Nuashonrú thaifid na gCoimisinéirí Ioncaim maidir le Pinsinéirí na Roinne Coimirce Sóisialaí

Réamhrá

Mar chuid den mhalartú leanúnach faisnéise idir an Roinn Coimirce Sóisialaí agus na Coimisinéirí Ioncaim, tá faisnéis faighte ag na Coimisinéirí Ioncaim le gairid ón Roinn Coimirce Sóisialaí maidir le sonraí ar íocaíochtaí pinsean fadtéarmach ina gcuimsítear an Pinsean Stáit, an pinsean um Aistriú (a íoctar le daoine idir 65 agus 66 bliain d’aois), pinsin Bantrí/Bantrí Fir/Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh agus Easláine.

Mura bhfuil foinsí eile ioncaim ag duine a fhaigheann pinsean ón Roinn Coimirce Sóisialaí, ní bheidh siad faoi dhliteanas cánach ar an bpinsean ón Roinn Coimirce Sóisialaí. Mar sin féin, má tá foinse bhreise ioncaim, le cois an phinsin ón Roinn Coimirce Sóisialaí, ag duine aonair - abair pinsean gairme ó iarfhostóir - d’fhéadfadh siad a bheith faoi dhliteanas cánach ar an bpinsean ón Roinn Coimirce Sóisialaí. D’fhéadfadh duine atá 65 bliain d’aois nó níos sine in 2012 pinsean ón Roinn Coimirce Sóisialaí agus foinsí ioncaim eile a bheith acu ach d’fhéadfadh nach bhfuil cáin á híoc acu fós má tá an chosúlacht ann go mbeidh a (h)ioncam iomlán le haghaidh na bliana níos lú ná €18,000, nó €36,000, má tá siad pósta.

Is é an modh ina n-íocann cáiníocóir ÍMAT cáin ioncaim ar a bpinsean ón Roinn Coimirce Sóisialaí ná go laghdaíonn na Coimisinéirí Ioncaim teidlíochtaí bliantúla creidmheasanna cánach ÍMAT agus banda rátaí an cháiníocóra, agus mar thoradh air sin stopann an soláthraí pinsean cáin bhreise ar a bpinsean gairme nach bhfuil ón Roinn Coimirce Sóisialaí.

Rinneadh an fhaisnéis ar phinsin fhadtéarmacha a fuair na Coimisinéirí Ioncaim ón Roinn Coimirce Sóisialaí le déanaí a nuashonrú i dtaifid na gCoimisinéirí Ioncaim agus rinneadh creidmheasanna cánach ÍMAT agus bandaí rátaí a choigeartú le haghaidh roinnt cáiníocóirí dá réir.

I gcás roinnt cáiníocóirí, ní thabharfaidh siad difear ar bith faoi deara i méid na cánach a bheidh á híoc acu ó 2012 i leith, díreach toisc go raibh an fhaisnéis pinsean a thug an Roinn Coimirce Sóisialaí dúinn mar an gcéanna leis na sonraí a bhí ag na Coimisinéirí Ioncaim cheana, agus feicfidh cuid acu méadú ar an asbhaint chánach toisc go raibh an figiúr pinsin a sholáthair an Roinn Coimirce Sóisialaí níos mó ná an figiúr a bhí ar thaifid na gCoimisinéirí Ioncaim cheana nó toisc nach raibh taifead ar bith ag na Coimisinéirí Ioncaim roimhe sin maidir le pinsean a bheith á fháil ag an duine sin ón Roinn Coimirce Sóisialaí. D’fhéadfadh roinnt cáiníocóirí laghdú a thabhairt faoi deara sa cháin a bheidh á híoc acu ó 2012 i leith sa chás ina raibh an figiúr a bhí in úsáid ag na Coimisinéirí Ioncaim níos mó ná figiúr iarbhír na Roinne Coimirce Sóisialaí.

Cur chuige na gCoimisinéirí Ioncaim

Sheol na Coimisinéirí Ioncaim litir le gairid chuig gach duine aonair a bhaineann an fhaisnéis nua faoi phinsin leo, a tugadh suas chun dáta i dtaifid na gCoimisinéirí Ioncaim. Saincheapadh an litir sin d’imthosca áirithe an duine.

Ar Ais go Barr

Ceisteanna & Freagraí Ilghnéitheacha

C: An bhfuil pinsin a íocann an Roinne Coimirce Sóisialaí incháinithe?

F: Foráiltear sa reachtaíocht maidir le cáin ioncaim go bhfuil raon sochar atá iníoctha faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh incháinithe. Tá pinsin fhadtéarmacha amhail an pinsean seanaoise ranníocach mar shampla, inchánaithe dá réir sin. Sa chás gurb é an pinsean ón Roinn Coimirce Sóisialaí an t-aon fhoinse ioncaim atá ag duine, ní híocfaidh an duine sin cáin ar an bpinsean. Mar sin féin, d’fhéadfadh duine aonair a bhfuil pinsean á fháil acu ón Roinn Coimirce Sóisialaí agus a bhfuil dara foinse ioncaim acu chomh maith a bheith faoi dhliteanas cánach go deimhin.

