Costais Incheadaithe

Cad iad na costais is féidir liom a éileamh?

Is féidir leat éileamh a dhéanamh ar aon chostais ghnó ar thabhaigh tú chun brabús a dhéanamh. Caiteachas ioncaim a thugtar ar na costais seo de ghnáth.

Is é an caiteachas ioncaim é an caiteachas ó lá go lá ar sholáthar seirbhísí, lena n-áirítear:

  • Ceannach earraí le hathdhíol
  • Pá, cíos, rátaí, deisiúcháin, soilsiú agus téamh, srl.
  • Costais choinneála feithiclí nó innealra a úsáidtear sa ghnó.
  • Táillí cuntasaíochta
  • Ús arna íoc ar aon airgead a fuarthas ar iasacht mar mhaoiniú ar chostais ghnó/earraí gnó
  • Íocaíochtaí léasa ar fheithiclí nó ar innealra a úsáidtear sa ghnó

Má tá tú cláraithe i gcomhair CBL, is cóir na costais a éilíonn tú a bheith ar leith ó CBL.

Ar ais go barr

Cad iad na costais nach féidir liom a éileamh?

Go ginearálta, ní féidir leat éileamh a dhéanamh ar aon chostais phríobháideacha .i.

  • Aon chostas nár íocadh go hiomlán agus go heisiatach chun críocha na ceirde nó na gairme
  • Aon chaiteachas príobháideach nó intíre m.sh. do phá féin, bia, éadaí (seachas éadaí cosanta), cáin ioncaim, srl.
  • Caiteachas fialachta gnó m.sh. soláthar lóistín, bia, dí nó aon chinéal eile fáilteachais.

Nuair a bhíonn do bhrabúis inchánach á ríomh agat, ní féidir caiteachas caipitiúil a asbhaint ach is féidir liúntais chaipitiúla, mar a thugtar orthu, a éileamh ar chaiteachas áirithe.

Ar ais go barr

Cá bhfágann sin costais a bhaineann i bpáirt le gnó agus i bpáirt le húsáid phríobháideach?

Sa chás go mbaineann caiteachas le húsáid ghnó agus le húsáid phríobháideach araon, ní cheadófar ach an chuid de a bhaineann le do ghnó. Ar chaiteachas dá leithéid tá, mar shampla, cíos, leictreachas, táillí teileafóin, srl. a bhaineann le háitreabh a úsáidtear i bpáirt le haghaidh gnó agus i bpáirt le haghaidh úsáide príobháidí. Beidh ort na costais sin a chionroinnt le nach gcuirfear an úsáid phríobháideach san áireamh.

Ar ais go barr


Leagan furasta le priontáil