Ag ceannach Tí
An gcaithfidh mé a rá leis an oifig chánach má cheannaím teach?
Caithfidh - is cóir duit é a chur in iúl don oifig chánach a luaithe is féidir ionas gur féidir gach comhfhreagras a chur chuig do sheoladh nua
An féidir liom faoiseamh cánach a éileamh i leith mo mhorgáiste?
Is féidir - má tá an teach suite sa Stát, i dTuaisceart éireann nó sa Bhreatain Mhór agus más é an t-aon áit chónaithe, nó an phríomháit chónaithe, agat é.
Cad a chiallaíonn an t-aon áit, nó an phríomháit, chónaithe?
Is é a chiallaíonn an t-aon áit, nó an phríomháit, chónaithe ná an áit chónaithe arb é d'áit chónaithe é an chuid is mó den am. Ní gá gur leat é, m.sh. is féidir gurb é teach do thuismitheoirí an t-aon áit, nó an phríomháit, chónaithe, agat má chónaíonn tú ann de ghnáth.
An gá gurb ionann áit chónaithe agus teach?
Ní gá. Áirítear iad seo freisin:
- Árasán
- Aon ghairdín nó talamh de chineál ornáideach a úsáidtear in éineacht leis an teach nó árasán
- Teach Soghluaiste/Carbháin - a fhad is:
- Go bhfuil sé ar shuíomh buan
- Go bhfuil méid réasúnta ann chun na riachtanais a ghabhann le áit chónaithe bhuan a chomhlíonadh
- Go bhfuil soláthar leictreachais agus seirbhísí eile aige
- Go bhfuil sé díghluaistithe (i.e. rotha bainte de agus curtha suas ar bhlocanna).
