Faisnéis faoi Mhíchumas
Cáin Ioncaim, Liúntais agus Díolúintí
Cé is Féidir Cáiliú do Liúntais Speisialta?
Féadfaidh aon duine atá buan-éagumasaithe cibé coirp nó meabhrach ionas nach féidir leis nó léi iad féin a chothabháíl, liúntais speisialta amháin nó níos mó atá ar fáil a éileamh. Chomh maith leis, sin féadfaidh tuismitheoirí/caomhnóirí agus daoine a thugann aire do ghaolta cleithiúnacha a cháiliú.
Cén Liúntais Speisialta atá ar Fáil?
- Is féidir le tuismitheoir Creidmheas Cánach do Leanbh Éagumasaithe (Billeog IT18 ) - a éileamh don leanbh atá buan- éagumasaithe ina choirp nó meabhrach ar é féin nó í féin a chothabháil agus gur tharla é sin sular shroich sé/sí 21 bhliain d'aois nó sular chríochnaigh sé/sí oideachas lánaimseartha.
- Is féidir le tuismitheoir aonair (cibé ina b(h)aintreach, scartha, tréigthe nó singil an tuismitheoir sin) le leanbh éagumasaithe Creidmheas Cánach Aon Tuismitheora (Billeog IT9) -a éileamh.
- Is féidir le duine a mheastar a bheith dall Creidmheas Cánach Duine Dall (Billeog IT35) - a éileamh. Tá liúntas níos airde dlite i gcás go bhfuil an dá chéile dall.
- Is féidir Liúntas Madra Treorach - a éileamh i gcás go bhfuil madra treorach ag duine nó ag a chéile nó a céile agus gur úinéir cláraithe é nó í le 'Madraí Treoracha na hÉireann don DalI'. Tar éis an chéad éilimh tugtar an t-éileamh seo go huathoibríoch gach bliain ina dhiaidh sin, ach ní mór fógra a thabhairt d'oifig na gCoimisinéirí Ioncaim áitiúil i gcás go scoireann duine le madra treorach a bheith aige nó aici a thuileadh.
- Creidmheas Cánach um Ghaol Cleithiúnach (Bileog IT46) - is féidir le duine a chothaíonn gaol éagumasaithe nó scothaosta nó gaol chéile, máthair atá ina baintreach nó máthairchéile atá ina baintreach nó leanbh ar a bhfuil sé nó sí ina chleithiúnach nó ina cleithiúnach a cháiliú.
- Má tá an gaol lena bhfuil an liúntas um Ghaol Cleithiúnach á éileamh cónaitheach i dteach altranais fhaomhaithe, agus go ndéanann an duine aonair ranníocaíocht do tháillí an tí altranais, is féidir faoiseamh cánach, mar chostais mhíochaine a éileamh ar an gcostas iarbhír a tabhaíodh.
Duine Éagumasaithe - Liúntas do Chúramóir a Fhostú (Bileog IT47) (PDF, 163KB) - is féidir é a éileamh i gcás go bhfostaíonn indibhid duine chun aire a thabhairt do bhall teaghlaigh atá buan-éagumasaithe.
Comhchúnaint (Billeog IT 7) (PDF, 42KB) - tá faoiseamh ar fáil maidir le Gníomhas Comhchúnaint tarraingthe suas i gceart i bhfábhar indibhid buan-éagumasaithe. Mar riail ghinearálta ní féidir le tuismitheoir áfach, comhchúnant a dhéanamh do leanbh mionúr buan-éagumasaithe sé sin faoi ocht mbliana déag d'aois agus neamhphósta. - Cúnamh Fostaíochta Cánach (Billeog IT58) - cuirtear faoiseamh cánach ar fáil chun iad siúd atá dífhostaithe ar feadh i bhfad a spreagadh chun dul ar ais ag obair agus tugtar dreasacht freisin d'fhostóirí iad a fhostú. Le héifeacht ó 1 Eanáir 1999, má ghlacann duine a bhí ag fáil Liúntas Míchumais nó Pinsean Duine Dall ar feadh tréimhse 12 mhí, fostaíocht cáilitheach cáileoidh sé nó sí don Liúntas Cúnamh Fostaíochta agus cáileoidh a f(h)ostóir don Aisbhaint Tuarastal Dúbailte.
