Cuntais & Iniúchadh
Cuntais agus Doiciméid Eile
Cé go bhfuil sé beartaithe sa tionscadal go mbeidh gach príomhthuairisceán nach mór á sheoladh isteach go leictreonach i ndeireadh na dála, tá sé seo á chur i bhfeidhm ar bhonn céimnithe. Is é an cuspóir deiridh atá againn ná go gcuirfí comhdú na dtuairisceán cánach ar fáil go leictreonach do chustaiméirí óna n-áiteanna cónaithe nó a n-áiteanna gnó.
Is cuid ríthábhachtach de choincheap comhdaithe leictreonaigh na gCoimisinéirí Ioncaim é nach mbeidh gá ar bith le comhdú páipéir. Ní bheidh aon ghá le doiciméid a sheoladh isteach, beag beann ar mhodh an aistrithe. Tá reachtaíocht i bhfeidhm chun an méid seo a éascú, chomh maith le réimsí agus impleachtaí dlíthiúla eile a bhaineann le comhdú leictreonach. Luaifear eolas cuntas atá de dhíth le tacú le tuairisceáin a sheoltar isteach ar an tuairisceán féin. Ach ba chóir go mbeadh gach fianaise atá de dhíth le tacú le tuairisceán amhail cuntais, cláir chomhardaithe, teastais, fianaise teidlíochta i leith liúntas agus faoisimh srl, ba chóir go mbeadh sí á coinneáil ag an gcustaiméir nó ag a g(h)níomhaire. Is féidir an fhianaise seo a stóráil go leictreonach nó i bhformáid pháipéir, de réir mar is gá.
Beidh socruithe comhdaithe atá ann cheana ar fáil go fóill do chustaiméirí ar mian leo leanúint de thuairisceáin pháipéir a chomhdú. Beidh na tuairisceáin féin san fhormáid chéanna lena macasamhla leictreonacha. I bhfocail eile, ba chóir go mbeadh an t-eolas ceanann céanna san áireamh iontu, amhail eolas cuntas.
Is féidir breathnú ar shonraí iomlána na seirbhísí atá ar fáil i ROS anseo
Iniúchadh
Is é ceann de na ceisteanna is coitianta a chuirtear faoi chomhdú leictreonach ná faoi dhóchúlacht mhéadaithe a bheith ann go ndéanfaí iniúchadh ar thuairisceán má sheoltar isteach go leictreonach é seachas mar thuairisceán páipéir. Ní tharlóidh a leithéid. Iarrfar eolas comhionann ar gach tuairisceán, bídís i bhfoirm páipéir nó leictreonach. Tá sé i gceist go mbainfidh na teicnící scagtha agus ceistiúcháin céanna leis an dá leagan. Tá eolas ó thuairisceáin pháipéir á ghabháil go leictreonach ag na Coimisinéirí Ioncaim chun a leithéid a éascú.
