Treoracha moChúrsaí

Léargas ginearálta

Pointe rochtana singil is ea moChúrsaí le haghaidh sheirbhísí slán ar líne uile na gCoimisinéirí Ioncaim. Is é seo an bealach is tapúla, is éasca agus is slán le do chúrsaí cánach a bhainistiú. Folaíonn na seirbhísí a sholáthraítear:

  • seirbhísí Íoc Mar A Thuillir (ÍMAT), áit a bhféadtar do cháin a bhainistiú nó a athbhreithniú (Foirm 12 san áireamh), agus post nó pinsean a chur leis
  • Cáin Maoine Áitiúil (CMÁ)
  • Poist agus Pinsin
  • ríomh-Fhoirm 12
  • An Dreasacht um Athchóiriú Tí (DAT)
  • M’Fhiosruithe
  • clárúcháin chánach – Cáin Ioncaim
  • ríomh-Imréiteach cánach
  • íocaíochtaí agus aisíocaíochtaí
  • tiománaithe agus paisinéirí faoi mhíchumas.

Cé a fhéadann clárú le haghaidh moChúrsaí?

Féadann na daoine seo a leanas clárú le haghaidh moChúrsaí:

  • cáiníocóirí ÍMAT
  • cáiníocóirí CMÁ
  • custaiméirí gnó, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil deimhniú digiteach gníomhach acu le haghaidh Seirbhís ar Líne na gCoimisinérí Ioncaim (ROS)
  • cáiníocóirí nua.

Ar aghaidh: Clárú le haghaidh moChúrsaí