Taifid a Choimeád agus Iniúchadh na gCoimisinéirí Ioncaim
An Cur Chuige Comhoibríoch um Chomhlíonadh Cánach - Na Coimisinéirí Ioncaim agus Gnólachtaí Móra ag Obair le Chéile
- Aidhm an Fhoilseacháin seo
- Cad is Comhlíonadh Comhoibrithe ann?
- Cén fáth atá le Comhlíonadh Comhoibrithe?
- An bhfuil comhaontuithe foirmiúla riachtanach?
- An bhfuil droch-chomhlíonadh á thabhairt le tuiscint má bhítear páirteach i gComhlíonadh Comhoibrithe?
- Agus sa chás nár mian le gnólacht a bheith páirteach i gComhlíonadh Comhoibrithe?
- Cén tairbhe a bhainfidh an Lucht Gnó as Comhlíonadh Comhoibrithe?
- Cén tairbhe a bhainfidh na Coimisinéirí Ioncaim as Comhlíonadh Comhoibrithe?
- Comhairleoirí Cánach agus Comhlíonadh Comhoibrithe
- Cad a theastaíonn le go n-oibreoidh Comhlíonadh Comhoibrithe?
- Conas mar a oibreoidh Comhlíonadh Comhoibrithe iarbhír
- Monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtúlacht Chomhlíonta Comhoibrithe
Aidhm an Fhoilseacháin seo
Míníonn an foilseachán seo cad atá i gceist le comhlíonadh comhoibrithe agus conas mar is féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim agus gnólachtaí móra in Éirinn oibriú le chéile chun comhlíonadh cánach a chur chun cinn.*(Féach an nóta)
Tá an foilseachán seo ceaptha go príomha dóibh siúd a leanas -
- Cáiníocóirí de chuid ghnólachtaí móra;
- Bainisteoirí agus foireann na gCoimisinéirí Ioncaim;
- Comhairleoirí Cánach.
Cad is Comhlíonadh Comhoibrithe ann?
Is éard a bheartaítear le comhlíonadh comhoibrithe ná caidreamh nua idir na Coimisinéirí Ioncaim agus gnólachtaí móra ina n-oibríonn siad le chéile ionas go mbainfidh siad an leibhéal comhlíonta is airde is féidir amach thar an réimse cánacha a gcaithfidh gnólachtaí áirithe a bheith cuntasach ina leith.
Bíonn an múnla comhoibríoch seo de shíor ag dul i dtreis sna caidrimh idir lucht gnó agus lucht riarachán ioncaim ar fud an domhain, rud a léiríonn go bhfuiltear ag teacht ar thuiscint go dtéann sé chun leasa an dá pháirtí má bhíonn siad chomh cinnte agus is féidir faoi na dliteanais chánach a d'fhéadfadh a bheith ann agus, dá réir sin, más féidir leo a chinntiú nach dtiocfaidh dliteanais gan choinne aníos sna hathbhreithnithe a dhéanfar orthu ar ball. An ghné is tábhachtaí de na caidrimh seo is ea go dtuigeann an lucht gnó agus na Coimisinéirí Ioncaim a bhfuil le déanamh acu araon le go mbainfidh siad caighdeáin arda chomhlíonta amach.
Is éard a bheidh i gceist leis an múnla Éireannach ná tuiscintí toilteanacha idir gnólachtaí móra ar leith agus na Coimisinéirí Ioncaim trína leagfar amach a bhfuil le déanamh ag an dá thaobh chun a chur ar chumas an ghnólachta a chuspóir chomhlíonta a bhaint amach. San fhoilseachán seo, déanfar achoimre ar na tuiscintí sin ar a mbeidh an comhlíonadh bunaithe.
Ní cóir speisialta do scothghrúpa cáiníocóirí an rud atá i gcomhlíonadh comhoibrithe. Is éard atá ann, go bunúsach, ná gné phraiticiúil dhiongbháilte de chuid na mórstraitéise comhlíonta atá ag na Coimisinéirí Ioncaim a fhéachann chun daingniú a dhéanamh ar na hioncaim a eascraíonn as an líon beag de cháiníocóirí móra a bhíonn freagrach as dhá thrian d'airgead uile an státchiste, nach mór.