- Faoiseamh ar Chostais Mhíochaine - ar fáil maidir le costais teach altranais, dochtúirí, ospidéal agus costais sláinte eile nach bhfuarthas ar ais. Nóta: S.469 TCA 1997 arna leasú, Athbhreithníodh an sainmhíniú ar 'chúram sláinte 'chun cúram faighte ag bean i ndáil le bheith torrach' a chur san áireamh.
Cén Ioncam atá Díolmhaithe ó Cháin?
Tá an t-ioncam seo a leanas díolmhaithe ó cháin ioncaim i lámha duine faoi mhíchumas ar coinníoll go bhfuil sé san áireamh sa tuairisceán cánach bliantúil.
Foirm 54 Éilimh - Éileamh Aisíocaíochta Cánach don bhliain 2010 (PDF, 573KB) (Ag Ionchorprú Foirm 54D - Éileamh ar Cháin Choinneála ar Ús Taisce a Aisíoc don bhliain 2010) - má tá tú buan-éagumasaithe nó níos mó ná 65 bhliain d'aois d'fhéadfadh go mbeadh tú i dteideal aisíoc cháin choinneála ar ús taisce a asbhaineadh ar an gcoinníoll go bhfuil d'ollioncam díolmhaithe ó cháin nó thar an teorainn díolmhaithe go himeallach.- Talamh Feirme a Léasú - féadfaidh cíos ó thalamh feirme a bheith díolmhaithe má tá tú éagumasaithe nó níos mó ná 55 bhliain d'aois.
- Íocaíochtaí i ndáil le Leanaí Thailidimíde i gcás go ndéanann an Roinn Sláinte nó Fondúireacht Hilfswerk Für Behinderte Kinder an íocaíocht. Tá ioncam a éiríonn as na hinfheistíochtaí ar na híocaíochtaí sin díolmhaithe freisin, mar shampla ús taisce, ioncam cíosa, ioncam díbhinne srl.
- Íocaíochtaí um Chúiteamh Díobhála Pearsanta - Tá íocaíochtaí cúitimh a fhaightear díolmhaithe ó cháin. Tá ioncam a éiríonn as infheistíocht íocaíochtaí áirithe cúitimh i gcás go bhfuil an íocaíocht chúitimh mar gheall ar ghortú pearsanta agus ag éirí as caingean sibhialta ar dhamáistí araon díolmhaithe freisin do 1990/91 agus do na blianta ina dhiaidh sin. Ní mór don ioncam seo a bheith mar an t-aon foinse ioncaim nó an príomhioncam freisin. Ní mór go mbeadh éagumas coirp nó meabhrach mar thoradh ar an ngortú a chuireann cosc ar dhuine é féin nó í féin a chothabháil.
- Íocaíochtaí Cúitimh Heipitíteas C - tá íocaíochtaí a dhéanann an Binse Heipitéitis C díolmhaithe ó cháin. Aon ioncam infheistíochta a éiríonn as an íocaíocht chúitimh tá sé díolmhaithe ó cháin ioncaim má tá an duine atá buan-éagumasaithe go hiomlán mar gheall ar éiglíocht choirp nó mheabhrach ar é féin nó í féin a chothabháil. Ní mór don ioncam infheistíochta a bheith mar an t-aon ioncam nó príomhioncam an duine lena mbaineann.
- Cnapshuimeanna féadfaidh iad a bheith díolmhaithe i gcás gur íoc fostóir iad de bharr díobhála nó míchumais.
