíocht leis an bhfostóir ar 31 Nollaig.
20. Má thosaigh fostaí ag obair liom le linn na bliana cánach, an gcuirfidh mé na sonraí ÍMAT/ÁSPC faoin bhfostaíocht a bhí aige roimhe seo san áireamh ar mo thuairisceán P35?
Ná cuir. Is iad na sonraí a bhaineann leis an bhfostaíocht atá/a bhí ag an duine sin leatsa amháin is ceart a chur san áireamh ar do Thuairisceán P35.
21. Má bhí fostaí ag obair liom ar feadh dhá thréimhse, nó níos mó, ar leith le linn na bliana cánach, an ndéanfaidh mé dhá iontráil ar leith ar an P35 nó an gcuirfidh mé na sonraí sin le chéile san aon iontráil amháin?
Má bhí fostaí ag obair leat ar feadh breis agus tréimhse amháin le linn na bliana cánach, cuir sonraí na dtréimhsí ar fad le chéile agus iontráil méid comhiomlán na dtréimhsí ar fad faoi gach ceannteideal ar an liostáil P35.
22. Má tá fostaí agam a bhfuil uimhir PSP aige (a bhí ina huimhir Ioncaim agus Árachais Shóisialaigh (IAS) tráth) agus nach bhfuil liostáilte ar an P35L, cad ba chóir dom a dhéanamh?
Ba chóir aon fhostaí nach bhfuil liostáilte ar an P35L a iontráil ar líne bhán ar an P35L agus na sonraí is gá le haghaidh na bliana cánach a thabhairt.
23. Más sealbhóir mé ar dheimhniú orduithe eisiatachta ÍMAT d'fhostaí, an gcuirfidh mé é/í san áireamh ar mo thuairisceán P35?
Ná cuir. Níl aon ghá an fostaí a bhfuil an deimhniú orduithe eisiatachta aige/aici a thuairisciú ar an P35L. Má bhíonn dliteanas ÁSPC ar an bhfostaí, déantar aon ranníocaíochtaí ÁSPC atá dlite a íoc go díreach leis an Roinn Coimirce Sóisialaí.
24. Má fhostaím fostaí nach bhfuil uimhir PSP aige/aici, cé leis ba cheart dó/di dul i dteagmháil?
Ba cheart dó/di dul i dteagmháil lena (h)oifig áitiúil de chuid na Roinne Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh (RGST) san áit a bhfuil cónaí air/uirthi, ionas go bhfaighidh sé/sí uimhir PSP. Tá liosta oifigí le fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne Coimirce Sóisialaí
nó seol ríomhphost chuig cis@welfare.ie
25. Nuair a sheolfaidh mé an P35 ar ais chun oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, an gcuirfidh mé cóipeanna de na foirmeacha comhlánaithe P60 faoi iamh?
Ná cuir. Ba chóir an dá chóip den P60 a thabhairt don fhostaí.
26. Nuair a sheolfaidh mé an P35 ar ais chun oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, an gcuirfidh mé mo Chártaí Asbhainte Cánach Leictreonacha comhlánaithe faoi iamh?
Ná cuir. Ba chóir don fhostóir cártaí asbhainte cánach leictreonacha nó taifid phárolla eile a choimeád ar feadh sé bliana i ndiaidh chríoch na bliana cánach dá dtagraíonn siad.
27. Má bhíonn ró-íocaíocht agam ar an P35 ag deireadh na bliana cánach. Conas a dhéanfaidh mé éileamh ar an ró-íocaíocht seo?
Má bhíonn tú ag déanamh an tuairisceáin ar ROS is féidir leat an aisíocaíocht a éileamh ar an scáileán 'Éileamh Aisíocaíochta P35'. Má bhíonn tú ag déanamh an tuairisceáin ar pháipéar is féidir éileamh a dhéanamh ar an ró-íocaíocht ach an méid a iontráil ar líne E ar an Dearbhú P35. Má cuireadh an tuairisceán isteach cheana, is féidir aisíocaíocht a éileamh ach scríobh chuig Rannóg Ró-Íocaíochtaí P35, An tArd-Bhailitheoir, f/ch Teach an tSáirséalaigh, Luimneach nó ríomhphost a scríobh chuig cgp35processinggroup@revenue.ie
28. Má bhí breis agus dhá aicme ÁSPC ag fostaí le linn na bliana cánach, cén áit a léireoidh mé na haicmí breise?
Is féidir suas go ceithre aicme a chur san áireamh ar an P35 agus tá siad ar fáil ar ROS chomh maith.
29. Má chuirim seic ar aghaidh roimh an dáta dlite gan an P35, an seachnóidh mé an pionós ar íocaíocht dhéanach?
Ní sheachnóidh. Mura bhfaightear do thuairisceán faoin dáta dlite de 15 Feabhra, beidh tú i mbaol pionóis.
30. Cad is 'Pá Comhlán'/'Pá Glan' ann?
Is é 'Pá Comhlán' an pá iomlán roimh asbhaintí agus cuimsíonn sé gach pá, tuarastal, bónas, coimisiún, pá saoire, srl.
Is é 'Pá Glan' an Pá Comhlán lúide aon ghnáthranníocaíochtaí aoisliúntais, arna ndéanamh ag an bhfostaí, is incheadaithe chun críocha cánach ioncaim (.i. ar chiste nó ar scéim arna fhaomhadh ag na Coimisinéirí Ioncaim) agus a asbhaineann an fostóir ón bpá. Ní mór ÍMAT a fheidhmiú ar an bpá glan iomlán.
