Conas a Ghearrtar Cáin ar Chuideachta?

Conas a Ghearrtar Cáin ar Chuideachta?

Íocann cuideachtaí Cáin Chorparáide. Gearrtar an cháin seo ar bhrabúis na cuideachta a chuimsíonn idir ioncam agus ghnóthachain inmhuirearaithe. Ríomhtar ioncam cuideachta chun críocha cánach de réir rialacha a bhaineann le Cáin Ioncaim. Ríomhtar gnóthachain inmhuirearaithe de réir rialacha a bhaineann le Cáin Ghnóthachan Caipitiúil.

Ar ais go barr

Cad é an ráta Cánach Corparáide?

Tá trí ráta Cánach Corparáide ann:

Rátaí le héifeacht ó 1 Eanáir 2002

  • 12.5% d'ioncam trádála
  • 25% d'ioncam neamhthrádála
  • 12.5% do ghnóthais bheaga agus mheánmhéide nach bhfuil ioncam trádála níos mó ná €253,948 acu (tá foráil ann i gcomhair faoisimh imeallaigh sa chás nach bhfuil níos mó ná €317,435 d'ioncam ann).

Is ag 10% a fhanann an ráta do chuideachtaí Déantúsaíochta, do chuideachtaí de chuid an Lárionaid Seirbhísí Airgeadais Idirnáisiúnta (LSAI) agus do chuideachtaí Shionainne.

Ar ais go barr

Conas a dhéanfaidh mé an cinneadh cé acu mar Thrádálaí Aonair nó mar Chuideachta a thrádálfaidh mé?

Braitheann sé ar do chúinsí pearsanta féin cé acu mar chuideachta theoranta nó mar thrádálaí aonair ba chóir duit a oibriú. De bhreis ar na saincheisteanna cánachais is gá duit a mheas, tá cúrsaí dlí agus praiticiúla eile ann ba chóir a chur san áireamh nuair a chuirtear cuideachta ar bun. Moltar duit comhairle ghairmiúil a fháil orthu sin.

Ar ais go barr


Leagan furasta le priontáil