- Liúntas Cothabhála Duine faoi Mhíchumas i gcás gur íoc an Bord Sláinte é ní fhéachtar air mar ioncam chun críche cánach agus ní gá é a chur san áireamh sa tuairisceán cánach bliantúil.
Iontaobhais Speisialta do Dhaoine atá Buan-Éagumasaithe
Baineann cineál cánach speisialta le cáin ioncaim a éiríonn de dheasca iontaobhas a chruthú ar éirigh a chistí mar thoradh ar shíntiúis phoiblí a bailíodh ar son pearsa aonair nó pearsana aonair atá buan-éagumasaithe go hiomlán ar iad féin a chothabháil.
- Tá iontaobhaithe iontaobhas cáilitheach díolmhaithe ó cháin ioncaim maidir le hioncam a d'éirigh dóibh as na cistí iontaobhais a infheistiú.
- Tá na hiontaobhaithe i dteideal aon Cháin Choinneála ar Ús Taisce a éileamh ar ais atá íoctha acu ar nó tar éis an 6 Aibreáin 1997.
- Tá an duine éagumasaithe díolmhaithe ó cháin i leith íocaíochtaí déanta ag na hiontaobhaithe chun tairbhe dó nó di, agus i leith aon ioncam a d'éirigh ón infheistíocht as íocaíochtaí dá leithéid a infheistiú, ar an gcoinníoll gurb é an t-aon ioncam nó príomhioncam an duine aonair an t-ioncam atá le díolmhú.
Tá feidhm ag an díolúine do 1997/98 agus na blianta ina dhiaidh sin.
Go ginearálta, ionas go mbeidh iontaobhas ina iontaobhas cáilitheach, ní fhéadfaidh aon duine amháin níos mó ná 30% den siúntúis iomlán a bhaileofar a thabhairt. (Ní bheidh feidhm ag an gcoinníoll seo i gcás nach mbeidh na síntiúis iomlána níos mó ná €381,000)
Is é an éifeacht atá leis an díolúine seo ná a chinntiú go bpléitear le cistí bailithe trí shíntiús poiblí do dhaoine aonair éagumasaithe sa chaoi chéanna le dámhachtainí cúirte do dhíobháil phearsanta.
Conas a Dhéanaim Éileamh ar na liúntais agus díolúintí thuas?
Go simplí, déan teagmháil le d'oifig chánach ag sonrú na liúntas a éilítear. Ba cheart teastas dochtúra a bheith in éineacht le do chéad éileamh ag taispeáint:
- an dáta a tharla an t-éagumas ar dtús
- méid agus cineál an éagumais
- cibé an gcuireann an t-éagumas cosc ort tú féin a chothabháil nó nach gcuireann.
ní gá an teastas dochtúra a chur isteach ach amháin leis an gcéad éileamh.
Cáin Bhreisluacha agus Cáin Chláraithe Feithicle
Feithiclí
Féadfaidh aisíocaíocht Cáin Bhreisluacha a íocadh a éileamh i leith feithiclí (a) le haghaidh úsáide daoine buan-éagumasaithe go dian agus mar thiománaithe nó paisinéirí agus (b) le haghaidh úsáide ag eagraíochtaí chun daoine buan-mhíchumasaithe go dian a iompar. Tá foráil freisin d'aisíocaíocht, agus i gcúinsí áirithe, do Cháin Chláraithe Feithicle a tharchur. Tá foirmeacha iarratais agus fógraí poiblí ar fáil ón Oifig Aisíocaíochtaí Lárnach, Roinn na dTiománaithe faoi Mhíchumas, Oifig na gCoimisinéirí Ioncaim, M: Foirgneamh TEK II, Bóthar Ard Mhaca, Co. Muineacháin (Teileafón: 047 - 62100).