31. Má rinne mé botún ar mo bhuntuairisceán P35, atá curtha isteach chuig d'oifig cheana féin, conas is féidir liom an botún sin a cheartú anois?
Is féidir Foirm P35 Fhorlíontach/Leasaithe a úsáid chun botúin ar an mBuntuairisceán P35 a cheartú nó chun sonraí a leasú chun dáta. Baineann tuairisceán forlíontach le hábhar sa chás gur fágadh fostaí ar lár as Buntuairisceán P35 a cuireadh isteach cheana féin. Ba chóir tuairisceáin fhorlíontacha a sheoladh ar ais chuig Oifig an Ard-Bhailitheora, Limistéar Chomhdaithe P35 Fhostóirí , Bosca Oifig Phoist 354, Saorphost, Luimneach.
Úsáidtear tuairisceán leasaithe P35 sa chás gur mian leis an bhfostóir athrú a dhéanamh ar shonraí maidir le fostaí/fostaithe a tuairiscíodh cheana. Ba chóir tuairisceáin leasaithe a sheoladh ar ais chuig an Rannóg um Leasú P35, An tArd-Bhailitheoir, f/ch Teach an tSáirséalaigh, Luimneach. ríomhphost: cgp35processinggroup@revenue.ie. Is féidir an fhoirm a fháil ach teagmháil a dhéanamh le Seirbhís do Chustaiméirí agus Eolas d'Fhostóirí ar 1890 254565. Ba chóir do ghlaoiteoirí ón gcoigríoch glaoch ar + 353 67 63400 nó ríomhphost a sheoladh chuig - P35helpline@revenue.ie.
Is féidir le comhdóirí ROS sonraí leasaithe nó forlíontacha a chur isteach ar líne, ach ba chóir don fhostóir/ghníomhaire fanacht nó go bhfaighidh sé admháil ar an mbuntuairisceán P35 ina inbhosca ROS ar dtús sula ndéanann sé iarracht an P35 leasaithe/forlíontach a chomhdú.
32. Cad ba cheart dom a dhéanamh má athraíodh m'Uimhir Fhostóra le linn na bliana cánach?
Má athraíodh d'uimhir fhostóra le linn na bliana cánach, ba chóir na sonraí pá, cánach agus ÁSPC suas chomh fada le dáta an athraithe a thuairisciú faoin seanuimhir chláraithe agus ba chóir sonraí pá, cánach agus ÁSPC na coda eile den bhliain chánach a thuairisciú faoin uimhir chláraithe nua. Ní mór tuairisceán comhlánaithe ar leith, lena n-áirítear an Dearbhú P35, a dhéanamh maidir le gach Uimhir Chláraithe.
33. Mura bhfuair mé Deimhniú Creidmheasa Cánach/P2C do dhuine de m'fhostaithe, conas a bhfaighidh mé ceann?
Is féidir leat Deimhniú Creidmheasa Cánach/P2C a fháil ach teagmháil a dhéanamh le do Cheantar Ioncaim áitiúil chun a chinntiú go bhfuil an fostaí arna shocrú faoi d'uimhir fhostóra -
Le go n-atheiseofar Deimhniú Creidmheasa Cánach/P2C duit, féadfaidh tú glaoch ar Sheirbhís do Chustaiméirí agus Eolas d'Fhostóirí trí íosghlao 1890 254565. Ba chóir do ghlaoiteoirí ón gcoigríoch glaoch ar + 353 67 63400 nó ríomhphost a sheoladh chuig - p35helpline@revenue.ie.
Ní bhíonn Cártaí Asbhainte Cánach á n-eisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim a thuilleadh. Tá teimpléad i gcomhair an Chárta Asbhainte Cánach Leictreonaigh le fáil ar an suíomh gréasáin seo.
Cárta Asbhainte Cánach Leictreonach
34. Conas a ghabhfaidh mé leis an scéim Dochair Dhírigh/conas a athróidh mé mo Dhochar Díreach míosúil?
Is féidir sin a dhéanamh ach teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Dhochair Dhírigh, An tArd-Bhailitheoir, Teach an tSáirséalaigh, Luimneach. Ríomhphost: cgdd@revenue.ie nó íoslódáil an bhileog CG7 Dochar Díreach
35. Má bhíonn an P35 ullamh le cur isteach agam, ach mura mbíonn an íocaíocht agam le cur leis?
Má bhíonn sé gar don dáta dlite i.e. 15 Feabhra, comhdaigh do thuairisceán P35 ar an toirt. Má bhíonn deacrachtaí airgid agat agus más mian leat socrú tráthchoda a chur ar bun, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le Seirbhís do Chustaiméirí, An tArd-Bhailitheoir, Teach an tSáirséalaigh, Luimneach ar 1890 20 30 70.
36. Má bhíonn breis páipéarachais P35 ag teastáil uaim, cé leis ba cheart dom dul i dteagmháil?
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le Seirbhís do Chustaiméirí agus Eolas d'Fhostóirí ar 1890 254565 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig p35helpline@revenue.ie
37. Conas is féidir liom mo sheoladh poist a athrú más gá?
Is féidir do sheoladh poist a athrú ar dhá bhealach. Tá rogha ar bhileog eolais an P35 gur féidir leat a chomhlánú agus a sheoladh ar ais in éineacht leis an P35, nó is féidir leat scríobh chuig an Rannóg um Sheirbhís do Chustaiméirí agus Eolas d'Fhostóirí, Na Coimisinéirí Ioncaim, Oifigí Rialtais, An tAonach, Co. Thiobraid Árann. Ríomhphost: P35helpline@revenue.ie
