Fáilte go ÍMAT aon tráth aon lá
Dhearamar ár gcóras cláraithe le go mbeadh sé chomh héasca agus ab fhéidir le húsáid.
Ar an scáileán Cláraithe iarrfar ort roinnt sonraí a thabhairt. A luaithe a thugann tú na sonraí seo, meaitseálfaimid iad lenár dtaifid féin.
Tóg Turas PAYE Aon Tráth Aon Lá.
Má mheaitseálann na sonraí a chéile eiseofar Uimhir Aitheantais Phearsanta (PIN) duit laistigh de 5 lá oibre. A luaithe a bheidh d'Uimhir Aitheantais Phearsanta agat, tá tú ullamh chun ÍMAT aon tráth aon lá a úsáid. Ní fhéadfadh sé a bheith níos simplí!
Coinnigh d'Uimhir Aitheantais Phearsanta sábháilte agus faoi rún. Is í d'eochair í chun an córas a rochtain. Is féidir leat d'Uimhir Aitheantais Phearsanta a athrú ar ball do huimhir atá aithnidiúil duit
Mura meaitseálann do chuid sonraí láithreach, ná bíodh imní ort. Déanfaimid ár ndícheall cúrsaí a réiteach duit. Más gá dúinn, rachaimid i dteagmháil leat ar an teileafón nó trí ríomhphost chun cabhair a thabhairt fadhbanna ar bith a chur ina gceart.
Nuair atá tú cláraithe, is féidir leat:
- Féachaint ar do thaifead cánach
- Réimse leathan creidmheasanna cánach a éileamh: táillí seirbhíse, síntiúis cheardchumainn agus Creidmheas Cíosa srl.
- Cur isteach ar aisíocaíochtaí cánach lena n-áirítear costais shláinte
- Breis ioncaim a dhearbhú
- Athbhreithniú ar dhliteanas cánach do bhlianta eile a iarraidh
- Creidmheasanna a ath-leithdháileadh idir tú féin is do chéile
- Do chuid comhfhreagrais chuig na Coimisinéirí Ioncaim a leanúint
Buntáistí:
- Do ghnóthaí cánach féin a bhainistiú ar bhealach tapaidh, éasca, saor in aisce agus slán
- Nuashonrú láithreach ar do chreidmheasanna cánach
- Aisíocaíochtaí tapaidh
- Rochtain shlán 24 x 7 x 365
- Neamhdhíobhálach don chomhshaol
Tá líon beag custaiméirí nach féidir leo athbhreithniú a éileamh ag úsáid ÍMAT aon tráth aon lá, ar nós:
- Daoine aonair atá roghnaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim chun Tuairisceán Ioncaim a chomhlánú (Foirm 12)
- Custaiméirí atá cláraithe i gcomhair Cánach Ioncaim agus a bhfuil ioncam acu freisin atá faoi réir ÍMAT
Ceisteanna coitianta faoi ÍMAT aon tráth aon lá
Is féidir leat do theileafón póca a úsáid chun comhfhreagras a leanúint, creidmheasanna áirithe a éileamh, agus foirmeacha agus bileoga áirithe ÍMAT a iarraidh.
Tabhair faoi deara: is d'fhostaithe ÍMAT amháin an córas seo. Má tá tú féinfhostaithe is cóir duit clárú i gcomhair ROS ina áit.
Cláraigh do ÍMAT aon tráth aon lá
Tóg Turas PAYE Aon Tráth Aon Lá.