Cén fáth atá le Comhlíonadh Comhoibrithe?
Bíonn lucht gnó ar fud an domhain ag díriú isteach níos mó ar a thábhachtaí atá an comhlíonadh rialála, agus go háirithe an comhlíonadh cánach. Mar thoradh ar an Sarbanes-Oxley Act 2002 a ritheadh sna Stáit Aontaithe agus ar chleachtas agus ar reachtaíocht a ritheadh in Éirinn agus i roinnt tíortha eile chun cuspóirí cosúla, tá feasacht níos mó anois ann faoina thábhachtaí atá sé don rud is dea-rialachas corparáideach ann go ndéanfaí bainistíocht éifeachtach ar riosca cánach.
Amach ó cheanglais rialála, tuigeann do na Coimisinéirí Ioncaim ó bheith ag idirghníomhú le lucht bainistíochta ghnólachtaí móra go bhfuil fonn láidir ann, mar sin féin, go mbeadh cinnteacht le fáil i dtaobh luí na gcánacha uile a bheidh ann sula ndéanfar cuntais a shíniú.
Maidir le gnólachtaí a dteastaíonn uathu a chinntiú go mbeidh an cineál seo cinnteachta fadtréimhsí acu i dtaobh nochtadh cánach, tugann comhlíonadh comhoibrithe deis dóibh an chuspóir sin a bhaint amach trí idirphlé leis na Coimisinéirí Ioncaim.
Tugann comhlíonadh comhoibrithe deis thábhachtach, freisin, do na Coimisinéirí Ioncaim, don lucht gnó agus do chomhairleoirí cánach oibriú le chéile chun teacht ar réitigh nach mbriseann an dlí ná nach gcuireann isteach ar leasa an phobail mhóir. In Éirinn, is é taithí na mblianta é go bhfuil suim mhór ag an bpobal i gcothromas cánach agus dá mhéad an leibhéal comhlíonta a thuigtear a bheith idir cháiníocóirí móra, is ea is mó a shíltear gur córas cothroime é.
An bhfuil comhaontuithe foirmiúla riachtanach?
Níl. Níltear ag féachaint chun aon chineál ceangaltais dlí a dhéanamh - braitheann an múnla ar leibhéal ard muiníne. Is éard is tábhachtaí ná an rud a dhéanann an dá thaobh, iarbhír, chun leibhéal ard comhlíonta a chinntiú. Tuiscintí a bheidh sa mhúnla Éireannach a oibreofar amach le linn phlé agus chomh-athbhreithnithe ar riosca cánach. As na hathbhreithnithe sin, tiocfaidh pleananna comhaontaithe gnímh le haghaidh comhlíonta. Is féidir toil an dá thaobh bheith ag obair le chéile agus na gníomhartha a mholann siad a dhéanamh a dhearbhú go simplí trí litir a sheoladh.
An bhfuil droch-chomhlíonadh á thabhairt le tuiscint má bhítear páirteach i gComhlíonadh Comhoibrithe?
Níl. Glacann na Coimisinéirí Ioncaim leis go bhfuil éiteas láidir comhlíonta ag go leor gnólachtaí cheana féin a mheasfaidís féin a bheith comhlíontach tríd is tríd, siúd is go bhfuil sprioc dá shamhail sin ag an-chuid eile. Ach is casta an rud í cáin. Is é taithí na gCoimisinéirí Ioncaim é go ndéantar earráidí gan chuimhneamh de bharr a liacht dlí agus rialachán cánach atá le comhlíonadh ag gnólachtaí móra, fiú amháin sa chás nach bhfuil mainneachtain de bhun tola i gceist. Féadfaidh sé sin tarlú de dheasca easpa tuisceana, míchúram, droch-chórais, nó foireann atá ar bheagán taithí, srl. Féadfaidh aon cheann de na cúinsí sin nochtadh mór cánach gan choinne a cheilt.
De bharr na n-athbhreithnithe atá beartaithe ar riosca cánach, cuirfear ar chumas na gCoimisinéirí Ioncaim cur lena dtaithí ar réimsí riosca nárbh fholáir do ghnólacht a chur san áireamh, b'fhéidir, ina mheasúnú ar an riosca cánach atá mar chuid den riosca rialaitheach iomlán.
