Sonraí Teagmhála
Cliceáil ar do chontae thíos chun sonraí teagmhála réigiúnach a fháil.
- Réigiún Bhaile Átha Cliath
Cathair agus contae Bhaile Átha cliath san áireamh - Réigiún an Oirthir & an Oirdheiscirt
Ceatharlach, Cill Dara, Cill Chainnigh, Laois, An Mhí, Tiobraid Árann, Port Láirge, Loch Garman agus Cill Mhantáin - Réigiún an Iardheiscirt
An Clár, Corcaigh, Ciarraí agus Luimneach - Réigiún na Teorann, Lár Tíre agus an Iarthair
An Cabhán, Dún na nGall, Gaillimh, Liatroim, An Longfort, An Lú, Maigh Eo, Muineachán, Uíbh Fhailí, Ros Comáin, Sligeach agus an Iarmhí
Aimsitheoir Teagmhála
Is an t-aimsitheoir teagmhála an bealach is tapúla chun sonraí teagmhála a fháil le haghaidh d'oifige Ioncaim áitiúil. San áireamh anseo tá an uimhir Íosghlao ábhartha agus d'oifig phoiblí áitiúil. Chun d'aimsitheoir teagmhála a úsáid, beidh PPSN nó uimhir Aitheantais chánach Éireannach eile ag teastáil uait. Tá brón orainn, éilíonn an t-aimsitheoir teagmhála javascript agus níl sé sin cumasaithe ar do bhrabhsálaí Roghnaigh do réigiún agus scrollaigh chun an oifig chuí a aimsiú ina ionad.
Ríomhphost Slán
Tá córas ríomhphoist slán i bhfeidhm ag na Coimisinéirí Ioncaim chun teachtaireachtaí ríomhphoist a sheoladh agus a fháil. Is féidir leat clárú don tseirbhís seo ag Rannóg na Seirbhísí Ar Líne ar ár láithreán gréasáin. Sa chóras seo tá an ríomhphost criptithe ionas nach féidir iad a léamh gan do phasfhocal fiú dá mbeadh daoine eile in ann teacht orthu. Molann muid leas a bhaint as an gcóras slán seo d'aon chumarsáid ina bhfuil eolas pearsanta nó rúnda.
Gnáthríomhphost
San áireamh leis na sonraí teagmhála a sholáthraítear le haghaidh Oifigí Réigiúnacha agus Láraithe tá seoltaí ábhartha ríomhphoist dóibh siúd ar mian leo cumarsáid a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim trí ríomhphost. Le do thoil tabhair faoi deara nach féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim rathaíocht ar bith a thabhairt go mbeidh aon sonraí pearsanta nó íogair iomlán slán nuair a sheoltar trí ghnáthríomhphost iad. Measfar go nglacann custaiméir ar bith a bhaineann úsáid as an mbealach seo le riosca ar bith atá i gceist. I measc na modhanna malartacha cumarsáide a thairgeann na Coimisinéirí Ioncaim tá gnáthphost agus an rogha chun clárú dár seirbhís shlán (chriptithe) ríomhphoist.
Oifigí Réigiúnacha
Is ar bhonn réigiúin nó ceantair a dhéileáiltear le tromlach na bhfiosruithe cánach. Mura bhfuil d’uimhir chánach agat, bain úsáid as an léarscáil chun dul go dtí na sonraí teagmhála do d’réigiún. Déileáiltear le custaiméirí ÍMAT sa cheantar ina bhfuil cónaí orthu. Déileáiltear le custaiméirí Gnó sa cheantar ina ndéantar an chuideachta a bhainistiú Déileáiltear le. Stiúrthóirí Cuideachtaí . sa cheantar céanna leis an gcuideachta a bhfuil an phríomhstiúrthóireacht acu di.
Oifigí Láraithe
Tá roinnt eisceachtaí maidir leis an gcur chuige réigiúnach:
- Is cóir tuairisceáin ‘Íoc agus Tuairiscigh’ a chur chuig an Ard-Bhailitheoir, Bosca Oifig Phoist 354, Luimneach.
- Déileálann oifig an Ard-Bhailitheora freisin le
- íocaíochtaí cánach
- bainistiú fiachais
- faoiseamh cánach ag an bhfoinse i leith úis mhorgáiste, árachais leighis nó SSIAanna
- saincheisteanna fostóra BIK .
- carthanachtaí
- éilimh idirnáisiúnta
- An Oifig Náisiúnta Dleacht Stampa íocaíocht Dleacht Stampa a phróiseáil agus stampáil ionstraimí ar nós tíolacas, is cuma cá bhfuil an custaiméir lonnaithe.
- Déileálann Custam le nithe a bhaineann le allmhairiú/onnmhairiú, taraifí, contrabhanna srl.
- Déanann an Rannán Imscrúduithe agus Ionchúiseamh bainistiú ar ionchúisimh i gcásanna imghabhála cánach agus dleachta, agus comhordú ar imscrúduithe speisialta
- Déileálann an Rannán Mórchásanna le cuideachtaí móra agus le daoine aonair saibhre. (Déantar teagmháil le custaiméirí cáilitheacha go díreach.)
- Déileálann an tAonad um Shaoráil Faisnéise le hiarratais um shaoráil faisnéise agus gnóthaí gaolmhara.
- Soláthraíonn na hOifigigh Rochtana eolas agus cúnamh do dhaoine a bhfuil míchumas orthu i dtaca le hoifigí agus seirbhísí na gCoimisinéirí Ioncaim.
Uimhreacha Íosghlao
Soláthraímid uimhreacha teileafóin ar chostas íseal (1890) le haghaidh roinnt seirbhísí ardéilimh dár gcuid. Tá na huimhreacha seo liostaithe freisin sna rannóga ábhartha atá nasctha thuas.
Athraíonn an fíorchostas atá ar ghlaonna chuig na huimhreacha seo ag brath ar do chomhlacht teileafóin agus d'féadfadh glaonna fóin póca a bheith costasach. Moltar duit úsáid a bhaint as líne talún agus tú ag cur glaodh ar na huimhreacha seo.