C: Cén fáth a bhfuil athrú tagtha ar chreidmheasanna cánach ÍMAT agus bandaí rátaí roinnt cáiníocóirí le haghaidh 2012?

F: Soláthraíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí sonraí éagsúla pinsin agus ioncaim do na Coimisinéirí Ioncaim ar bhonn rialta. Cuireadh faisnéis faoi phinsin fhadtéarmacha ar fáil do na Coimisinéirí Ioncaim le gairid agus rinneadh í sin a nuashonrú ar thaifid na gCoimisinéirí Ioncaim le haghaidh 2012.

C: Cad í an reachtaíocht faoina ndéantar faisnéis a mhalartú idir an Roinn Coimirce Sóisialaí agus na Coimisinéirí Ioncaim?

F: Tá reachtaíocht ann ina gceadaítear go sonrach don Roinn Coimirce Sóisialaí a sonraí pinsin agus ioncaim a roinnt leis na Coimisinéirí Ioncaim - an tAcht Comhdhlúite Leasa Shóisialaigh 2005, alt 261.

C: Cén dóigh a dtiocfadh leis tarlú go raibh figiúr difriúil ag na Coimisinéirí Ioncaim ón bhfigiúr a thug an Roinn Coimirce Sóisialaí dóibh le gairid?

F: Go dtí seo, chuirfeadh an cáiníocóir in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim nuair a bheadh siad i dteideal pinsin ón Roinn Coimirce Sóisialaí. Nuair a chuirfí a leithéid in iúl dóibh, dhéanfadh na Coimisinéirí Ioncaim a dtaifid a nuashonrú le sonraí pinsin na Roinne Coimirce Sóisialaí. Mar sin féin, le himeacht ama, is cosúil nach ndearnadh cuid de na hathruithe atá curtha i bhfeidhm ar an bpinsean ón Roinn Coimirce Sóisialaí arna íoc le duine aonair, mar shampla méadú ar theidlíocht duine i ngeall ar athruithe ina n-imthosca, a léiriú go hiomlán murar chuir an pinsinéir an méid leasaithe in iúl dúinn agus dá bhrí sin b’fhéidir nach raibh taifid na gCoimisinéirí Ioncaim ag teacht leis na méideanna a íocann an Roinn Coimirce Sóisialaí go hiarbhír.

Ar Ais go Barr

C: Cén dóigh a n-asbhaintear cáin ar phinsin ón Roinn Coimirce Sóisialaí?

F: Ní asbhaineann an Roinn Coimirce Sóisialta cáin ag an bhfoinse ar phinsean ar bith a íocann siad. Ina áit sin déanfar creidmheasanna cánach ÍMAT agus bandaí rátaí faighteoir pinsin ón Roinn Coimirce Sóisialaí, a íocann a gcáin tríd an gcóras ÍMAT, a laghdú agus mar thoradh air sin stopfar cáin bhreise ar bith ó ioncam eile ar bith atá acu. Le haghaidh 2012, tá comhairle tugtha cheana do sholáthraithe pinsean agus d’fhostóirí maidir le sonraí faoi chreidmheasanna cánach agus bandaí rátaí leasaithe a thagann le méid nuashonraithe an phinsin ón Roinn Coimirce Sóisialaí. Mar thoradh air sin, asbhaineann soláthraí pinsean nó fostóir duine cáin bhreise ó phinsean gairme nó ó thuarastal ar bith atá ag an duine agus déantar an muirear breise seo a leathadh go cothrom ar feadh na bliana. Tá oibleagáid ar dhuine atá féinfhostaithe sonraí maidir le pinsin leasa shóisialaigh atá acu a thuairisciú ar an bhfoirm tuairisceáin bhliantúil - Foirm 11 - agus íocann siad cáin ar phinsin ar bith a fhaigheann siad ón Roinn Coimirce Sóisialaí agus a n-íocaíocht bhliantúil cáin ioncaim á híoc acu.

C: Cén dóigh ar féidir le duine cáin ar a bpinsean ón Roinn Coimirce Sóisialaí a íoc fiú má tá a (h)ioncam eile an-íseal?

