Buntáistí a Bhaineann leis an Ríomhchomhdú
Tá buntáistí ag baint leis an gcomhdú leictreonach chomh maith do na Coimisinéirí Ioncaim agus don chustaiméir araon. Áiríodh leo sin:
- Seirbhís Fheabhsaithe do Chustaiméirí.
Is féidir leis na Coimisinéirí Ioncaim seirbhís atá níos éifeachtúla, níos tráthúla agus níos costéifeachtaí a sholáthar dár gcustaiméirí. Teacht ar do chuntas féin ag na Coimisinéirí Ioncaim ó do ríomhaire pearsanta féin agus teacht ar ROS 24 uair in aghaidh an lae, gach lá den bhliain. Áiseanna ríofa le cabhrú le custaiméirí a ndliteanas cánach a dheimhniú. Admhálacha leictreonacha ionsuite agus cumarsáid aonfhoirmeach leis na custaiméirí go léir. - Aga Slánúcháin Níos Tapúla
Tá siad á bpróiseáil anois ar bhonn níos tapúla agus aisghabhtar iad go tapa trí chur sa phost, láimhseáil agus cur isteach tuairisceán a dhíothú. - Cruinneas Feabhsaithe agus Rianta Iniúchóireachta
Ligeann an córas do phróiseáil níos cruinne ar shonraí cánach tarlú, trí chur isteach sonraí cánach de láimh a dhíothú agus trí shraith seiceála agus bailíochtaithe ríomhaire a chur i bhfeidhm. Aithnítear réimsí faidhbe ar leith ar bhonn níos éasca. - Costais Phróiseála Laghdaithe
Beidh coigilteas costas i gceist mar thoradh ar an laghdú ar phróiseáil dhúblach de láimh, rud a laghdóidh costais chomhlíonta ar an gcustaiméir go mór, chomh maith le dáileadh ualach oibre níos fearr ar na fostaithe. Déanfar ath-imlonnú acmhainní foirne i réimsí eile m.sh. seirbhís do chustaiméirí. - Coigilteas Féideartha Eile
Beidh laghdú ar na costais a bhaineann le soláthar, clódóireacht, postas, stóráil, athsholáthar, stocáireamh agus dáileadh foirmeacha clóite.
