Oibleagáidí um Chomhlíonadh Cuideachta a Thuairisciú

Ar thosach feidhme [1] Alt 45 d'Acht na gCuideachtaí (Iniúchóireacht agus Cuntasaíocht) 2003 beidh oibleagáid á forchur ar stiúrthóirí chuideachtaí áirithe ráitis a ullmhú maidir le comhlíonadh oibleagáidí ábhartha a gcuideachta. Cuimsíonn oibleagáidí ábhartha na hoibleagáidí go léir faoi Achtanna na gCuideachtaí agus faoin dlí cánach, mar aon le hoibleagáidí faoi achtacháin áirithe eile.

Ar mhaithe le cúnamh a thabhairt in ullmhú na ráiteas sin, leagtar amach sna liostaí thíos na príomhoibleagáidí comhlíonta a bhíonn ar chuideachtaí faoin dlí cánach agus faoin dlí thánaisteach a rinneadh faoin gcéanna. Sa liosta, tugtar cur síos gearr ar gach oibleagáid agus uimhir an ailt a chomhfhreagraíonn di sa dlí cánach ábhartha. Is ailt arna leasú iad na hailt dá dtagraítear. Tá na hoibleagáidí grúpáilte faoi cheannteidil ghinearálta sa chaoi go mbeidh sé éasca tagairt a dhéanamh dóibh.

Ní liostaí cuimsitheacha iad agus ní cheaptar iad ach mar threoir ghinearálta ar na hoibleagáidí comhlíonta cánach a bhíonn ar chuideachtaí. Má tá aon fhoráil nó aon oibleagáid fágtha ar lár as na liostaí seo, níor cheart go gceapfaí go mbaineann sin in aon chor den oibleagáid a bhíonn ar aon duine a bheith i gcomhlíonadh le haon riachtanas faoin dlí cánach atá san fhoráil atá ar lár. Áirítear leis sin aon oibleagáid atá in aon fhoráil a bhaineann le hioncam a ríomh nó le haon liúntas nó faoiseamh eile a éileamh trí éileamh, rogha nó gníomh eile a dhéanamh laistigh de thréimhse shonraithe.

Maidir le hoibleagáidí a bhaineann le tuairisceáin a dhéanamh, tagraítear leis sin do thuairisceáin chruinne iomlána a dhéanamh ar ioncam, ar ghnóthachain, ar liúntais, srl. arna ríomh de réir dlí.

De bhreis ar na hoibleagáidí a sonraítear, cuireann roinnt forálacha eile oibleagáid ar chuideachta déanamh de réir an cheangail an gcuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim nó duine dá gcuid oifigeach air, trí fhógra a thabhairt dó. I gcomhthéacs na n-oibleagáidí a bhíonn ar stiúrthóirí faoi Alt 45 d'Acht na gCuideachtaí (Iniúchóireacht & Cuntasaíocht) 2003, ba chóir go mbeadh nós imeachta curtha ar bun ag stiúrthóirí a chinnteoidh go ndéanfar tuairisciú inmheánach mar is cuí sa chás nach dtugtar fógra don chuideachta ar cheanglas dá leithéid.

[1] Tá Alt 45 faoi réir ordaithe um thosach feidhme ag an Aire Fiontar, Trádála agus Nuálaíochta agus tiocfaidh sé i bhfeidhm le héifeacht ó dháta a bheidh sonraithe san ordú sin.

(Adobe Acrobat Reader PDFNasc seachtrach)

Ar ais go barr


Leagan furasta le priontáil