Míchumas
Soláthraíonn an córas cánach liúntais agus díolúintí speisialta ó chánacha agus ó dhleachtanna áirithe do dhaoine a bhfuil míchumas de chineál buan orthu.
Is féidir cóipeanna de na bileoga agus na foirmeacha a dtagraítear dóibh a íoslódáil nó a ordú ón suíomh gréasáin, a phiocadh suas ag d'oifig chánach áitiúil, nó a fháil trí ghlaoch ar ár Seirbhís Foirmeacha agus Bileog ar 1890 30 67 06 nó 00353 1 70 23 050 do ghlaoiteoirí lasmuigh de Phoblacht na héireann. Is seirbhís teileafóin uathoibrithe í seo agus iarrfar ort d'ainm, do sheoladh agus teideal na bileoige atá uait a thabhairt.