Agus sa chás nár mhian le gnólacht a bheith páirteach i gComhlíonadh Comhoibrithe?
Níl aon oibleagáid a bheith páirteach i gcomhlíonadh comhoibrithe - is rud iomlán deonach é. Is féidir le gnólachtaí a ghlacann páirt ann tarraingt as ag am ar bith chomh maith. Mar an gcéanna, is féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim scor de chomhlíonadh comhoibrithe le gnólachtaí nach n-oibríonn de réir na dtuiscintí a comhaontaíodh.
Is éard atá an múnla comhoibríoch a thairiscint ná cur chuige comhpháirtíochta i dtreo is go gcruthófar leibhéal ard comhlíonta, rud nach féidir scor de i ndeireadh na dála.
Cén tairbhe a bhainfidh an Lucht Gnó as Comhlíonadh Comhoibrithe?
- Caidreamh leis na Coimisinéirí Ioncaim atá bunaithe ar mhuinín, ar chomhthuiscint, ar oscailteacht agus ar thrédhearcacht;
- Cur chuige Ioncaim atá bunaithe ar thuiscint níos fearr ar an ngnólacht agus ar aitheantas ar an difríocht idir cinntí a dhéantar faoi thionchar gnó agus cinntí a dhéantar faoi thionchar cánach;
- Bheith in ann a rá le muinín réasúnta cén seasamh a ghlacfaidh na Coimisinéirí Ioncaim i ndáil le cúrsaí cánach;
- Tuiscint níos fearr ar chur chuige agus ar fhealsúnacht na gCoimisinéirí Ioncaim;
- An seans go laghdófar ar chostais chomhlíonta;
- Gan na Coimisinéirí Ioncaim a bheith ag cur isteach an oiread sin ar ghnólacht le haghaidh iniúchóireachta, ós rud é go mbeidh an fócas iniúchóireachta agus forfheidhmiúcháin claonta ina dtreo siúd nach mbíonn tiomanta do chaighdeáin arda chomhlíonta;
- Níos mó cinnteachta maidir le nochtadh cánach;
- An deis solas a chaitheamh ar fhadhbanna leis an gcód cánachais nó lena riar.
Cén tairbhe a bhainfidh na Coimisinéirí Ioncaim as Comhlíonadh Comhoibrithe?
- Caidreamh leis an lucht gnó atá bunaithe ar mhuinín, ar chomhthuiscint, ar oscailteacht agus ar thrédhearcacht;
- Bheith in ann a rá le muinín réasúnta cén seasamh a ghlacfaidh gnólacht i ndáil le cúrsaí cánach;
- Tuiscint níos fearr ar an lucht gnó;
- Níos mó cinnteachta maidir le toradh cánach a thuar;
- Léargas an lucht ghnó a chuirfidh leis an díospóireacht faoin gcód cánachais agus faoina riar;
- Tionchar méadaithe ar neamhchomhlíonadh de bharr tuilleadh acmhainní iniúchóireachta agus forfheidhmiúcháin a dhíriú ar na cásanna is mó riosca;
- Íocaíochtaí agus tuairisceáin chánach atá cruinn agus a chuirtear isteach in am trátha;
- An seans go laghdófar ar chostais riaracháin.
Comhairleoirí Cánach agus Comhlíonadh Comhoibrithe
Aithníonn na Coimisinéirí Ioncaim go n-imríonn comhairleoirí cánach ról fíorthábhachtach maidir leis an gcód cánachais a riar agus go gcuireann siad go han-mhór le comhlíonadh cánach a thabhairt chun buntáiste. Ní thiocfaidh athrú ar an gcaidreamh cuiditheach idir comhairleoirí cánach agus na Coimisinéirí Ioncaim mar gheall ar chomhlíonadh comhoibrithe a bheith ann, ná ní thiocfaidh athrú ar an gcaidreamh sin mar gheall ar idirghníomhaíocht dhíreach a bheith idir na Coimisinéirí Ioncaim agus lucht bainistíochta gnó, mar is dual don chur chuige comhoibríoch.
