Ríomhchomhdú Éigeantach
Is cuid de straitéis na gCoimisinéirí Ioncaim iad ríomhíocaíochtaí éigeantacha agus ríomhchomhdú éigeantach, ag baint úsáide as Seirbhís Ar-Líne na gCoimisinéirí Ioncaim (ROS), chun úsáid modhanna leictreonacha a bhunú mar ghnáthmhodh oibre le déileáil le cúrsaí cánach.
Is saoráid idirlín í ROS a chuireann bealach slán tapaidh ar fáil duit chun na nithe a leanas a dhéanamh: dliteanas cánach a íoc; tuairisceáin chánach a chomhdú; do chuid sonraí cánach a aimsiú agus aisíocaíochtaí a iarraidh. Tá saoráidí ROS ar fáil 24 uair in aghaidh an lae, 7 lá in aghaidh na seachtaine, gach lá den bhliain. Is féidir leat tairbhe a bhaint as síneadh ar na sprioc-amanna atá ann maidir le cáin a íoc agus tuairisceáin a chomhdú má íocann agus má chomhdaíonn tú le ROS.
Ón mbliain 2009 i leith tá na hearnálacha cáiníocóra a bhfuil orthu íoc agus comhdú go leictreonach leathnaithe amach (féach thíos). Foilsíodh na Coimisinéirí Ioncaim
Rialacháin (PDF, 148KB) i 2012 a leathnóidh amach na hoibleagáidí ó thaobh tuairisceán a chomhdú agus cáin a íoc le ROS go dtí:
Céim 4
- Cásanna CBL-chláraithe
- Daoine a bhaineann leas as na faoisimh agus na díolúintí atá leagtha amach thíos *
| Tuairisc ar an bhFaoiseamh/díolúine | Roinn i TCA 1997 |
|---|---|
| Íocaíochtaí conradh blianacht scoir | Roinn 787 |
| Ranníocaíochtaí CPCS (PRSA) | Roinn 787C |
| Pleananna pinsin iasachta: faoiseamh baill imircigh | Roinn 787N |
| Faoiseamh scoir do lucht spóirt | Roinn 480A |
| Faoiseamh RBD | Ranna 774 agus 776 |
| Díolúine ealaíontóra | Roinn 195 |
| Díolúine coillearnaigh | Ranna 140 agus 232 |
| Díolúine ioncam paitinne | Ranna 141 agus 234 |
| Ioncam ar a bhfuil faoiseamh trasteorann éilithe | Roinn 825A |
| Faoiseamh don scéim um leathnú gnó | Roinn 489(3) |
| Faoiseamh don scéim síolchaipitil | Roinn 489(5) |
| Faoiseamh scannáin | Roinn 481 |
| Faoiseamh foirgneamh/gáirdíní suntasacha | Roinn 482 |
| Faoiseamh úis: iasacht le scair a fháil i gcuideachta nó i gcomhpháirtíocht | Ranna 248, 248 (mar atá sínte ag Roinn 250) agus 253 |
* de réir 2010 nó F11 dá éis
Is féidir go bhfuair tú
litir (PDF, 56KB) ó na Coimisinéirí Ioncaim ag tabhairt fógra duit faoi na tuairisceáin agus na híocaíochtaí nach mór a chomhdú go leictreonach trí ROS ón 1 Meitheamh 2012. Leagtar amach ann na céimeanna nach mór a ghlacadh le géilliúntas a áisiú agus a chinntiú ón dáta cuí.
Cuirtear an t-eolas seo a leanas ar fáil chun tacaíocht agus cúnamh a thabhairt duit le híoc agus comhdú a dhéanamh
- Cé hiad na daoine nach mór dóibh íoc agus comhdú a dhéanamh go leictreonach?
- Tuairisceáin agus Íocaíochtaí nach mór a chomhdú go leictreonach.
