Úsáid Deiridh

An Córas 'Úsáide Deiridh'

D'fhéadfaí caitheamh le hearraí áirithe atá curtha isteach le haghaidh "saorchúrsaíochta" ag am a n-allmhairithe ar bhonn fabhrach ó thaobh taraife de, ar an gcoinníoll go mbainfear úsáid deiridh fhorordaithe astu. Is féidir iarratas a chur isteach ar an bhfaoiseamh ó dhleacht ar a leithéid d'earraí trí fhoirm cheistiúcháin a chomhlánú.

Is é an príomhchoinníoll is gá a chomhlíonadh ná gur gá don allmhairitheoir lucht custaim a shásamh go bhfuil an úsáid ar bronnadh iontráil saor ó dhleacht ina leith á baint as na hearraí allmhairithe. (Baineann an faoiseamh le dleachtanna custaim amháin agus ní bhaineann sé le cáin bhreisluacha ná dleacht mháil atá iníoctha ar a leithéid d'earraí).

Is féidir eolas breise a fháil ó:

An Brainse Nósanna Imeachta Custaim,
An tAonad Nósanna Imeachta Eacnamaíocha, Údaraithe agus Faoisimh
Oifigí Rialtais,
An tAonach,
Co. Thiobraid Árann
Ríomhphost: revcep@revenue.ie

(Adobe Acrobat Reader PDF External link)


Leagan furasta le priontáil