Seirbhísí Ar Líne

Fáilte chuig rannóg na Seirbhísí Ar Líne. Tá na Coimisinéirí Ioncaim tiomanta do réimse leathan seirbhísí ar líne a sholáthar do cháiníocóirí gnó agus pearsanta. Cliceáil ar na lógónna do ROS (Seirbhís Ar Líne d’úsáideoirí gnó) agus ÍMAT aon tráth aon lá (d’úsáideoirí pearsanta) chun teacht ar na seirbhísí sin a éilíonn clárú le revenue.ie. Rinneadh athruithe le déanaí ar an modh cláraithe agus rochtana do sheirbhísí ÍMAT aon tráth aon lá d’fhonn eispéireas an úsáideora a fheabhsú. Níl clárú ag teastáil le haghaidh seirbhísí eile ar líne. Tá na Coimisinéirí Ioncaim ag obair chun feabhas sa bhreis a chur ar ár seirbhísí ar líne agus chuir siad feidhmchláir deisce ar fáil le déanaí chun costais sláinte ÍMAT a rianú agus chun tuairisceáin VAT3 a chomhdú agus tuairisceáin P30 a bhainistiú laistigh de ROS.


Leagan furasta le priontáil