- Íocaíochtaí leictreonacha (ríomhíocaíocht) leis na Coimisinéirí Ioncaim ag baint úsáide as Treoir Dochair ROS (TD ROS)
- Ceisteanna Coitianta
- Cláraigh le ROS
- Seirbhísí Eile Tacaíochta
Tax Returns and Payments (Mandatory Electronic Filing and Payment of Tax) Regulations 2012 (S.I. No. 156 of 2012) (PDF, 148KB)
Cé hiad na daoine nach mór dóibh íoc agus comhdú a dhéanamh go leictreonach?
Céim 1
Cuireadh tús le clár na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le ríomhíocaíochtaí agus ríomhthuairisceáin éigeantacha le Céim 1 ar an 1 Eanáir 2009. Chlúdaigh Céim 1 na cáiníocóirí ar fad arb iad Rannán na gCásanna Móra a bhíonn ag plé lena gcuid cúrsaí cánach, chomh maith leis na Ranna Rialtais ar fad.
(Rialacháin Um Thuairisceáin Chánach Agus Íocaíochtaí (Comhdú Leictreonach Sainordaitheach Agus Íocaíocht Cánach) 2008 (I.R. Uimh. 341 de 2008) ).
Céim 2
Tháinig Céim 2 de chlár na gCoimisinéirí Ioncaim i bhfeidhm ó 1 Eanáir 2010. Chlúdaigh Céim 2 gach cuideachta a bhfuil láimhdeachas níos mó ná €7.3 milliún agus níos mó ná 50 fostaí aici, chomh maith le gach comhlacht poiblí.
(Rialacháin Um Thuairisceáin Chánach Agus Íocaíochtaí (Comhdú Leictreonach Sainordaitheach Agus Íocaíocht Cánach) 2008 (I.R. Uimh. 341 de 2008)).
Céim 3
Tagairt do Rialacháin Um Thuairisceáin Chánach Agus Íocaíochtaí (Comhdú Leictreonach Sainordaitheach Agus Íocaíocht Cánach) 2011 (I.R. Uimh. 223 de 2011)).
Céim 3A
Is iad seo a leanas catagóirí na gcáiníocóirí a gceanglófar orthu íoc agus comhdú a dhéanamh go leictreonach ó 1 Meitheamh 2011:
- Gach cuideachta
- Gach iontaobhas
- Gach páirtnéireacht
- Daoine aonair féinfhostaithe i mbun tuairisceáin maidir le híocaíochtaí le tríú páirtithe a chomhdú (Foirm 46G)
- Daoine aonair féinfhostaithe faoi réir an tsriain ar lucht ardioncaim (Foirm RR1, Foirm 11)
- Daoine aonair féinfhostaithe atá ag baint tairbhe as nó atá ag gnóthú Polasaithe Saoil Eachtrannacha, Cistí Eischósta nó táirgí Eischósta eile
- Daoine aonair fhéinfhostaithe a éilíonn réimse dreasachtaí bunaithe ar mhaoin (Liúntais Réadmhaoine Cónaithe agus Liúntais Foirgníochta Tionscail)
Chomh maith leis sin caithfear gach tuairisceán agus íocaíocht dleacht stampála dlite ar nó tar éis 1 Meitheamh 2011 a chomhdú go leictreonach. (Dleacht Stampála (Ríomhstampáil Ionstraimí) Leasú) (Uimh.. 2) Rialacháin 2011 (I.R. Uimh. 222 de 2011)).
Céim 3B
Fostóirí a bhfuil 10 nó níos mó fostaithe acu, ach nach bhfuil clúdaithe i gCéim 3A ní mór dóibh íocaíocht agus comhdú a dhéanamh go leictreonach don 1 Deireadh Fómhair 2011.
