Aicmiú Earraí

Ainmníocht Chomhcheangailte

Is gá gach earra a allmhairítear isteach i nó a onnmhairítear ón AE a aicmiú ar mhaithe le cuspóirí Custaim. Sanntar cód aicmithe ar leith do gach táirge ar leith. Leagann an Ainmníocht Chomhcheangailte (AC) amach na rialacha ginearálta le haghaidh aicmiú earraí ar leibhéal ocht ndigit agus nuashonraítear í ar bhonn bliantúil.

pdfAinmníocht Chomhcheangailte 2011External link (PDF)

Ainmníocht Chomhcheangailte 2012

D'fhoilsigh an AE Rialachán Comhairle 1006/2011 ar 28 Deireadh Fómhair, ina bhfuil Ainmníocht Chomhcheangailte (AC) 2012. Tabhair faoi deara, le do thoil, go dtéann an Rialachán seo in ionad AC 2011 agus go bhfuil na hathruithe uile cóid taraife ocht ndigit ann a mbeidh éifeacht leo ó 1 Eanáir 2012. Bhí sé mar thoradh ar an leagan nuashonraithe gur scriosadh 818 cód agus gur tugadh isteach 907 cód nua.

pdfAinmníocht Chomhcheangailte 2012 External link (PDF)

Is áis thábhachtach iad na Nótaí Mínitheacha ag gabháil leis an AC chun na ceannteidil éagsúla taraife a léirmhíniú, ach níl ceangal dlíthiúil ag baint leo.

pdfNótaí Mínitheacha ag gabháil leis an Ainmníocht ChomhcheangailteExternal link (PDF)

Táblaí Comhghaolaithe (Trasuí Cóid AC 2011 go Cóid AC 2012)

Beidh na Táblaí Comhghaolaithe mar chabhair do thrádálaithe le fáil amach an mbeidh tionchar ag na hathruithe ar a gcóid áirithe féin. Ní bheidh eolas ach ag trádálaithe aonair ar na cóid a bhaineann leo féin agus tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara go bhfuil an dualgas ar gach trádálaí aonair a sheiceáil an mbeidh na cóid atá ann cheana dóibh á n-athrú.

pdfTáblaí Comhghaolaithe 2011 - 2012 (PDF)

Bunachar Sonraí Taric

Comhtháthaíonn an bunachar sonraí seo gach beart maidir leis an Taraif. Ligeann sé duit an cód earraí a aimsiú le haghaidh an táirge atá á allmhairiú agat ó thír taobh amuigh den chomhphobal go dtí an leibhéal éigeantach deich ndigit. Cuimsíonn an cód taric an cód AC chomh maith le foranna breise. Ligfidh an bunchar sonraí taric duit cóid a chuardach, chomh maith leis na nithe seo a leanas a fheiceáil:

  • Dleacht Tríú Tír
  • Fionraíocht dleachtanna
  • Cuótaí Taraife
  • Fabhair Taraife
  • Bearta Frithdhumpála

Bunachar Sonraí TaricExternal link

Athuithe ar Chód Taric 2012

Déantar na hathuithe ar chód taric de ghnáth ar an 1ú Eanáir gach bliain. Ní mór aird ar leith a thabhairt air seo mar gur féidir le hathruithe den chineál seo tarlú ag tréimhsí neamhrialta gan mórán fógra ó Choimisiún an AE. Is féidir leat a sheiceáil an mbeidh do chód á athrú ag an nasc seo a leanas:

Cód Taric 2012External link

An tAonad Aicmithe

Is féidir comhairle faoi aicmiú ceart taraife earraí ar leith a lorg ón Aonad Aicmithe. Cé go ndéantar gach iarracht comhairle chruinn bhéil ar an aicmiú taraife a sholáthar, níl ceangal dlíthiúil ag baint léi. Moltar duit iarratas a chur isteach ar Fhaisnéis faoi Tharaifí Ceangailteacha má tá cinnteacht dhlíthiúil ag teastáil uait maidir le cód taraife

Uimhreacha Teagmhála Aicmithe Taraife le haghaidh Earraí ar Leith
Earraí Uimhir Ghutháin
Bia; talmhaíocht; ceimiceáin 353-67-63261
Teicstílí; coisbheart; fabraicí; ceannbheart 353-67-63240
Adhmad; plaistigh; rubar agus nithe atá déanta de 353-67-63439
Nithe cloiche; táirgí ceirmeach; gloine agus earraí gloine 353-67-63241
Táirmhiotal agus nithe táirmhiotail 353-67-63276
Troscán; Bréagáin 353-67-63248
Innealra; Trealamh leictreonach 353-67-63245
Ionstraimí Leighis nó Máinliacha 353-67-63239

Ríomhphost: tarclass@revenue.ie

Breis eolais:

  • An Fardal Custaim Eorpach um Shubstaintí Ceimiceacha (FCESC):
    ligeann an bunachar sonraí seo d'úsáideoirí ceimiceáin a aithint go soiléir agus go héasca agus iad a aicmiú go soiléir agus go héasca san Ainmníocht Chomhcheangailte. Is féidir teacht air ag: An Fardal Custaim Eorpach um Shubstaintí Ceimiceacha External link
  • Bunachar FTC:
    Tá cinntí aicmithe a bhíonn eisithe ag tíortha de chuid an Aontais Eorpaigh sa bhunachar sonraí seo. Tugtar mionsonraí faoi chomhdhéanamh na n-earraí (gan faisnéis faoi rún a chur san áireamh) agus faoin mbonn cirt atá lena n-aicmiú Is féidir teacht air ag: An Bunachar Sonraí FTC External link
  • EUR-Lex:
    cuireann sé teacht saor in aisce ar dhlí an Aontais Eorpaigh agus ar dhoiciméid eile a mheastar a bheith poiblí ar fáil. Tá eolas a bhaineann le rialacháin coimisiúin agus cinntí coimisiúin ar fáil ag: EUR-Lex External link
  • Ábhar Eile:
    Tá ábhar eile a bhaineann le haicmiú earraí le haghaidh cuspóirí custaim ar fáil ón Eagraíocht Dhomhanda Chustaim External link

Samhain 2011

Ar ais go barr


Leagan furasta le priontáil