Comhairliúchán
Tá ROS tiomanta comhairliúchán iomlán agus oscailte a dhéanamh lenár bpáirtithe leasmhara go léir maidir leis an tionscadal seo. Rinneamar plé mionsonraithe le cleachtóirí cánach agus le comhlachtaí ionadaíochta gairmiúla ar dtús agus leanaimid i ROS de dhialóg leanúnach a choinneáil ar siúl le hionadaithe cleachtóirí chun iad a chur ar an eolas faoi fhorbairtí, chun dul i gcomhairle leo agus chun a gcúnamh a lorg le díriú ar cheisteanna buairimh a gcomhaltaí agus i gcur chun cinn ROS.
