Tionscnamh
- Cad is Tionscnamh Fabhrach ann?
- Cad is Córas Fabhar Ginearálta (CFG) ann?
- Cad is Cuótaí Taraife ann?
Cad is Tionscnamh Fabhrach ann?
Tá socruithe trádála críochnaithe ag an Aontas Eorpach le tíortha áirithe nach bhfuil san AE, a cheadaíonn d'onmhairí ón AE dul isteach i margaí na dtíortha seo ar ráta laghdaithe nó ar ráta neamhní dleachta, fad is go bhfuil cead ag allmhairí ó na tíortha seo teacht isteach san AE ar rátaí laghdaithe nó ar rátaí neamhní dleachta. Tugtar Comhaontuithe Trádála Fabhraí ar na socruithe seo agus tugtar rátaí fabhracha dleachta ar na dleachtanna atá i gceist.
- Eolas do Thrádálaithe ar Allmhairí/Onnmhairí Fabhracha
- Nós Imeachta Simplithe le haghaidh eisiúint Doiciméid Bhunúis.
- Faisnéis Bhunúis Cheangailteach
- Dearbhuithe Soláthraí: Faisnéis do Thrádálaithe
-
Cóir Tharaife Fhabhrach le haghaidh
earraí ó na tíortha Afraiceacha, tíortha Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin (AMCAC):Socruithe Nua ó 1 Eanáir, 2008
(MS Word, 31KB) -
Tionscnamh Fabhrach - Carnadh idir an Comhphobal
agus Stáit Uile-Eora-Mheánmhara (PDF, 22KB).
Cad is Córas Fabhar Ginearálta (CFG) ann?
Is scéim é an Córas Fabhar Ginearálta (ar a dtugtar CFG mar acrainm) trína dtugtar teacht fabhrach do réimse leathan táirgí tionsclaíocha agus talmhaíochta ó thíortha áirithe i mbéal forbartha ar mhargaí an Aontais Eorpaigh.
Caitear leo go fabhrach i bhfoirm rátaí laghdaithe nó neamhní dleachtanna custaim.
Dearadh an scéim CFG go speisialta le bheith chun sochair tíortha áirithe atá i mbéal forbartha agus iad a chomhtháthú le geilleagar an domhain.
Céard is Cuótaí Taraife ann?
Is ionann Cuótaí Taraife agus Teorainneacha Bliantúla atá leagtha síos ag an AE ina bhfuil cead táirgí áirithe a bhfuil a mbunús i dtíortha taobh amuigh den AE a allmhairiú ar rátaí fabhracha dleachta (ar ráta laghdaithe nó ráta neamhní). Is féidir an méid atá ceadaithe le bheith allmhairithe a léiriú in aonaid chainníochta, luacha, toirte nó meáchain agus is féidir teorainn a chur leis an tréimhse ina bhfuil an Cuóta Taraife ar fáil.
Faisnéis ar Chuótaí Taraife agus Ceisteanna Coitianta
