Cúrsaí Dlí
Bhí reachtaíocht le freastal ar ROS san áireamh in Acht Airgeadais 1999. Déanann an reachtaíocht foráil chun daoine a cheadú sonraí a aistriú ar bhealach formheasta; .i. úsáid ROS.
An t-athrú ar reachtaíocht:
- Ligtear do dhuine formheasta nó údaraithe an t-eolas atá de dhíth i dtuairisceán a aistriú go leictreonach ar son cáiníocóra, gan gá a bheith le síniú an cháiníocóra. Nuair a bhíonn sé seo déanta, meastar go bhfuil oibleagáid dhlíthiúil an duine a raibh air/uirthi an tuairisceán a dhéanamh comhlánaithe aige/aici ina leith sin.
- Cuireann sé deireadh leis an ngá atá le doiciméid nó dearbhuithe tacaíochta a sheoladh isteach.
- Ceadaítear aithint seolta leictreonaigh le haghaidh cúrsaí dlí.
- Cinntíonn sé nach féidir eolas tuairisceáin a shéanadh ina dhiaidh sin.
