Creidmheas Cánach Cúramóra Linbh do Dhuine Singil (CCCLDS)

Léargas ginearálta

Má thugann tú aire do leanbh i d’aonar, féadfaidh sé go bhfuil tú in ann an Chreidmheasa Cánach Cúramóra Linbh do Dhuine Singil (CCCLDS) a éileamh. Féadfaidh sé gurb é an leanbh seo:

  • do leanbh féin
  • leanbh a d’uchtaigh tú
  • aon leanbh a dtugann tú tacaíocht agus cothabháil dóibh ar do chostas féin.

Ní fhéadann ach tuismitheoir nó caomhnóir linbh an CCCLDS a éileamh in aon bhliain chánach amháin. Ní fhéadtar ach creidmheas amháin a éileamh, fiú amháin má thugann tú aire do níos mó ná aon leanbh amháin.

Tháinig an creidmheas seo i bhfeidhm ar 1 Eanáir 2014. An luach ar an gcreidmheas cánach seo ná €1,750 sa bhliain. Laghdóidh sé seo an cháin a íocann tú faoi €33.65 sa tseachtain.

Féadfaidh sé go bhfuil tú i dteideal banda ráta méadaithe €4,000. Is €4,000 breise é seo ag an ráta cánach 20%. Má tá an CCCLDS dlite duit, tá tú i dteideal an banda ráta méadaithe a fháil go huathoibríoch.

Ar aghaidh: Cén chaoi a gcáilítear don Creidmheas Cánach Cúramóra Linbh do Dhuine Singil (CCCLDS)?