Tuairisceáin agus Íocaíochtaí nach mór a chomhdú go leictreonach.
| Tuairisceán Sonraithe | Dliteanas Cánach Sonraithe | |
|---|---|---|
| Cáin Chorparáide | Foirm CT1 | Réamhcháin agus an tIarmhéid atá Dlite |
| Comhpháirtíocht | Foirm 1 (Gnólachtaí) | - |
| Iontaobhais | Foirm 1 | Réamhcháin agus an tIarmhéid atá Dlite |
| Cáin Ioncaim | Foirm 11 | Réamhcháin agus an tIarmhéid atá Dlite |
| Srian ar Lucht Ardioncaim | Foirm RR1 | - |
| ÍMAT/ÁSPC Fostóra | Foirm P30 Foirm P35 Foirmeacha P45 agus P46 |
ÍMAT/ÁSPC dlite |
| Cáin Bhreisluacha | Foirm CBL 3 Tuairisceán Bliantúil de Shonraí Trádála (RTD) CBL ar Thuairisceán Ráithiúil r-sheirbhísí |
CBL dlite CBL Ráithiúil dlite ar r-sheirbhísí |
| Cáin Chnóchan Caipitiúil (Oidhreachta agus Bhronntanais) | Tuairisceán Bliantúil | Íocaíocht Bhliantúil |
| Dleacht Ghealltóireachta | Tuairisceán Ráithiúil | Íocaíocht Ráithiúil |
| Cáin Iarchoimeádta Díbhinne | Tuairisceán Míosúil | Íocaíocht an cháin iarchoimdeádta asbhainte ó leithdháileadh ábhartha sa mhí roimhe sin |
| Cáin Choinneála ar Ús Taisce | Tuairisceán Bliantúil | Íocaíocht eatramhach agus an tIarmhéid atá Dlite |
| Cáin Scoir ar Árachas Saoil | Tuairisceán Leathbhliantúil | Íocaíocht Leathbhliantúil |
| Cáin Scoir ar Ghnóthais Infheistíochta | Tuairisceán Leathbhliantúil | Íocaíocht Leathbhliantúil |
| Treoir an AE um Choigiltis | Tuairisceán Bliantúil | - |
| Tuairisceán maidir le hÍocaíochtaí 3ú Páirtí (46G/46Gcuideachta) | Tuairisceán Bliantúil | - |
| Cáin Aerthaistil | Tuairisceán Bliantúil | Íocaíocht Mhíosúil |
* Tabhair faoi deara nach bhfuil an liosta thuas uileghabhálach, b’fheidir go bhfuil tú faoi dhliteanas cánach agus dleachtanna eile m. sh. CCI, atá comhdatha agus íochta go leictreonach amháin.
Íocaíochtaí leictreonacha (ríomhíocaíocht) leis na Coimisinéirí Ioncaim ag baint úsáide as Treoir Dochair ROS (TD ROS)
Íocaíochtaí leictreonacha leis na Coimisinéirí Ioncaim ag baint úsáide as Treoir Dochair ROS (TD ROS)
Is féidir le custaiméirí íocaíochtaí leictreonacha a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim trí Threoir Dochair ROS (TD ROS).
Treoir Dochair ROS (TD ROS) a chur ar bun
Chun TD ROS a chur ar bun, roghnaigh an hipearnasc 'Comhlánaigh/Leasaigh/Íoslódáil Treoir Dochair ROS' ar an leathanach 'Mo Sheirbhísí' ar ROS. Déantar an TD ROS a chomhlánú ar líne, a shíniú agus a sheoladh isteach ag ROS ag baint úsáide as deimhniú digiteach ROS. Má theastaíonn cúnamh uait chun Treoir Dochair ROS a chur ar bun, cuir ríomhphost chuig Aonad Tacaíochta le hÍocaíochtaí ROS ag rospayments@revenue.ie.
