ÍMAT aon tráth aon lá ag úsáid d’fhón póca
- Deimhniú Creidmheasanna Cánach
- Rianú Comhfhreagrais
- Éiligh Creidmheasanna Cánach áirithe
- Ordaigh Foirmeacha áirithe
- Ordaigh Bileoga áirithe
Tá UAP riachtanach le haghaidh na roghanna seo. Chun do UAP a fháil ba chóir duit clarú le ÍMAT aon tráth aon lá na gCoimisinéirí Ioncaim - an slí is fearr chun do muirear chánach a bhainistiú
Deimhniú Creidmheasanna Cánach
An bhfuil fhios agat faoi na pointe féinseirbhíse chun Theastas Creidmheasanna Cánachatá a fháil?
- Is féidir leat clárú le haghaidh ÍMAT aon tráth aon lá sa chás go bhfuil áis ann chun do Theastas Creidmheasanna Cánach le haghaidh 2010 a fheiceáil agus a chur i gcló.
- Is féidir leat cóip pháipéir de do theastas a fháil trí do UPSP a théacsáil in éineacht leis an bhfocal 'cert' chuig 51829. Mar shampla, más í 1234567A an uimhir PSP atá agat, téacsáil: 1234567A CERT chuig 51829
- Dean téagmháil le hOifig áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim agus Deimhniú Creidmheasanna Cánach a iarraidh chomh maith.
Leanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim de Dheimhnithe athmheasta Creidmheasanna Cánach a eisiúint le haghaidh 2010, sa chás gur athraigh cúinsí na bhfostaithe i rith 2010.
Rianú Comhfhreagrais
Má theastaíonn uait eolas a fháil faoin gcomhfhreagras ÍMAT atá seolta agat chugainn le trí mhí anuas, téacsáil:
POST Uimhir PSP UAP chuig 51829
Mar shampla, más í 12343567A d'uimhir PSP agus 654321 do UAP, seol í seo a leanas:
POST 1234567A 654321 chuig 51829
Gheobhaidh tú téacs ina dtabharfar stádas na dtír mhír phoist is déanaí atá faighte againn uait le trí mhí anuas duit. Maidir le gach ní, inseofar duit cén dáta a bhfuaireamar é, cé acu at déileáladh nó nár déileáladh leis agus an dáta a ndearnadh déileáil leis.
Úsáid do ghuthán póca chun na creidmheasanna Cánach seo a leanas a éileamh.
Beidh d'uimhir PSP agus UAP ó na Coimsinéirí Ioncaim de dhíth ort lena n-aghaidh seo:
| Cineál creidmheasa | Cur síos ar chreidmheas |
|---|---|
| CÚRAMÓIR | Creidmheas cánach cúramóir baile |
| GAOL | Creidmheas cánach gaoil chleithiúnaigh |
| AOIS | Creidmheasanna cánach aoise le haghaidh daoine os cionn 65 bliain d'aois |
Nóta: B'fheidir go bhfuil fíorú seiceálacha ar aon éileamh próiseáilte
Creidmheas Cánach Cúramóir Baile
Má theastaíonn uait creidmheas cánach cúramóir baile a éileamh, téacsáil:
CREDIT Uimhir PSP UAP CARER chuig 51829
Mar shampla, más í 1234567A d'uimhir PSP agus 654321 do UAP agus má theastaíonn uait creidmheas cánach a éileamh mar chúramóir baile, ní gá ach an méid seo a leanas a théacsáil:
CREDIT 1234567A 654321 CARER chuig 51829.
Gheobhaidh tú teachtaireachtaí téacs a chuirfidh ar an eolas thú faoi dhul chun cinn d'éilimh. Nuair a éiríonn le próiseáil an éilimh gheobhaidh tú Deimhniú Creidmheasa Cánach nua sa phost. D'fhéadfadh an t-éileamh a bheith faoi réir seiceálacha fíoraithe.
Má tá tuilleadh eolais uait faoi Chreidmheas Cánach Cúramaithe Baile, féach ar IT66 - Creidmheas Cánach Cúramaithe Baile.
Creidmheas Cánach Gaoil Chleithiúnaigh
Má theastaíonn uait creidmheas cánach gaoil chleithiúnaigh a éileamh, téacsáil:
CREDIT Uimhir PSP UAP RELATIVE chuig 51829
Mar shampla, más í 1234567A d'uimhir PSP agus 654321 do UAP agus má theastaíonn uait creidmheas cánach gaoil chleithiúnaigh a éileamh, ní gá ach an méid seo a leanas a théacsáil:
CREDIT 1234567A 654321 RELATIVE chuig 51829
Gheobhaidh tú teachtaireachtaí téacs a chuirfidh ar an eolas thú faoi dhul chun cinn d'éilimh. Nuair a éiríonn le próiseáil an éilimh gheobhaidh tú Deimhniú Creidmheasa Cánach nua sa phost. D'fhéadfadh an t-éileamh a bheith faoi réir seiceálacha fíoraithe.
