Faisnéis faoi Tharaifí Ceangailteacha (FTC)
Athruithe ar Chód Tráchtearraí 2012.
Tá athruithe suntasacha le cur i bhfeidhm ar an gcód ar an 1ú Eanáir 2012. Déanfaidh an rannóg FTC iarracht teagmháil a dhéanamh le sealbhóirí FTC a mbeidh na hathruithe ag dul i bhfeidhm orthu i mí Eanáir, ach beidh an dualgas ar gach sealbhóir FTC seiceáil a dhéanamh le deimhniú an mbeidh na cóid atá ann cheana ag athrú nó nach mbeidh.
Céard is FTC ann?
Is ionann cinntí Faisnéise faoi Tharaifí Ceangailteacha (FTC) agus cinntí aicmithe a bhíonn eisithe ag na ranna riaracháin Custaim sna Ballstáit éagsúla agus bíonn ceangal dlíthiúil ag baint leo ar fud an AE.
Bunachar FTC: Tá cinntí aicmithe a bhíonn eisithe ag tíortha de chuid an Aontais Eorpaigh sa bhunachar sonraí seo. Tugtar mionsonraí faoi chomhdhéanamh na n-earraí (gan faisnéis faoi rún a chur san áireamh) agus faoin mbonn cirt atá lena n-aicmiú. Is féidir teacht air ag: An Bunachar Sonraí FTC![]()
Tairbhí FTC do Thrádálaithe
- Cinnteacht dhlíthiúil maidir le cinntí aicmithe taraifí.
- Cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na rialacha aicmithe ar fud an Chomhphobail.
- Cuirfear trádálaithe ar an eolas má tharlaíonn aon athruithe aicmithe a mbíonn tionchar acu ar a FTC.
- Sa chás go ndéantar neamhbhailiú ar FTC de bharr athrú ar reachtaíocht an Chomhphobail, mar shampla, d'fhéadfadh trádálaithe a bheith i dteideal "tréimhse chairde" ar mhaithe le conarthaí ceangailteacha ar bith a bhfuil siad páirteach iontu a chríochnú ar bhonn an FTC sin.
Fáil FTC
Iarratas ar FTC (PDF, 205KB)
- Ba chóir iarratais a dhéanamh san aon chás go bhfuil oibríocht allmhairithe nó onnmhairithe á beartú.
- Ní ceangal é FTC le haghaidh allmhairí / onnmhairí go dtí tús bailíochtaithe an FTC
- Is gá iarratas a dhéanamh maidir le cineál amháin earraí.
- Stórálfar eolas a sholáthraítear ar mhaithe le FTC a fháil i mbunachar sonraí de chuid Choimisiún na gComhphobal Eorpach agus d'fhéadfadh údaráis Chustaim é a úsáid ar fud an Chomhphobail chun cur i bhfeidhm aonfhoirmeacha na Taraife Custaim a chinntiú.
- Mura n-aontaíonn tú leis an aicmiú a thugtar ar an FTC, is féidir leat an cinneadh a achomharc.
Úsáid FTC
- Cuir isteach cód "C626" agus an"Uimh. Thagartha FTC" i mBosca DRA (SAD) 44 ar allmhairiú an táirge atá cuimsithe faoi FTC.
Bailíocht FTC
- Is gnách go mbíonn sí bailí ar feadh sé bliana ón dáta eisiúna.
- D'fhéadfaí í a neamhbhailiú i gcás go n-athrófaí an cód aicmithe, nó má imríonn bearta taraif chustaim idirnáisiúnta nó de chuid an AE nó breithiúnas de chuid Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa tionchar uirthi.
- Foráil "tréimhse chairde" trínár féidir leanúint de thoghairm FTC ar feadh tréimhse suas le sé mhí chun conarthaí ceangailteacha a bhfuil an sealbhóir páirteach iontu a chur san áireamh. Is gá don "tréimhse chairde" a bheith ceadaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.
- Beidh an FTC ar neamhní má tá sí bunaithe ar shonraí míchruinne nó neamhiomlána ón iarratasóir.
An áit le hiarratas a chur isteach ar FTC
An tAonad Aicmithe,
Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim,
Oifigí Rialtais,
An tAonach,
Co. Thiobraid Árann.
Guthán : 353-67-63244
Facs: 353-67-32385
Ríomhphost: tarclass@revenue.ie
Samhain 2011
