Féinmheasúnú
Tugann Féinmheasúnú níos mó smachta agus freagrachta duit i leith do ghnóthaí cánach. Chun críocha Cánach Ioncaim baineann sé le:
- Daoine féinfhostaithe (i.e. daoine atá i mbun a ngnó féin, lena n-áirítear feirmeoireacht, proifisiúin nó gairmeacha)
- Daoine a fhaigheann ioncam ó fhoinsí nach féidir cuid nó iomlán na cánach a ghabhann leo a bhailiú faoin gcóras PAYE, mar shampla: brabúis ó chíosanna, ioncam infheistíochta, ioncam eachtrannach agus pinsin eachtrannacha, íocaíochtaí cothabhála chuig daoine scartha, táillí, brabús a eascraíonn ó bheith ag feidhmiú Scair-Roghanna/Scair-Dhreasachtaí éagsúla.
Faoi Fhéinmheasúnú tá dáta comónta le haghaidh cáin a íoc agus Tuairisceáin Chánach a chomhdú, i.e. 31 Deireadh Fómhair. Tugtar 'Íoc agus Tuairiscigh' ar an gcóras seo agus ligeann sé duit do thuairisceán a chomhdú agus an t-iarmhéid cánach atá gan íoc don bhliain roimhe a íoc ag an am céanna. Faoin gcóras seo ní mór duit:
- Réamhcháin a íoc don bhliain reatha ar, nó roimh, 31 Deireadh Fómhair gach bliain.
- Do Thuairisceán Cánach a dhéanamh tar éis deireadh na bliana cánach ach roimh an 31 Deireadh Fómhair dar gcionn.
- Aon iarmhéid cánach a íoc don bhliain chánach roimhe ar, nó roimh, 31 Deireadh Fómhair.
- Cáin Ghnóthachan Caipitiúla a íoc ar dhiúscairtí a rinneadh idir 1 Eanáir agus 30 Meán Fómhair na bliana cánach reatha.
Le haghaidh tuilleadh eolais
- IT10 - Treoir maidir le Féinmheasúnú
Doiciméad Treorach - Teorannú Daoine Aonair Ard-Ioncaim (PDF, 112KB)- IT19 - Cáin Iarchoimeádta i leith Seirbhísi Gairmiúla (PSWT)
IT61 - Treoir
na gCoimisinéirí maidir le Cáin Iarchoimeádta i leith Seirbhísi Gairmiúla (PSWT) do Dhaoine
Cuntasacha agus Daoine Sonraithe (PDF, 150KB)-
Treoir maidir le
Tuairisceáin Íoc agus Tuairiscigh 2011 a Chomhlánú (PDF, 672KB) -
Impleachtaí Ioncaim Eachtraigh & Sócmhainní Eachtracha do Cháin Éireannach (PDF, 186KB) -
Treoir maidir le Sleachta Cuntais ar Fhoirm 11/CT1 a chomhlánú (PDF, 52KB)
