Iontaobhaithe
- Achoimre
- An Oifig Chánach a chur ar an eolas
- Cáin Ioncaim a íoc
- Cáin Ghnóthachan Caipitiúil a íoc
- Cáin ar Iontaobhas Lánroghnach a íoc
Achoimre
Mar achoimre, seo a leanas an méid ba chóir duit a dhéanamh faoi cháin - agus cá huair ba chóir duit é a dhéanamh.
| Cad ba chóir duit a dhéanamh | Cá huair |
|---|---|
| Cinntiú go bhfuil oifig chánach an duine nach maireann ar an eolas faoin iontaobhas | A luaithe agus a bheidh maoin an iontaobhais i do sheilbh |
| Déan deimhin go n-íoctar cáin ar aon ioncam nó gnóthachain chaipitiúla a eascraíonn le linn na tréimhse nuair a dhéantar an t-iontaobhas a riar | Ar feadh fad saoil an iontaobhais |
| Aon Cháin Ghnóthachan Caipitiúil a eascraíonn ó cheapadh na sócmhainní iontaobhais chuig na tairbhithe a íoc | Faoi na ndátái cuí |
Má tá Iontaobhas Lánroghnach ann, Cáin Iontaobhais Lánroghnaigh a íoc mar a leanas:
|
|
An Oifig Chánach a chur ar an eolas
Nuair atá seilbh á ghlacadh agat ar shócmhainní an ionadaí pearsanta agus tú ainmnithe mar iontaobhaí orthu in uacht an duine nach maireann, ba cheart duit oifig chánach an duine nach maireann a chur ar an eolas faoin iontaobhas ar fhaitíos nach bhfuil sé déanta cheana féin ag an ionadaí pearsanta.
Cáin Ioncaim a íoc
Gearrfar Cáin Ioncaim ag an ráta caighdeánach ar an ioncam atá ginte ag sócmhainní atá fágtha ag an duine nach maireann ar iontaobhas. Gearrfar cáin ar thairbhithe ar ioncam a thugtar dóibh agus tá siad i dteideal creidmheas a fháil don Cháin Ioncaim íoctha ag an Iontaobhas maidir leis an ioncam seo. Nuair nach bhfuil ioncam scaipthe ag na hiontaobhaithe taobh istigh de 18 mí ó dheireadh na bliana measúnaithe, tá formhuirear ag ráta 20% ar an ioncam seo.
Cáin Ghnóthachan Caipitiúil a íoc
Níl aon Cháin Ghnóthachan Caipitiúil ann nuair atá sócmhainní atá fágtha ar iontaobhas tugtha ag an ionadaí pearsanta do na hiontaobhaithe. Má dhíolann na hiontaobhaithe nó an té a cheap na sócmhainní seo níos déanaí, áfach, d’fhéadfadh sé go mbeidh dliteanas ann Cáin Ghnóthachan Caipitiúil a íoc. Déantar an cháin a ríomh trí thagairt a dhéanamh don mhéadú i luach na sócmhainne idir dáta an bháis agus dáta díola nó ceaptha.
Cáin ar Iontaobhas Lánroghnach a íoc
Nuair is iontaobhas lánroghnach atá san iontaobhas, .i. nach bhfuil tairbhe láithreach faoin iontaobhas, beidh sócmhainní an iontaobhais faoi réir ag na muirir Chánach ar Iontaobhas Lánroghnach seo a leanas ar feadh fad saoil an iontaobhais:
- muirear láithreach aon uaire 6%,
- muirear bliantúil 1% ón 31 Nollaig* gach bliain (le bheith íoctha roimh an 31 Márta sa bhliain chéanna). (* Seachas an 31 Nollaig atá sa dá mhí dhéag díreach tar éis an dáta a ghearradh an muirear 6% den chéad uair.)
I gcásanna inar fhág an duine nach maireann páistí óga mar thairbhithe ionchasacha an iontaobhais, ní ghearrfar na muirir 6% agus 1% i rith fad saoil an iontaobhais fad is atá an páiste is óige den ghrúpa faoin aois 21.
Tá roinnt díolúintí óna muirir Chánach ar Iontaobhas Lánroghnach - tá iontaobhais atá cruthaithe do dhaoine atá faoi mhíchumas áirithe amháin díolmhaithe chomh maith le hiontaobhais atá bunaithe do charthanachtaí.
Caithfear na tuairisceáin Féinmheasúnaithe do na muirir Chánach ar Iontaobhas Lánroghnach 6% agus 1% a bheith comhlánaithe agus seolta, in éineacht leis an gcáin iníoctha, chuig an Oifig Chánach. Má dhéantar é seo taobh istigh den teorainn ama sonraithe, ní ghearrfar ús ar bith.
Iúil 2011
