Ag Bogadh go hÉirinn
Is é cuspóir na faisnéise seo treoir shimplí de chóras cánach na hÉireann a chur ar fáil do dhaoine atá ag bogadh go hÉirinn den chéad uair. Tá sé d’aidhm aici cuid mhaith de na ceisteanna a fhreagairt a thagann aníos nuair atá duine ag smaoineamh ar a leithéid a dhéanamh agus lena chois sin tugann sí faisnéis ar an gcóras cánach, ar féidir tagairt a dhéanamh dó nuair is gá.
Chun é a dhéanamh áisiúil duit bristear an treoir síos i gcodanna éagsúla, le go mbeidh tú in ann díriú ar ábhair a bhaineann le do chúinsí pearsanta féin.
Inneachar
- Cáin Phearsanta - Ag tosú amach - Ag obair d’fhostóir
- Cáin Phearsanta - Ag tosú amach - Ag obair mar oibrí féinfhostaithe
- Teach nó árasán a cheannach nó a thógáil cíos in Éirinn
- Cónaitheacht Chánach
- Pacáistí Luach Saothair
- Forbhreathnú gearr ar na cánacha éagsúla atá iníoctha in Éirinn
- Liosta samplach de Chreidmheasanna Cánach
- Ranníocaíocht Pinsean - faoiseamh don lucht Spailpín fánach
- Liosta d’Oifigí Cánach agus de sheoltaí úsáideacha eile
Tabhair faoi deara go bhféadann soláthraithe éagsúla táillí éagsúla a ghearradh as úsáid na n-uimhreacha 1890 (Íosghlao).