Is amhlaidh an struchtúr atá leis an gcur chuige comhoibríoch seo nach mbainfidh sé an bonn, ar aon bhealach, den chaidreamh atá idir cáiníocóirí gnó agus a gcomhairleoirí cánach. Is i gcomhthreo leis an gcaidreamh traidisiúnta atá ag na Coimisinéirí Ioncaim le comhairleoirí cánach a oibreoidh an t-idirphlé atá forbartha anois acu leis an lucht gnó.
Is faoin ngnólacht agus faoina gcomhairleoirí é a mhéad a ghlacann comhairleoirí cánach páirt in aon ghné de chúrsaí cánach ghnólachta, lena n-áirítear comhlíonadh comhoibrithe. Is dócha gur teagmháil thrípháirteach idir na Coimisinéirí Ioncaim, an lucht gnó agus a gcomhairleoirí cánach a bheidh i gcuid mhaith den phlé iarbhír ar anailís ar riosca cánach agus ar fhoirmiú agus fheidhmiú na bpleananna gnímh i leith bainistíochta ar riosca cánach.
Cad a theastaíonn le go n-oibreoidh Comhlíonadh Comhoibrithe?
- Tiomantas do chur chuige dearfach gairmiúil a chothú le chéile a chinnteoidh go mbeidh leibhéal ard comhlíonta ann a bheidh bunaithe ar mhuinín, ar chomhthuiscint agus ar oscailteacht;
- Aitheantas a léiriú go gcaithfear deireadh a chur le hiompar cheachtar páirtí a d'fhéadfadh an bonn a bhaint den mhuinín;
- Aitheantas a léiriú nach bhfuil mar thoradh ar chaidreamh comhoibríoch go gcuirtear srian ar cheart na gCoimisinéirí Ioncaim comhlíonadh a scrúdú trí mheán iniúchóireachta, rud a chuirfear i gcrích de réir Chód Chleachtais Iniúchóirí na gCoimisinéirí Ioncaim;
- An lucht gnó a bheith tiomanta don oscailteacht leis na Coimisinéirí Ioncaim i ndáil lena straitéisí pleanála cánach;
- Aitheantas a léiriú go bhféadfadh easaontas nó malairt tuairime faoin mbrí atá le dlí cánach a theacht chun cinn i gcaidreamh comhoibríoch agus go mb'fhéidir go dteastódh achomharc lena socrú;
- An dá thaobh a bheith tiomanta do bheith ag léiriú go mbíonn siad ag comhalladh ionchas an phobail maidir le comhlíonadh agus go mbíonn an córas cánach ag obair go héifeachtach;
- Cur i gcrích na ngealltanas a dhéanann an dá thaobh lena chéile maidir le tacaíocht a thabhairt dá cheile leibhéil arda chomhlíonta a bhaint amach.
Conas mar a oibreoidh Comhlíonadh Comhoibrithe iarbhír
Chun tús a chur leis an gclár, rachaidh na Coimisinéirí Ioncaim i dteagmháil le cuid de na gnólachtaí lena mbíonn Rannóg na gCásanna Móra ag déileáil, d'fhonn comhaontú a lorg go mbunóidh na gnólachtaí sin socruithe le haghaidh an chomhlíonta comhoibrithe. Ag brath ar na torthaí, seans go n-úsáidfidh na Coimisinéirí Ioncaim an cur chuige sin i gcás gnólachtaí eile.
- Freagrachtaí inmheánacha maidir le comhlíonadh
Déanfaidh gach taobh a shainiú cé air a bhfuil an fhreagracht as a chinntiú go gcomhaillfear na gealltanais a thacaíonn le comhlíonadh. Ar leibhéal an ghnó, beidh sé soiléir conas mar a bheidh an oibleagáid chomhlíonta ina gné de dhea-rialachas corparáideach, agus beidh sé soiléir freisin cé orthu a bhfuil na freagrachtaí ar leibhéil an lucht bhainistíochta agus an Bhoird agus ar an leibhéal oibríochtúil. Ar chaoi chosúil leis sin, déanfar freagrachtaí a shainiú sna Coimisinéirí Ioncaim freisin ina cheapfar Bainisteoirí um Chomhlíonadh do gach gnólacht mór a mbeidh freagracht orthu as seirbhís a chinntiú agus as bainistiú a dhéanamh ar gach gné den chaidreamh idir na Coimisinéirí Ioncaim agus an gnólacht. - Pleananna gnímh um chomhlíonadh a bhaint amach
- Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, an gnólacht agus a gcomhairleoirí cánach, más gá, tacar de phointí gnímh a dhréachtú agus a chomhaontú do gach taobh a chuimseofar scálaí ama le haghaidh athbhreithnithe ar riosca cánach agus faoina gcuirfear tacar de ghníomhartha comhlíonta maidir le gach cáin i bhfeidhm.
