Idirscaradh & Colscaradh
- Réamhrá
- An gá dom a chur in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim má táim idirscartha?
- Céard a tharlaíonn sa bhliain chánach ina idirscarann lánúin phósta?
- Conas a ghearrtar cáin ar dhaoine idirscartha sna blianta i ndiaidh dóibh scaradh óna chéile?
- Céard a tharlaíonn mura bhfuil íocaíochtaí cothabhála i gceist?
- Conas a chaitear le híocaíochtaí cothabhála deonacha chun críocha cánach?
- Má tá íocaíochtaí cothabhála deonacha á ndéanamh agam an féidir liom an liúntas pearsanta do dhaoine pósta a éileamh?
- Céard iad na socruithe cothabhála infhorghníomhaithe le dlí?
- Conas a chaitear le socruithe cothabhála infhorghníomhaithe le dlí chun críocha cánach?
- An féidir le lánúin idirscartha dliteanas cánach mar lánúin phósta a roghnú?
- Conas a chaitear le híocaíochtaí cothabhála a dhéantar do leanaí nó ar a son?
- Má táim ag fáil íocaíochtaí cothabhála conas a bhaileofar an cháin atá dlite?
- Céard a tharlaíonn má fhaigheann lánúin colscaradh?
- Céard a dhéantar ó thaobh cánach má chuirtear an pósadh ar neamhní?
- An féidir liom faoiseamh cánach a éileamh ar ús morgáiste a íocaim ar áit chónaithe mo chéile idirscartha?
- Céara a tharlaíonn ó thaobh sócmhainní a dhiúscairt, m.sh. áras an teaghlaigh, i mbliain an idirscartha nó sna bhlianta i ndiaidh idirscartha?
Réamhrá
Is é cuspóir an nóta seo ná cuntas a thabhairt ar na hathruithe cánach a tharlaíonn nuair a bhriseann pósadh. Is minic gur tréimhse deacair é seo a mbíonn daoine faoi bhrú mór agus beidh go leor ceisteanna le plé, lena n-áirítear cúrsaí airgeadais, mar thoradh ar an athrú i do chúinsí pearsanta. Agus do chúrsaí airgid á socrú agat beidh sé tábhachtach eolas a bheith agat ar impleachtaí cánach aon chomhaontuithe a dhéanann tú, socruithe dlí go háirithe. Cé go dtabharfaidh an oifig chánach gach cúnamh duit maidir le do sheasamh cánach, d’fhéadfadh sé go mbeadh ort comhairle phroifisiúnta a lorg faoi ábhair áirithe.
An bhfuil orm a insint do na Coimisinéirí Ioncaim go bhfuilim idirscartha?
TÁ. Ba chóir duit é a chur in iúl do d’oifig chánach a luaithe agus is féidir i ndiaidh an idirscartha le gur féidir aon athruithe cánach a theastaíonn a dhéanamh. Ba cheart duit an dáta a scar sibh óna chéile a thabhairt, chomh maith le sonraí i ngeall ar aon socruithe airgid a rinneadh, m.sh. íocaíochtaí cothabhála do do chéile, leanbh nó leanaí, íocaíochtaí cothabhála a fhaigheann tú féin, íocaíochtaí morgáiste srl. Ba chóir duit cóip de dhoiciméid a rialaíonn an t-idirscaradh a chur ar fáil, m.sh. gníomhas idirscartha, ordú cúirte nó socrú cothabhála.
Céard a tharlaíonn sa bhliain chánach ina idirscarann lánúin phósta?
Sula bpléifear leis na hiarmhairtí cánach a bhíonn le hidirscaradh, d’fhéadfadh sé a bheith áisiúil duit fáil amach conas a chaitear le lánúineacha pósta ó thaobh cánach - féach Bileog Eolais IT2 (Gearradh Cánach ar Dhaoine Pósta ).
Má idirscarann lánúin le linn bhliain chánach agus más cosúil gur idirscaradh buan a bheidh ann gearrfar cáin orthu mar seo:
Measúnú Comhpháirteach roimh Idirscaradh
Beidh an céile inmheasúnaithe, is é sin an duine inmhuirir ó thaobh cánach ar chomhioncam na lánúine:
- I dteideal an liúntais do dhaoine pósta agus banda ráta pósta don bhliain iomlán - le haghaidh na rátaí reatha féach Bileog Eolais IT1 (Creidmheasanna, Faoisimh agus Rátaí Cánach);
- Gearrfar cáin ar a (h)ioncam féin don bhliain ar fad agus ar ioncam an chéile eile ó 1 Eanáir go dtí dáta an idirscartha.
