Próiseáil um Iontráil Uathoibrithe (PIU)

Tugadh uathoibriú na nósanna imeachta allmhairithe agus onnmhairithe Custaim isteach go náisiúnta in Aibreán 1991, le seoladh chóras na gCoimisinéirí Ioncaim le haghaidh Próiseáil um Iontráil Uathoibrithe (PIU). Ó shin i leith, tá an córas seo freagrach as bailíochtú, próiseáil, cuntasaíocht dleachtanna agus imréiteach dearbhuithe custaim. Déanann an córas seiceáil chomh maith ar fhormáid sonraí nuashonraithe, ríomh, bailíochtú, rátaí fabhair, toirmisc / srianta agus deimhníonn sé go bhfuil go leor creidmheasa ar fáil i gcuntas an Trádálaí.

Ach, de bharr gur thug rialúchán an AE córas um dhoiciméad riaracháin aonair (DRA) atá comhchuibhithe agus códaithe isteach, chomh maith le fógairtí achoimre réamhshroichte agus réamhimeachta, bhí sé riachtanach an córas PIU a athfhorbairt. Bhain an tionscadal athfhorbartha leas as teicneolaíochtaí nua-aimseartha, thug sé rochtain dhíreach ar PIU do thrádálaithe trí Sheirbhís ar Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS) agus leag sé scóip ní ba leithne amach i gcomhair solúbthachta agus trádálaithe a éascú.

Feidhmíonn na Coimisinéirí Ioncaim líne chabhrach le haghaidh ceisteanna maidir le PIU.

Ar an guthán ar chostas glao áitiúil: 1890-204-304
353-67-63400

Bíonn an deasc chabhrach ar oscailt ó 9r.n. go dtí 5i.n. ó Luan go hAoine.
Ná seol ach ceisteanna a bhaineann le rith beo chuig: aephelpdesk@revenue.ie


Leagan furasta le priontáil