Cuntas bainc ag teastáil le haghaidh TD ROS
Chun an Treoir Dochair seo a chomhlánú, ní mór duit cuntas bainc reatha a bheith agat le Cód Sórtála Éireannach lenar féidir dochar díreach a ghlacadh. Tá sonraí na mbanc a bhfuil Cód Sórtála Éireannach acu agus ar féidir iad a úsáid chun íocaíochtaí a dhéanamh trí chóras ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim ar fáil ar láithreán Gréasáin Eagraíocht na hÉireann um Sheirbhísí Íocaíochta
. Ar an leathanach baile cliceáil ar "Login to the National Sort Code Database". San áireamh i mBunachar Sonraí na gCód Sórtála tá uimhreacha Sórtála tá uimhreacha Chód Sórtála na hÉireann agus faisnéis ghaolmhar maidir le Brainsí Banc.
Conas mar a fheidhmíonn Treoir Dochair ROS (TD ROS)
Nuair a bheidh an TD ROS ar bun, is féidir leis an gcustaiméir tosú ag déanamh íocaíochtaí i leith cánacha éagsúla. Caithfidh an custaiméir tús a chur le gach íocaíocht, áfach, trí dhul ar líne agus na Coimisinéirí Ioncaim a údarú chun an méid a shonraítear a bhaint as a gcuntas bainc. Ní dhéanfar ach amháin na méideanna cruinne a bheidh údaraithe ag custaiméirí ROS nó ag a gcuid gníomhairí ar a son a asbhaint ó chuntais bainc.
Ní dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim na méideanna riachtanacha a asbhaint riamh roimh na dátaí dlite, fiú nuair a chomhdaítear tuairisceáin go luath (ach amháin má leasaíonn an custaiméir ROS an dáta íocaíochta nó má fhaigheann na Coimisinéirí Ioncaim treoir maidir leis an dáta íocaíochta a leasú). Ní dhéanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an cháin atá dlite a asbhaint go dtí go mbeidh údarú faighte ón gcustaiméir.
Cáin a Íoc le Cárta Creidmheasa
Is féidir le custaiméirí cáin a íoc (seachas an Tobhach Sainchónaí) leis na Coimisinéirí Ioncaim le cárta creidmheasa [teoranta do VISA agus Mastercard amháin]. I láthair na huaire, ní féidir socruithe a dhéanamh chun íoc le cárta creidmheasa ach ar an teileafón. Tá seirbhís thiomanta teileafóin do chártaí creidmheasa de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim ar fáil ón Luan go hAoine 09:00 - 17:00 ag 1890 27 37 47 (+353 1 828 8045 do chustaiméirí idirnáisiúnta).
Is foirm íocaíochta inghlactha í íocaíocht le cárta creidmheasa do chustaiméirí ríomh-Chomhdaithe Éigeantaigh ROS. Is foirm íocaíochta inghlactha í freisin le bheith incháilithe do shíneadh ar na spriocdhátaí íocaíochta ROS.
Ní mór do dhuine is mian leis/léi íocaíocht a dhéanamh le cárta creidmheasa muirear idirbhirt a íoc, 1.69% de luach na híocaíochta. Baineann sé seo go hiomlán le táillí tríú páirtí arna dtabhú ag na Coimisinéirí Ioncaim as an tseirbhís seo a sholáthar.
Seirbhísí Eile Tacaíochta
Má tá cúnamh uait maidir le do chuid chlárúcháin le ROS téigh i dteagmháil le Deasc Cabhrach Teicniúla ROS.
- Seol ríomhphost chuig roshelp@revenue.ie
- Glaoigh ar 1890 20 11 06
- Má chónaíonn tú taobh amuigh de Phoblacht na hÉireann seol dod uimhir teileafóin chugainn don seoladh ríomhphost thuas agus chuirfimid glaoch ort nó glaoigh orainn ar +353 1 7023021.
Má tá cúnamh uait chun íocaíocht a dhéanamh ar ROS seol ríomhphost le do thoil chuig an Aonad Tacaíochta maidir le hÍocaíochtaí ROS ag rospayments@revenue.ie
Márta 2012