Maidir leis an gcéile eile:
- Gearrfar cáin ar a (h)ioncam féin ó dháta an idirscartha go dtí an 1 Eanáir dár gcionn
- Tá sé nó sí i dteideal an chreidmheasa cánach do dhuine singil agus an banda ag an ráta singil.
Measúnú Ar Leith roimh Idirscaradh
Má bhí Measúnú Ar Leith infheidhme roimh idirscaradh, beidh na céilí i dteideal na gcreidmheasanna cánach agus bandaí ráta neamhúsáidte a aistriú dá chéile suas go dtí dáta an idirscartha.
Measúnú mar Dhuine Singil roimh Idirscaradh
Má bhí Cóireáil Ar Leith infheidhme roimh idirscaradh ní bheidh aon athrú cóireála i ndiaidh idirscartha agus gearrfar cáin ar gach céile mar dhuine singil.
Íocaíochtaí Cothabhála i mBliain an Idirscartha
Má dhéantar íocaíochtaí cothabhála chun tairbhe céile faoi shocrú infhorghníomhaithe le dlí le linn bhliain an idirscartha:
- Beidh an céile a dhéanann na híocaíochtaí i dteideal asbhaint chánach a fháil as na híocaíochtaí sin
- Beidh an céile a fhaigheann an íocaíocht chothabhála inchánach ar na híocaíochtaí.
Conas a ghearrtar cáin ar dhaoine idirscartha sna blianta i ndiaidh idirscartha?
Braitheann tionchar an idirscartha ar dhliteanas cánach gach céile go príomha ar cibé an bhfuil nó nach bhfuil íocaíochtaí cothabhála i gceist, agus má tá, an ndéantar nó nach ndéantar iad faoi shocrú infhorghníomhaithe le dlí.
Céard a tharlaíonn mura bhfuil íocaíochtaí cothabhála i gceist?
Sa chás go n-idirscarann lánúin agus nach ndéantar íocaíochtaí cothabhála gearrfar cáin ar gach céile mar dhuine singil agus beidh siad freagrach as a dtuairisceáin chánach féin a líonadh isteach agus cáin a íoc ar a n-ioncam féin.
Conas a chaitear le híocaíochtaí cothabhála deonacha chun críocha cánach?
Ní chuirtear íocaíochtaí deonacha (.i. íocaíochtaí nach bhfuil infhorghníomhaithe le dlí) san áireamh agus cáin céilí á ríomh.
- Níl an céile a dhéanann an íocaíocht i dteideal asbhaint chánach a fháil ina dtaobh
- Ní ghearrtar cáin ar an gcéile a fhaigheann na híocaíochtaí
- Gearrtar cáin ar ioncam an bheirt chéile mar dhaoine singile.
Má tá íocaíochtaí cothabhála deonacha á ndéanamh agam an féidir liom an liúntas pearsanta do dhaoine pósta a éileamh?
Má dhéanann céile
- íocaíochtaí deonacha i gcomhair chothabháil an chéile eile agus
- mura bhfuil sé/sí i dteideal asbhainte cánach maidir leis na híocaíochtaí sin de bharr nach ndéantar iad faoi shocrú infhorghníomhaithe le dlí agus
- más leor na híocaíochtaí chun a c(h)éile a chothabháil go hiomlán nó go príomha,
sa chás sin beidh sé/sí incháilithe don chreidmheas cánach do dhaoine pósta ach ní bheidh an banda ag an ráta pósta infheidhme. Is féidir leis an gcéile eile an liúntas do dhuine singil a éileamh in aghaidh a (h)ioncaim féin (más ann dó).
Céard iad na socruithe cothabhála infhorghníomhaithe le dlí ?
Áirítear leo seo íocaíochtaí bliantúla nó tréimhsiúla faoi ordú cúirte, ghníomhas idirscartha, riail chúirte, iontaobhas, chúnaint nó ghníomh ar bith eile a dtagann dualgas infhorghníomhaithe le dlí as. Ní mór an socrú cothabhála a dhéanamh i gcomaoin idirscartha nó mar thoradh air.
Conas a chaitear le socruithe cothabhála infhorghníomhaithe le dlí chun críocha cánach?
