Athbhreithnithe Deireadh-Bliana

Measaim go ndearna mé ró-íocaíocht ar cháin anuraidh - an féidir liom aisíocaíocht a éileamh anois nó an bhfuil sé ró-dhéanach?

Is féidir - níl sé ró-dhéanach. Tá sé níos simplí éileamh a dhéanamh le linn na bliana cánach, áfach. Agus sin á dhéanamh agat cinntíonn tú gur féidir le d’fhostóir aon aisíocaíocht atá dlite a dhéanamh le linn na bliana agus ansin ní bheidh gá teagmháil bhreise a dhéanamh leis an oifig chánach ag deireadh na bliana. Ba chóir duit a thabhairt faoi deara go gcaithfear éilimh ar aisíocaíochtaí a dhéanamh laistigh de 4 bliana ó dheireadh na bliana lena mbaineann an t-éileamh agus ní féidir aisíocaíocht a dhéanamh ar éilimh a dhéantar tar éis an sprioc-ama seo.

Ar Ais go Barr

Cad ba chóir dom a chur isteach agus éileamh á dhéanamh?

Mura ndearna tú d’éileamh roimh dheireadh na bliana cánach ba chóir duit na nithe seo a leanas a chur isteach chuig d’oifig chánach:

  • Foirm P60 don bhliain chánach (agus Foirm P60 do chéile, más ábhartha). Eisíonn d’fhostóir Foirm P60 duit tar éis dheireadh na bliana cánach.
  • Sonraí d’éilimh ar m.sh. Costais Liachta, Faoiseamh Cíosa, Táillí Seirbhíse agus Síntiúis Cheardchumainn.
  • Má bhaineann d’éileamh le costais liachta caithfidh tú pdfFoirm Med 1 (PDF, 804KB) a chomhlánú, féach an bhileog IT6 - Faoiseamh a éileamh ó Chostais Liachta.

Ar Ais go Barr

Ar chóir dom Tuairisceán Cánach a chomhlánú - Foirm 12?

Níor chóir, de ghnáth. Má eisíonn an oifig chánach pdf Foirm 12 (PDF, 857KB) duit, áfach, caithfidh tú í a chomhlánú agus a sheoladh ar ais.

Ar Ais go Barr

Conas a d’fhéadfadh ganníocaíocht a bheith déanta agam má tá éileamh á dhéanamh agam ar chreidmheas cánach breise?

D’fhéadfadh ganníocaíocht cánach a bheith i gceist sna himthosca a leanas:

  • Tugadh creidmheasanna cánach mícheart duit don bhliain m.sh. tugadh creidmheas cánach nach raibh dlite níos mó ar aghaidh ó bhliain roimhe sin nó tugadh liúntas iomarcach duit agus níor chuir tú an earráid in iúl don oifig chánach nuair a fuair tú do theastas creidmheasanna cánach
  • Rinneadh earráid nuair a rinne d’fhostóir an cháin a asbhaint.

(Adobe Acrobat Reader PDFNasc seachtrach)

Ar Ais go Barr


Leagan furasta le priontáil