F: Le haghaidh 2012, tá duine díolmhaithe ó ÍMAT má tá siad 65 bliain d’aois nó níos sine agus má tá a (h)ioncam iomlán bliantúil níos lú ná €18,000 más duine singil iad, nó €36,000 má tá siad pósta. Agus taifid na gcáiníocóirí á nuashonrú de réir na faisnéise nua faoi phinsin ón Roinn Coimirce Sóisialaí, ní raibh na Coimisinéirí Ioncaim ábalta idirdhealú a dhéanamh idir daoine a meastar a bheith díolmhaithe ó cháin agus gach duine eile agus dá bhrí sin rinneadh an fhaisnéis go léir faoi phinsin ón Roinn Coimirce Sóisialaí a nuashonrú ar thaifid na gCoimisinéirí Ioncaim, agus is é an toradh air sin gur laghdaíodh na creidmheasanna cánach ÍMAT agus na bandaí rátaí bliantúla sna cásanna díolmhaithe féideartha sin chomh maith. Cuireadh na creidmheasanna cánach agus na bandaí rátaí leasaithe sin go léir in iúl do sholáthraithe pinsean agus d’fhostóirí cheana. I roinnt cásanna, beidh go leor sa teaglaim de chreidmheasanna cánach atá ag duine d’fhonn cáin ar bith atá le híoc ar a bpinsean nach dtagann ón Roinn Coimirce Sóisialaí a chumhdach, ach i gcásanna eile, áfach, ní bheidh go leor i luach a gcreidmheasanna agus déanfaidh a soláthraí pinsean nó a bhfostóir cáin a asbhaint. Níl an asbhaint chánach sna cásanna seo á déanamh ach ar bhonn sealadach má tá duine díolmhaithe ó cháin go hiarbhír. Cuirfimid treoir leasaithe chuig soláthraithe pinsean agus fostóirí a aisíocfaidh cáin ar bith arna hasbhaint.

C: Cad é an cás maidir le pinsean ar bith ón Roinn Coimirce Sóisialaí atá ag fear céile nó bean chéile duine, atá faoi cháin?

F: Amhail pinsin ar bith ón Roinn Coimirce Sóisialaí i gcoitinne, beidh sé seo incháinithe chomh maith. Má chuimsítear sa mhéid a íocann an Roinn Coimirce Sóisialaí cion le haghaidh fear céile nó bean céile duine agus go bhfuil comh-mheasúnú déanta ar an lánúin, léireofar méid iomlán an phinsin ón Roinn Coimirce Sóisialaí ar an Deimhniú Creidmheasa Cánach faoin gcéile inmheasúnaithe.

Ar Ais go Barr

C: An ndéanfaidh an t-athrú i dteorainn díolúine an MSU a luaigh an tAire Airgeadais sa Bhuiséad difear do staid duine?

F: Ar an gcéad dul síos, níl pinsin ón Roinn Coimirce Sóisialaí faoi dhliteanas MSU agus dá bhrí sin ní chuirtear san áireamh iad nuair atáthar ag dearbhú cibé acu an bhfuil feidhm ag an díolúine MSU nó nach bhfuil. Maidir leis an teorainn díolúine leasaithe, más dóchúil go mbeidh ioncam duine nach ioncam ón Roinn Coimirce Sóisialaí é níos lú ná an teorainn de €10,036 atá i bhfeidhm le haghaidh 2012, ba cheart an díolúine MSU a chur i bhfeidhm. Tá na daoine aonair sin gur dhócha go mbainfidh an díolúine MSU leo le haghaidh 2012 curtha in iúl ag na Coimisinéirí Ioncaim do sholáthraí pinsean agus d’fhostóirí cheana féin. Mar sin féin, má tá MSU á íoc agat faoi láthair agus go bhfuil d’ioncam bliantúil nach bhfuil ón Roinn Coimirce Sóisialaí níos lú ná €10,036, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le hoifig áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim.

C: Má asbhaineadh an iomad cánach as do phinsean toisc go raibh an pinsean ón Roinn Coimirce Sóisialaí róshonraithe, cá huair ba chóir do dhuine leas a bhaint as an laghdú ina p(h)insean incháinithe?

F: D'fhéadfadh duine difear a fheiceáil ina c(h)éad íocaíocht phinsin/tuarastail 2012. I lár mhí na Nollag anuraidh, tugadh comhairle do sholáthraithe pinsean agus d’fhostóirí maidir le sonraí ar chreidmheasanna cánach agus bandaí rátaí leasaithe le haghaidh 2012, ina léirítear méid nuashonraithe an phinsin ón Roinn Coimirce Sóisialaí agus ba cheart go méadófaí glanphinsean nó glantuarastal duine de thoradh uirthi sin.

C: Gheall tú freisin sa chéad litir a scríobh tú an 30 Nollaig 2011 go ndéanfá athbhreithniú ar ghnóthaí cánach 2011 na ndaoine aonair a raibh méid an phinsin ón Roinn a bhí i dtaifid na gCoimisinéirí Ioncaim níos mó ná an méid iarbhír a bhí á íoc ag an Roinn Coimirce Sóisialaí agus gheall tú aon aisíocaíochtaí a bheadh dlite a íoc. Cén dul chun cinn atá déanta maidir leis seo?

