Ríomhchustam - Riachtanais chustaim le haghaidh DRAnna Onnmhairithe agus athruithe ar DRAnna Allmhairithe

Ó 1 Iúil 2009, beidh eolas breise agus é roimh ré de dhíth maidir le gach earra a bhíonn á onnmhairiú. Cuirfear an t-eolas seo ar fáil ar leagan leathnaithe den dearbhú reatha onnmhairithe DRA. Tá an t-eolas breise seo de dhíth ar mhaithe le céannacht agus seiceáil coinsíneachtaí ar chúiseanna sábháilteachta agus slándála.

Tá tionchar ag na hathruithe atá á gcur i bhfeidhm le tabhairt isteach an chórais seo (rud a dtugtar Córas Rialaithe Onnmhairithe Céim 2 air san AE) ar dhearbhuithe onnmhairithe DRAnna go príomha, ach beidh athruithe áirithe i gceist chomh maith le haghaidh taisceadh dearbhuithe allmhairithe DRA ó 1 Iúil 2009 ar mhaithe le hailíniú na gcóras allmhairithe agus onnmhairithe.

  1. Príomhathruithe a bhaineann le DRAnna Allmhairithe agus Onnmhairithe araon
  2. Príomhathruithe maidir le hOnnmhairiú
  3. Córas Rialaithe Onnmhairithe
  4. Oifig Amach

Príomhathruithe a bhaineann le DRAnna Allmhairithe agus Onnmhairithe araon

  • Beidh ar thrádálaithe uimhreacha CCOE a shanntar dóibh a úsáid ar gach dearbhú allmhairithe agus onnmhairithe ó 1 Iúil 2009. Tá faisnéis bhreise ar CCOE ar fáil i rannán Ríomhchustaim Láithreán Gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim
  • Beidh Uimhir Coimeádáin agus sonraí Sonraisc de dhíth ar leibhéal na míre in áit leibhéal an ceanntáisc, mar a bhí ann go dtí seo.
  • Seolfar teachtaireacht ina bhfuil na sonraí iomlána DRA ar ais chuig an dearfóir.
  • Is féidir na hAguisíní ina bhfuil na liostaí bainteacha cód a aimsiú ag Athfhorbairt PIU

Ar ais go barr

Príomhathruithe ag Onnmhairiú

  • Leathnófar an DRA onnmhairithe le freastal ar eilimintí breise sonraí is gá do dhearfóirí a sheoladh isteach, seachas sna cásanna seo a leanas:
    • Earraí á n-onnmhairiú go dtí an Iorua, an Eilvéis nó Lichtinstéin;
    • Trádstóráil earraí ag lucht custaim le haghaidh onnmhairiú; nó
    • Earraí á n-onnmhairiú go dtí críocha neamhfhioscacha an Chomhphobail.
  • Beidh ceangal ann gach dearbhú onnmhairithe a sheoladh isteach go leictreonach agus in am tráthúil roimh onnmhairiú na n-earraí.
  • Próiseálfar gach onnmhaire indíreach .i. nuair a thugtar earraí amach as an gComhphobal trí Bhallstát eile agus sa chás nach bhfuil siad á mbogadh faoi Chonradh Iompair Aonair, próiseálfar iad faoin gCóras Rialaithe Onnmhairithe.
  • Ní bheifear in ann Ionchur Custaim dearbhuithe onnmhairithe (.i. dearbhuithe onnmhairithe de láimh) a dhéanamh a thuilleadh.
  • Déanfar anailís riosca ar gach dearbhú onnmhairithe (amach ó na heisceachtaí teoranta atá luaite sa chéad phointe urchair thuas) ar chúiseanna sábháilteachta agus slándála agus d'fhéadfaidís a bheith roghnaithe le haghaidh rialú. Maidir leis seo, cé go ndéanfar gach iarracht an tionchar ar shreabha trádála a íoslaghdú, beidh ar onnmhaireoirí an fhéidearthacht go bhféadfadh earraí atá á n-onnmhairiú a bheith roghnaithe le haghaidh rialú agus scrúdú féideartha ag lucht Custaim a chur san áireamh ina bpróisis mar sin féin.

