Cáin Oidhreachta

Cad atá i gceist le Cáin Oidhreachta?

Is cáin í Cáin Oidhreachta a d’fhéadfadh a bheith ann, nuair a fhaigheann tairbhí oidhreacht mar gheall ar bhás duine. Is é an tairbhí atá freagrach as an gcáin a íoc. Is féidir oidhreacht a ghlacadh faoi uacht nó faoi dhíthiomnacht - nó i ndóigh éigin eile amhail, mar shampla, nuair a ghlactar le sócmhainn in ainmneacha comhpháirteacha an duine nach maireann agus duine eile, ar bhás an duine sin, ag an duine eile mar mharthanóir.

Conas a bheidh a fhios agam go mbeidh Cáin Oidhreachta le híoc agam?

Sa chás seo déantar idirdhealú idir céilí marthanacha, páirtí sibhialta marthanach agus tairbhithe eile.

Céile Marthanach nó Páirtí Sibhialta Marthanach

Más céile marthanach tú nó páirtí sibhialta marthanacha ghlacann oidhreacht ó do chéile nó páirtí sibhialta nach maireann, tá an oidhreacht díolmhaithe ina hiomláine agus, is cuma cé chomh luachmhar agus atá sí, ní bheidh sí faoi dhliteanas Cáin Oidhreachta a íoc.

Tairbhithe Eile

I gcás tairbhithe eile, d’fhéadfadh sé go mbeadh Cáin Oidhreachta iníoctha ar d’oidhreacht ag brath ar cé acu an sáraíonn nó nach sáraíonn:

  • luach iomlán na mbronntanas agus na n-oidhreachtaí uile
  • arna nglacadh agatsa - an tairbhí
  • ón duine nach maireann agus ó dhuine ar bith eile lena mbaineann an tairseach ghrúpa chéanna
  • sa tréimhse ó 5 Nollaig 1991 suas go dtí dáta na hoidhreachta (agus an dáta sin san áireamh) eilimint saor ó cháin ar a dtugtar “an méid saor ó cháin”.

Ar Ais go Barr

Cad iad na rátaí Cánach atá infheidhme?

Tá na rátaí seo a leanas de Cháin Oidhreachta infheidhme:

Rátaí Cáin Oidhreachta atá infheidhme:
Suas go dtí an méid tairsí "saor ó cháin" Nialas
Fuíoll 25%

Rátaí stairiúla i ndáil le Cáin Fáltas Caipitiúil

Conas agus cathain is gá dom an cháin a íoc?

Is Cáin Féinmheasúnaithe í Cáin Oidhreachta. Is faoin duine a fhaigheann an oidhreacht atá sé tuairisceán a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí Ioncaim. Ní mór Tuairisceán IT38 (Tuairisceán do Cháin Oidhreachta/Cháin Bhronntanais) a chomhdú i gcás ina sáraíonn oidhreacht léi féin nó agus í curtha le sochair ar ghlac an deontaí leo roimhe sin, 80% den mhéid ábhartha saor ó cháin. Sa chás go dtugtar oidhreacht ar an 11 Feabhra 1999 nó ina dhiaidh, bíonn dualgas ar an deontóir tuairisceán a sheoladh isteach in imthosca áirithe. Sa chás go bhfaightear oidhreacht ar an 14 Meitheamh 2010 nó ina dhiaidh, agus go bhfuil aon fhaoiseamh nó díolúine á éileamh ní mór an IT38 a chomhdú ar líne ar ROS, seirbhís ar líne na gCoimisinéirí Ioncaim. Tá treoir maidir leis an tuairisceán a chomhlánú agus an cháin a íoc le fáil ag an nasc seo a leanas: IT39 - Treoir don tuairisceán IT38 a chomhlánú (Íoc agus Tuairiscigh) .

Ar Ais go Barr

An bhfuil aon faoisimh / díolúintí ann?

Anuas ar an díolúine do chéile nó páirtí sibhialta marthanach, tá roinnt díolúintí agus faoisimh thábhachtacha eile atá ar fáil, agus faoisimh maidir le maoin talmhaíochta agus ghnó agus díolúine maidir le tithe cónaithe áirithe san áireamh.

Cad iad na sócmhainní atá faoi dhliteanas Cáin Oidhreachta a íoc in Éirinn?

Beidh sócmhainn faoi dhliteanas Cáin Oidhreachta a íoc in Éirinn:

  1. má tá an tsócmhainn lonnaithe in Éirinn, nó
  2. má tá an tsócmhainn lonnaithe thar lear, agus tá an duine nach maireann nó an tairbhí ina gcónaí nó ina ngnáthchónaí in Éirinn.

Tairseacha, rátaí & rialacha comhiomlánaithe i ndáil le Cáin Fáltas Caipitiúil

Cá háit is féidir liom tuilleadh eolais a fháil?

Má tá ceist agat faoi cháin oidhreachta ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le hoifig áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim. Sa chuid a bhaineann le Teagmháil gheobhaidh tú liosta iomlán de Oifigí na gCoimisinéirí Ioncaim ar fud na tíre taobh le seoltaí, uimhir theileafóin, uimhreacha facs agus seoltaí ríomhphoist.

Is féidir faisnéis bhreise maidir le Cáin Oidhreachta (Cáin Fáltas Caipitiúil)

Iúil 2011

Ar Ais go Barr


Leagan furasta le priontáil