F: Tá an próiseas maidir le hathbhreithniú a dhéanamh ar ghnóthaí cánach 2011 na ndaoine sin ag dul ar aghaidh agus leanfar den obair sin sna seachtainí seo amach romhainn. Ba cheart go bhfuair roinnt cáiníocóirí aisíocaíochtaí cheana féin le haghaidh 2011 agus táthar chun tuilleadh a eisiúint go luath. Chomh luath is a phróiseáiltear an tuairisceán deireadh bliana (ar a dtugtar P35) ó fhostóirí agus ó sholáthraithe pinsean ina bhfuil sonraí maidir le pá agus an cháin a asbhaineadh i gcás na gcáiníocóirí lena mbaineann atá fágtha, déanfaimid athbhreithniú uathoibríoch agus eiseoimid aisíocaíochtaí a thiocfaidh chun cinn ar bhonn práinne. Idir an dá linn, má mheasann aon duine go bhfuil aisíocaíocht dlite dóibh toisc go ndearnadh áibhéil dá bpinsean ón Roinn féadfaidh siad éileamh a dhéanamh ar athbhreithniú ar a ngnóthaí cánach do 2011 ach a bhfoirm P60 do 2011 a sheoladh isteach chuig a n-oifig áitiúil de na Coimisinéirí Ioncaim agus déileálfaimid leis an iarratas sin chomh luath agus is féidir.

C: An mbeidh daoine i dteideal aisíocaíochtaí le haghaidh blianta roimhe seo sa chás go raibh an pinsean ón Roinn Coimirce Sóisialaí róshonraithe?

F: Tá súil ag na Coimisinéirí Ioncaim iniúchadh a dhéanamh ar chás na ndaoine sin go léir a ndearnadh a méid a róshonrú in 2011 agus cinnfidh siad an bhfuil aisíocaíochtaí dlite. Má bhíonn aisíocaíocht dlite, déanfaimid an aisíocaíocht chomh gasta agus is féidir. Má cheapann duine gur íoc siad méid iomarcach sna blianta roimh 2011, ba cheart dóibh an t-éileamh a dhéanamh i scríbhinn chuig oifig áitiúil na gCoimisinéirí Ioncaim.

C: Ar na híocaíochtaí Cosanta Sóisialta, lena n-áirítear pinsin, atá incháinithe, tá an méid seo a leanas:

F: Léirítear thíos na pinsin agus na híocaíochtaí eile atá faoi dhliteanas cánach:

  • Pinsean Stáit (Ranníocach)
  • Pinsean Stáit (Neamhranníocach)
  • Pinsean Stáit (Aistriú)
  • Sochar Breoiteachta
  • Pinsean Easláine
  • Sochar Díobhálacha Ceirde
  • Sochar Míchumais Idirthréimhseach
  • Sochar Míthreorach (i gcás ina bhfuil sé iníoctha i bhfoirm pinsin seachas mar íocaíocht aonuaire)
  • Pinsean Sochar Báis
  • Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
  • Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach)
  • Sochar Banchéile Thréigthe
  • Liúntas Banchéile Thréigthe
  • Liúntas Banchéile Príosúnaigh
  • Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora (Tuismitheoir neamhphósta, Céile Scartha, Céile Príosúnaigh)
  • Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach)
  • Íocaíocht Chaomhnóra (Neamh-Ranníocach)
  • Liúntas do Chúramóirí
  • Sochar Cúramóra
  • Sochar Cuardaitheora Poist agus Liúntas Fiontraíochta Gearrthéarmach, seachas Sochar Cuardaitheora Poist arna íoc le hoibrithe gearr-ama córasacha
  • Forlíonadh Do-fhostaitheachta (iníoctha le Pinsean Míchumais)
  • Pinsean na nDall
  • Liúntas Freastail Leanúnaigh (iníoctha le Pinsean Míchumais)

Nóta: I gcás sochar breoiteachta, sochar míchumais idirthréimhseach agus sochar díobhálacha ceirde, tá aon ghné maidir le leanbh cleithiúnach díolmhaithe ó cháin. Roimh an bhliain chánach 2011 agus i rith na bliana sin, bhí an chéad 36 lá de shochar díobhálacha, sochar míchumais idirthréimhseach agus sochar díobhálacha ceirde díolmhaithe ó cháin. Le héifeacht ón 1 Eanáir 2012, áfach, ní an díolúine sin i bhfeidhm a thuilleadh i gcás sochar míchumais idirthréimhseach agus sochar díobhálacha ceirde.

Tá an chéad €13 den sochar cuardaitheora poist agus den liúntas fiontraíochta gearrthéarmach díolmhaithe ó cháin.

Ar Ais go Barr


Leagan furasta le priontáil