Tá íocaíochtaí cothabhála a rinneadh faoi shocrú infhorghníomhaithe le dlí an 8 Meitheamh 1983 nó dá éis iníoctha gan asbhaint chánach. Baineann na rialacha seo a leanas le híocaíochtaí a rinneadh chun tairbhe céile:
- Déantar na híocaíochtaí gan asbhaint chánach
- Tá an céile a dhéanann na híocaíochtaí i dteideal asbhainte cánach ina dtaobh
- Tá an céile a fhaigheann na híocaíochtaí cothabhála inchánach maidir leis na híocaíochtaí
- Gearrtar cáin ar an mbeirt chéile mar dhaoine singile (ach amháin sa chás go roghnaíonn siad go ngearrfar cáin orthu mar lánúin phósta).
An féidir le lánúin idirscartha dliteanas cánach mar lánúin phósta a roghnú?
Is féidir le lánúin idirscartha dliteanas cánach mar lánúin phósta a roghnú má:
- tá an bheirt acu ina gcónaí in Éirinn agus
- má dhéantar íocaíochtaí cothabhála faoi shocrú infhorghníomhaithe le dlí.
Caithfidh an lánúin comhrogha a chur isteach más mian leo leas a bhaint as an socrú seo. Ní mór an rogha a dhéanamh i scríbhinn roimh dheireadh na bliana agus ní mór do gach páirtí é a shíniú. Má dhéantar an rogha seo ní bhactar leis na híocaíochtaí cothabhála, is é sin ní fhaigheann an céile a dhéanann na híocaíochtaí asbhaint chánach ina dtaobh agus níl an céile a fhaigheann na híocaíochtaí inchánach maidir leo.
Sa chás go bhfuil ioncam ag an mbeirt chéile, beidh measúnú ar leith infheidhme, is é sin déanfar creidmheasanna cánach agus bandaí ráta a chionroinnt idir an bheirt chéile, faoi réir athbhreithnithe ag deireadh na bliana chun aon liúntais chánach nó bandaí ráta a aistriú.
Sa chás nach bhfuil ioncam ach ag céile amháin tabharfar na creidmheasanna cánach iomlána agus bandaí ráta don chéile sin.
Le haghaidh sonraí agus samplaí de na cineálacha éagsúla measúnaithe féach Bileog Eolais IT2 (Gearradh Cánach ar Dhaoine Pósta ).
Conas a chaitear le híocaíochtaí cothabhála a dhéantar do leanaí nó ar a son?
Déantar neamhaird d’íocaíochtaí cothabhála do leanbh nó leanaí chun críocha cánach:
- Déantar na híocaíochtaí gan asbhaint chánach
- Níl an t-íocóir i dteideal asbhainte cánach i dtaobh na n-íocaíochtaí
- Níl na híocaíochtaí inchánach
- Ní mheastar na híocaíochtaí mar ioncam an linbh,
Tabhair faoi deara: d’fhéadfadh gach céile a bheith i dteideal Liúntais maidir le Leanbh faoi Éagumas - Bileog Eolais IT18 agus/nó
Creidmheas Cánach do Theaghlach Aontuismitheora - Bileog Eolais IT 9 (PDF, 156KB) a éileamh.
Má táim ag fáil íocaíochtaí cothabhála conas a bhaileofar an cháin atá dlite?
Má tá tú ag fáil íocaíochtaí cothabhála agus má tá ioncam agat atá faoi réir ÍMAT, tá seans ann gur féidir cuid den cháin nó an t-iomlán ar fad atá dlite ar an íocaíocht chothabhála trí do liúntais saor ó cháin a laghdú. Is féidir é seo a dhéanamh trí na hÍocaíochtaí Cothabhála a fhaightear a chur in iúl ar an tseirbhís ÍMAT aon tráth aon lá. Tuilleadh faisnéise faoi ÍMAT aon tráth aon lá .
Mura bhfuil tú ag fáil ach íocaíochtaí cothabhála amháin, tá an cháin dlite iníoctha mar chnapshuim faoi nósanna imeachta an chórais féinmheasúnaithe. Agus do chúrsaí airgid á ríomh agat ba chóir a chur san áireamh íocaíocht aon chánach atá dlite agus go mb’fhéidir go mbeadh ort an méid seo a íoc in aon chnapshuim. Féach Bileog Eolais IT10: Treoir do Fhéinmheasúnú do Fhéinfhostaithe agus Bileog Eolais IT23: (Príomhghnéithe de Fhéinmheasúnú maidir le Cáin Ioncaim) le haghaidh sonraí ar conas a fheidhmíonn an córas féinmheasúnaithe.
Céard a tharlaíonn má fhaigheann lánúin colscaradh?