Má theastaíonn uait tuilleadh eolais a fháil faoi Chreidmheasanna Cánach Gaoil Chleithiúnaigh, féach ar IT46 - Creidmheas Cánach Gaoil Chleithiúnaigh.
Creidmheasa Cánach Aoise
Má theastaíonn uait creidmheas cánach aoise a éileamh sa chás go bhfuil tú os cionn 65 bliain d'aois, téacsáil:
CREDIT Uimhir PSP UAP AOIS dáta breithe chuig 51829
Mar shampla, más í 1234567A d'uimhir PSP agus 654321 do UAP agus 1 Feabhra 1931 do dháta breithe agus má theastaíonn uait creidmheas cánach aoise a éileamh, ní gá ach an méid seo a leanas a théacsáil:
CREDIT 1234567A 654321 AOIS 01/02/31 chuig 51829
Gheobhaidh tú teachtaireachtaí téacs a chuirfidh ar an eolas thú faoi dhul chun cinn d'éilimh. Nuair a éiríonn le próiseáil an éilimh gheobhaidh tú Deimhniú Creidmheasa Cánach nua sa phost. D'fhéadfadh an t-éileamh a bheith faoi réir seiceálacha fíoraithe.
Má tá tuilleadh eolais uait faoi chreidmheasanna cánach le haghaidh daoine os cionn 65 bliain, féach ar IT45 - Creidmheasanna Cánach agus Faoiseamh le haghaidh daoine os cionn 65 bliain
Úsáid do ghuthán póca chun na Foirmeacha seo a leanas a ordú:
| Cineál Foirme | Cur Síos ar an bhFoirm |
|---|---|
| Foirm 12 | Tuairisceán cánach ÍMAT 2011 |
| Foirm 12A | Iarratas ar chreidmheasanna cánach i do chéad phost |
| Foirm 54D | Éileamh ar aisíocaíocht Cáin Choinneála ar Ús Taisce [DIRT] le haghaidh 2011 |
| OP1 | Foirm éilimh teaghlach aontuismitheora |
| Med1 | Foirm éilimh ar chostais leighis |
| Med2 | Foirm éilimh ar chostais dhéadacha |
| P50 | Foirm éilimh le haghaidh aisíocaíocht chánach má chaill tú do phost le déanaí |
| Rent1 | Foirm éilimh ar fhaoiseamh cíosa le haghaidh cóiríocht phríobháideach ar cíos. |
Má theastaíonn uait ceann de na foirmeacha seo a ordú, téacsáil an méid seo a leanas:
FORM Uimhir PSP cineál foirme chuig 51829
Mar shampla, más í 1234567A d'uimhir PSP agus má tá foirm éilimh ar chostais leighis uait (Med1), ní gá ach an méid seo a leanas a théacsáil:
FORM 1234567A MED1 chuig 51829.
Seolfar an fhoirm bhán ansin sa phost chuig an seoladh de do chuid atá ar eolas againn.
Úsáid do ghuthán póca chun na Bileoga seo a leanas a ordú:
| Cineál Bileoige | Cur Síos ar an mBileog |
|---|---|
| IT1 | Eolas maidir le creidmheasanna, faoiseamh agus rátaí cánach |
| IT2 | Treoir um chánachas do lánúin phósta agus páirtnéirí sibhialta |
| IT5 | Treoir agus foirm éilimh ar fhaoiseamh árachais leighis |
| IT6 | Treoir ar fhaoiseamh cánach costais leighis |
| IT18 | Treoir ar chreidmheas cánach le haghaidh linbh ar éagumas |
| IT27 | Treoir ar fhaoiseamh cánach muirir seirbhísí |
| IT31 | Eolas agus foirm éilimh ar fhaoiseamh cánach táillí teagaisc tríú leibhéal |
| IT46 | Treoir ar chreidmheas cánach gaoil chleithiúnaigh |
| IT47 | Treoir ar liúntas do dhuine fostaithe a thugannn cúram do dhuine ar éagumas |
| IT66 | Treoir ar chreidmheas cánach cúramóir baile |
| IT70 | Treoir ar ioncam cíosa |
Má theastaíonn uait ceann de na bileoga seo a ordú, téacsáil an méid seo a leanas:
LEAFLET Uimhir PSP cineál bileoige chuig 51829.
Mar shampla, más í 1234567A d'uimhir PSP agus má theastaíonn uait eolas a fháil faoin gcaoi a ngearrtar cáin ar lánúineacha pósta (IT2), ní gá ach an méid seo a leanas a théacsáil:
LEAFLET 1234567A IT2 chuig 51829.
Seolfar an bhileog ansin sa phost chuig an seoladh de do chuid atá ar eolas againn.