Trealamh le haghaidh daoine faoi mhíchumas
Féadfaidh daoine faoi mhíchumas aisíocaíochtaí ar an gCáin Bhreisluacha a íocadh ar áiseanna agus fearais speisialta áirithe a éileamh. I gcúinsí áirithe, tá an faoiseamh ar fáil freisin do dhaoine nach daoine faoi mhíchumas iad féin ach a cheannaíonn earraí dá leithéid lena dtabhairt do dhuine ar leith atá faoi mhíchumas.
Foirm éilimh aisíocaíochta um Cháin Bhreisluacha 61A (PDF, 127KB)
- Raidiónna do na dall - Féadfaidh foras nó institiúid a bhfuil mar chuspóir príomhúil acu maolú fadhbanna na ndall aisíocaíocht Cháin Bhreisluacha atá orthu agus tacair raidió á gceannach nó á n-iompórtáil acu le haghaidh úsáid na ndall a éileamh.
Foirm éilimh aisíocaíochta um Cháin Bhreisluacha 59 (PDF, 119KB) - Fiosrúcháin - Ach amháin nuair a luaitear é sna hailt roimhe seo, ba cheart fiosrúcháin go léir maidir le haisíocaíochtaí ar phearsana neamhchláraithe a dhéanamh chuig Aisíocaíochtaí Neamhchláraithe Cháin Bhreisluacha, An 3ú hUrlár, Teach na hAbhann, Cé Charlottes, Luimneach. (Teileafón 061-212799, Lóghlao 1890 25 24 49). Mar an gcéanna, is féidir foirmeacha éilimh go léir dá dtagraítear, ach amháin nuair a luaitear a mhalairt, a fháil, ach iad a iarraidh, ón Oifig sin freisin.
Cáin Chláraithe Feithiclí
VRT7 - Feithiclí do Dhaoine faoi Mhíchumais - Scéim Faoisimh Chánach
Go ginearálta
Saoráidí dóibh siúd le lagéisteacht
Tá córais lúbchuntair suiteáilte againn chun cabhrú le húsáideoirí áiseanna éiseachta in ocht gcinn dár n-oifigí poiblí i mBaile Átha Cliath, Corcaigh agus Luimneach.
Saoráidí do Chustaiméirí Lagamhairc
- Billeog IT35 - Creidmheasanna Cánach agus Faoisimh do na Dall - tá eolas ar fáil inti ar Chreidmheasanna Cánach agus Faoisimh atá ar fáil do chustaiméirí lagamhairc,
- Déanaimid iarracht seirbhís chomh cuimsitheach agus is féidir a chur ar fáil dár gcustaiméirí lagamhairc ar an teileafón agus a chinntiú go gcoinnítear comhfhreagras agus líonadh foirmeacha ag an íosmhéid.
- Tá seirbhís tacaíochta cánach ar fáil dár gcustaiméirí lagamhairc trí ghlaoch a chur ar d'Oifig Ioncaim Réigiúnach a bhfuil a huimhir lóghlao liostaithe thíos:
| Réigiún | Ceantar Clúdaithe | Uimhir Theileafóin |
|---|---|---|
| Réigiún na Teorann, Lár-Tíre agus an Iarthair | An Cabhán, Muineachán, Dún na nGall, Muigheo, Gaillimh, Liatroim, Longfort, Lú, Uíbh Fháilí, Roscomáin, Sligeach, an Iarmhí | 1890 777 425 |
| Réigiún Bhaile Átha Cliath | Baile Átha Cliath (Contae agus Cathair) | 1890 333 425 |
| Réigiún an Oirthir & an Oirdheiscirt | Ceatharlach, Cill Dara, Cill Chainnigh, Laois, An Mhí, Tiobrad Árann, Port Láirge, Loch Garman, Cill Mhantáin | 1890 444 425 |
| Réigiún an Iardheiscirt | An Clár, Corcaigh, Ciarraí, Luimneach | 1890 222 425 |
Nuair a iarrtar socróimid cuairt a thabhairt ar chustaiméir lagamhairc chun cabhrú leo le líonadh foirme srl.
