Próiseáil Amach

Má bhíonn tú ag onnmhairiú earraí go sealadach le haghaidh próiseáil nó deisiú, d'fhéadfá a bheith i dteideal faoiseamh iomlán nó páirteach ó dhleachtanna allmhairithe.

Céard is Próiseáil Amach Ann?

Is ionann Próiseáil Amach (PA) agus nós imeachta faoisimh ó dhleacht chustaim de chuid an AE. Ligeann sé d'earraí an Chomhphobail a bheith onnmhairithe go sealadach ó limistéar custaim an Chomhphobail chun go ndéanfar oibríochtaí próiseála orthu agus do na táirgí cúiteacha a bhíonn mar thoradh ar na hoibríochtaí seo a bheith scaoilte amach le haghaidh saorchúrsaíochta i limistéar custaim an Chomhphobail le faoiseamh iomlán nó páirteach ó dhleachtanna allmhairithe. Bunaíodh an scéim seo faoi Rialachán (CEE) Uimh. 2913/92 ón gComhairle.

(Adobe Acrobat Reader PDFExternal link )


Leagan furasta le priontáil