Is féidir teacht ar an bhformáid nua teachtaireachtaí le haghaidh dearbhuithe onnmhairithe, na rialacha a bhaineann leis na teachtaireachtaí, na rialacha gnó bosca ar bhosca, na sainmhínithe bosca ar bhosca agus maitrís bosca ar bhosca de na cineálacha difriúla dearbhuithe DRA, is féidir teacht orthu ag an gCóras Rialaithe Onnmhairithe.

Tá na cóid diúltaithe bhainteacha ar fáil ag Athfhorbairt PIU.

Ar ais go barr

Córas Rialaithe Onnmhairithe

Is éard a dhéanann an CRO go bunúsach ná soláthar le haghaidh athsholáthar Cóip DRA 3 le Doiciméad Tionlacain Onnmhairithe (DTO) maidir le honnmhairí indíreacha. Is ionann onnmhaire indíreach agus earraí a onnmhairítear ó Bhallstát amháin agus a fhágann an AE trí Bhallstát eile. Beidh an córas seo éigeantach ar fud an AE maidir le honnmhairiú indíreach earraí ó 1 Iúil 2009. Ba chóir a thabhairt faoi deara, áfach, go mbainfidh sé le honnmhairí indíreacha amháin - ní bheidh tionchar aige ar earraí a bhíonn á n-onnmhairiú go díreach ón gComhphobal ná atá á mbogadh faoi Chonradh Iompair Aonair.

Oibreoidh an córas ar an gcaoi seo a leanas:

Nuair a sheoltar dearbhuithe DRA onnmhairithe chuig PIU ina léiríonn Bosca 29 go bhfuil an Oifig Amach suite i mBallstát eile (is féidir cóid na hoifige amach a aimsiú ar shuíomh gréasáin Europa Liosta EUROPA COLExternal link) próiseálfar an ghluaiseacht go huathoibríoch trí CRO. Nuair a fhaightear imréiteach ó PIU (IE529), ba chóir don dearfóir an DTO a chur i gcló agus ba chóir don DTO a bheith in éineacht leis na hearraí agus iad á mbogadh chuig an mBallstát eile. Seolfaidh an Oifig Chustaim Onnmhairithe teachtaireacht chuig an Oifig Amach chomh maith, le cur in iúl go bhfuil na hearraí ar an mbealach.

Nuair a shroicheann na hearraí an Oifig Amach, ba chóir don DTO a bheith tugtha do lucht Custaim ag an dearfóir nó ag an ngníomhaire atá ag obair ar a s(h)on. Ligfidh sé seo do Lucht Custaim san Oifig Amach imeacht na n-earraí ón gComhphobal a dheimhniú agus a chur in iúl don Oifig Onnmhairithe in Éirinn chomh maith gur deimhníodh an t-imeacht. Ina dhiaidh sin, gheobhaidh an dearfóir in Éirinn teachtaireacht bhreise ó PIU ina ndeimhnítear imeacht na n-earraí ón AE.

Is féidir riachtanais chlódóireachta an DTO a aimsiú ag rannán an Chórais Rialaithe Onnmhairithe de Shuíomh Gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.

Is féidir gluaiseacht indíreach onnmhairithe a chealú go leictreonach trí theachtaireacht leictreonach iarratas cealaithe a sheoladh (IE514). Údaróidh na Coimisinéirí Ioncaim an cealú san aon chás nár seoladh earraí amach as an gComhphobal (.i. nach bhfuarthas Teachtaireacht Deimhnithe Imeachta ón Oifig Amach)

Ar ais go barr

Oifig Amach

I líon beag cásanna, tabharfar earraí a onnmhairíodh ó bhallstát eile amach as an gComhphobal trí Éirinn. Níl aon riachtanas éigeantach ann an teachtaireacht leictreonach seo a úsáid, ós rud é gur féidir an DTO clóite a thaispeáint do lucht custaim na hÉireann, dream a dheimhneoidh seoladh amach na n-earraí. Má theastaíonn uait an Teachtaireacht Imeachta leictreonach a úsáid, ba chóir dul teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim chun údarú a fháil a leithéid a dhéanamh. An teachtaireacht leictreonach Teachta Amach (IE507) maidir leis seo ag rannán an Chórais Rialaithe Onnmhairithe de Shuíomh Gréasáin na gCoimisinéirí Ioncaim.

Ar ais go barr


Leagan furasta le priontáil