Sa chás go bhfaigheann lánúin colscaradh in Éirinn beidh na forálacha a leagadh amach thuas infheidhme ar aon socruithe cothabhála arna ndéanamh ag ordú Cúirte. Ciallaíonn seo:
- go ndéantar íocaíochtaí cothabhála gan asbhaint chánach
- go bhfuil an céile a dhéanann na híocaíochtaí i dteideal asbhainte cánach ina dtaobh
- Tá an céile a fhaigheann na híocaíochtaí cothabhála inchánach maidir leis na híocaíochtaí
- go ngearrtar cáin ar an mbeirt chéile mar dhaoine singile.
Tá sé de rogha ag lánúin cholscartha cáin a íoc mar lánúin phósta chun críocha cánach ioncaim má:
- tá an bheirt acu ina gcónaí in Éirinn agus
- mura bhfuil ceachtar céile pósta arís.
Céard a dhéantar ó thaobh cánach má chuirtear an pósadh ar neamhní?
Áit a gcuirtear pósadh ar neamhní gearrfar cáin ar gach céile mar dhuine singil ó dháta an neamhnithe ar aghaidh. Ní féidir measúnú comhpháirteach a roghnú.
An féidir liom faoiseamh cánach a éileamh ar ús morgáiste a íocaim ar áit chónaithe mo chéile idirscartha?
Is féidir, sa chás go bhfuil tú faoi dhualgas an t-ús a íoc agus go n-úsáidtear an iasacht chun príomháit do chéile, nó an t-aon áit chónaithe, a cheannach, a dheisiú nó a fhorbairt. Má tá tú ag íoc úis ar do phríomháit chónaithe féin beidh faoiseamh cánach ar fáil i gcás an dá mhaoine.
Beidh an faoiseamh cánach a dheonófar faoi réir na n-uasteorann ábhartha - féach Faoiseamh Cánach ar Ús Morgáiste a Íoctar ar Iasacht i gcomhair Tí
Céara a tharlaíonn ó thaobh sócmhainní a dhiúscairt, m.sh. áras an teaghlaigh, i mbliain an idirscartha nó sna bhlianta i ndiaidh idirscartha?
Réamhrá
De ghnáth bíonn diúscairt sócmhainní idir céilí a chónaíonn le céile díolmhaithe go sainiúil ó cháin ghnóthachan caipitiúil. Caitear leis na diúscairtí seo amhail is dá ndéanfaí iad ag luach nach raibh gnóthachan nó caillteanas i gceist don chéile a rinne na diúscairtí. Caitear leis an gcéile a fhaigheann an tsócmhainn amhail is dá bhfaighfí í ar an gcostas agus ar an dáta a fuair an céile eile den chéad uair í.
Bliain an Idirscartha
Caithfear le haon sócmhainní, lena n-áirítear leas in áras an teaghlaigh, a aistríodh ó chéile amháin go céile eile i mbliain an idirscartha, ar bhonn 'gan ghnóthachan gan chaillteanas' chun críocha cáin ghnóthachan caipitiúil. Mar thoradh air seo ní bheidh aon dliteanas cánach maidir le cáin ghnóthachan caipitiúil i mbliain an idirscartha.
Is féidir aon chaillteanais a aistriú idir céilí i mbliain an idirscartha.
Blianta i ndiaidh Idirscartha
Sna blianta a leanann idirscaradh is féidir sócmhainní eile a aistriú idir céilí gan aon dhliteanas a bheith i gceist maidir le cáin ghnóthachan caipitiúil. Áit a bhfeidhmíonn* an faoiseamh seo caithfear le gach sócmhainn amhail is dá bhfaighfí ag an gcostas bunaidh í agus ag an am céanna agus a fuair an céile den chéad uair í.
Ní bhaineann an díolúine seo le sócmhainní ar cuid de stoc trádála ceirde iad, nó go bhfuil sé i gceist iad a úsáid mar sin.
Caitear le haon diúscairtí ó chéile amháin go céile eile a tharlaíonn tar éis bhliain an idirscartha nó lasmuigh de cholscaradh/ordú cúirte* mar dhiúscairtí ag an luach iomlán margaidh, amhail is dá mba strainséirí iad, agus ríomhtar cáin ghnóthachan caipitiúil mar is gnáth.
*Tá an faoiseamh seo infheidhme áit a bhfuil na sócmhainní faoi réir ordaithe a fuarthas faoi cheann amháin de:
- Cuid II den Acht um Idirscaradh Breithiúnach agus Athchóiriú an Dlí Teaghlaigh
- Cuid II den Acht um an Dlí Teaghlaigh 1995
- An tAcht um an Dlí Teaghlaigh (Colscaradh) 1996
- Gníomhas Idirscartha