- Is í an chéad chéim, maidir le gach cáin, ná cruinniú le haghaidh athbhreithnithe ar riosca a reáchtáil leis an dá pháirtí ina dtabharfar na Coimisinéirí Ioncaim forbhreathnú, mar a fheiceann siad féin é, ar na rioscaí cánach a d'fhéadfadh a bheith i gceist don ghnólacht agus don earnáil agus ina dtabharfaidh an gnólacht, freisin, cuntas ar na réimsí riosca is eol dóibh a bheith ann - oibreoidh siad le chéile mar sin chun teacht ar thuairim chomhaontaithe faoi bhunphróifíl rioscaí cánach don ghnólacht.
- Ina dhiaidh sin, ullmhóidh an gnólacht pleananna bliantúla um bhainistíocht ar riosca cánach agus cuirfidh siad i bhfeidhm iad, ag díriú isteach ar na réimsí riosca a comhaontaíodh.
- Beidh iniúchóireacht ag na Coimisinéirí Ioncaim mar chuid den phlean gnímh iomlán, sa chás go meastar í a bheith riachtanach i mblianta áirithe. Fógrófar an iniúchóireacht, oiread agus is féidir, don ghnólacht mar chuid den phlean iomlán ar bhainistíocht riosca don bhliain sin agus ní chuirfidh sé isteach ach an oiread is lú agus is féidir ar ghnólachtaí a bhíonn ag tabhairt go fírinneach faoi chomhlíonadh comhoibrithe. Leanfar, áfach, de bheith ag déanamh anailíse ar riosca de bhun próifílithe agus faisnéise ar ghnólacht i dtaobh gach gnólachta agus earnála gnó. Go heisceachtúil, is féidir go ndéanfar iniúchóireacht, de réir mar is gá, lasmuigh de raon an chláir a bheartaítear sa phlean um chomhlíonadh comhoibrithe.
- Cuimseoidh an cur chuige comhoibríoch meascán, mar sin, den fhéininiúchóireacht agus d'iniúchóireacht na gCoimisinéirí Ioncaim. Oibreofar an dá chineál iniúchóireachta de bhun na próifíle cánach a thiocfaidh as an dá thaobh a bheith i dteagmháil lena chéile chun riosca a athbhreithniú.
- Cé go n-aithníonn na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuil an phleanáil chánach ina gné thábhachtach den bhainistíocht airgeadais, beifear ag súil mar sin féin go mbeidh gnólacht oscailte leis na Coimisinéirí Ioncaim i ndáil lena straitéisí pleanála cánach, óir is cuid de Chomhlíonadh Comhoibrithe í an oscailteacht sin. Ní fhágann an cineál seo oscailteachta go gcuirfear cosc ar thuairimí difriúla maidir le gnéithe den phleanáil chánach sin a bheith ina seachaint cánach.
- Mar a fhoráiltear leis an gCód Cleachtais Iniúchóireachta, beidh deis ag gnólachtaí nochtadh gan ghríosú a dhéanamh ar shaincheisteanna a thagann aníos le linn an chéad athbhreithnithe ar chomhlíonadh nó le linn athbhreithnithe leanúnacha ina dhiaidh sin. Sa chás go mbeidh litreacha iniúchóireachta arna n-eisiúint ag na Coimisinéirí Ioncaim cheana féin, beidh feidhm leis na rialacha a bhaineann le nochtadh gríosaithe.
- Tabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim freagra chomh scioptha agus is féidir ar iarratais ón lucht gnó agus óna gcomhairleoirí cánach maidir le cabhair léirmhínithe a fháil. Sa chás is fearr de, bheadh an chabhair sin á tabhairt i bhfoirm chomhairle ag an gcéim is luaithe agus is féidir. D'fhéadfadh sé seo a bheith tairbheach ach go háirithe do ghnólachtaí atá ag gabháil do thionscadail a d'fhéadfadh tábhacht mhór cánach a bheith i gceist leo, mar shampla cumaisc, táthcheangail, tionscadail infheistíochta, srl.
- Tabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim freagra pras do ghnólachtaí a dhéanann gearáin, a bhfuil bunús maith leo, faoi iomaitheoirí a d'fhéadfadh a bheith faoi bhuntáiste iomaíochta de bharr cánacha éagothroma.
- Aiseolas maidir le deacrachtaí leis an gcód cánachais nó le riar an chánachais
Mar thoradh ar an idirghníomhaíocht idir na Coimisinéirí Ioncaim agus an lucht gnó trí chomhlíonadh comhoibrithe, beidh deis ann aiseolas dírithe soiléir a thabhairt maidir le deacrachtaí áirithe a bhaineann leis an gcód cánachais nó lena riar. - An costas a bhaineann le comhlíonadh agus bainistíocht éifeachtach cánach
De bharr an idirphlé seo is féidir go gcuirfear ar chumas an dá pháirtí tuairimí a mhalartú ar bhonn leanúnach maidir leis an gcostas a bhaineann le comhlíonadh do ghnólachtaí móra agus maidir le húsáid éifeachtach acmhainní sna Coimisinéirí Ioncaim - is féidir dá bharr sin go méadófar ar éifeachtúlacht sa dá réimse trí theacht ar chomhaontú faoin mbealach a n-oibrítear iontu.
Monatóireacht a dhéanamh ar éifeachtúlacht Chomhlíonta Comhoibrithe
- Idirphlé idir na Coimisinéirí Ioncaim agus an lucht gnó
Mar gheall ar idirghníomhaíocht leanúnach a bheith idir na Coimisinéirí Ioncaim agus an lucht gnó, beidh siad in ann idirphlé cuiditheach muiníneach a dhéanamh lena chéile. Cuirfidh sé sin ar a gcumas teacht ar réiteach, go gairmiúil, ar aon ábhar diúltach nó dearfach a d'fhéadfadh a theacht aníos agus comhlíonadh comhoibrithe ag dul chun cinn. - Easaontais a bheith ann laistigh de Chomhlíonadh Comhoibrithe
Ar ndóigh, sa chás go measann siad gur gá é, beidh gnólachtaí (nó a gcomhairleoirí) a ghlacann páirt i gcomhlíonadh comhoibrithe in ann teacht, gan aon bhac, ar an bpróiseas achomhairc agus ar an tsaoráid le haghaidh athbhreithniú inmheánach sna Coimisinéirí Ioncaim a lorg nó le haghaidh athbhreithniú seachtrach a lorg. Má roghnaíonn gnólachtaí nó a gcomhairleoirí dul le hachomharc nó aon chineál athbhreithnithe, breathnófar ar an gcinneadh sin mar chinneadh a luíonn go hiomlán leis an gcur chuige comhlíonta comhoibrithe.
Anuas air sin, má bhíonn fadhbhanna ag teacht chun cinn is féidir féachaint lena réiteach ach dul i muinín an chirt a bheidh ag ceachtar páirtí an t-ábhar aighnis a fhormhéadú chuig lucht bainistíochta sinsearaí an ghnólachta agus na gCoimisinéirí Ioncaim. - Comhlíonadh Comhoibrithe a athbhreithniú
Cuirfear struchtúir ar bun a chuirfidh ar chumas na gCoimisinéirí Ioncaim, an lucht ghnó, agus chomhlachtaí comhairleach cánach dul i gcomhairle lena chéile maidir le comhlíonadh comhoibrithe agus é ag teacht chun cinn.
* Nóta: Chun críocha na cáipéise seo ciallaíonn "cáin" gach cáin agus dleacht arna riar ag na Coimisinéirí Ioncaim
Meán Fómhair 2005
