Cáin sheachtainiúil/mhíosúil a ríomh

Cad é an Teastas Creidmheasanna Cánach agus Scoithphointe an Ráta Chaighdeánaigh a sheolann na Coimisinéirí Ioncaim chugam gach bliain?

Eisíonn na Coimisinéirí Ioncaim Teastas Creidmheasanna Cánach agus Scoithphointe an Ráta Chaighdeánaigh do gach fostaí a éilíonn creidmheasanna cánach. Leagann an teastas amach go sonrach méid na gcreidmheasanna cánach agus scoithphointe an ráta chaighdeánaigh a mheas na Coimisinéirí Ioncaim a bhí tuillte ag an bhfostaí.

Chomh maith le deimhniú fostaí a eisiúint ar gach fostaí, eisíonn na Coimisinéirí Ioncaim fógra ar an bhfostóir. Ní nochtar aon fhaisnéis faoi chúinsí pearsanta an fhostaí i bhfógra an fhostóra. Ní thaispeánann sé ach amháin méid iomlán na gcreidmheasanna cánach agus scoithphointe an ráta chaighdeánaigh atá an fostaí i dteideal a fháil chomh maith leis na méideanna coibhéiseacha seachtainiúla agus míosúla.

Ar Ais go Barr

Cad iad Creidmheasanna Cánach ?

Faoin gcóras cánach tá an fostaí i dteideal creidmheasanna cánach ag brath ar a chúinsí pearsanta, mar shampla, creidmheas cánach do dhuine pósta, creidmheas fostaí (ÍMAT ), creidmheas cánach i leith suibscríbhinní ceardchumainn, srl. (féach na creidmheasanna cánach is féidir leat a éileamh).

Conas is féidir líon na creidmheasanna cánach seo a éileamh?

Ar Ais go Barr

Cén Scoithphointe den Ráta Caighdeánach a bhaineann liom?

Is é an scoithphointe den ráta caighdeánach ná méid do bhanda cánach pearsanta caighdeánaigh (20%). Le haghaidh gach tréimhse pá, bíodh sí ar bhonn seachtainiúil, uair sa choicís nó míosúil, íocann tú cáin ag an ráta caighdeánach suas go dtí do scoithphointe ag an ráta caighdeánach. Gearrtar cáin ar an ráta níos airde, 41%, ar aon ioncam thar do scoithphointe ag an ráta caighdeánach.

Sampla:

Is é €680.77 scoithphointe seachtainiúil den ráta chaighdeánaigh atá ag Áine agus tuilleann sí €750 in aghaidh na seachtaine. Ciallaíonn seo go ngearrtar cáin ag ráta 20% ar an gcéad €680.77 de thuarastal Áine agus gearrtar cáin ag ráta 41% ar an gcuid eile €69.23 (€750 - €680.77).

Ar Ais go Barr

Conas a dhéanaim mo cháin sheachtainiúil a ríomh?

Déantar do cháin sheachtainiúil a ríomh mar seo a leanas (má íoctar tú uair sa choicís nó sa mhí bainfidh na prionsabail chéanna):

  1. Déantar cáin a ríomh ag an ráta caighdeánach, 20%, ar d’ollioncam suas go dtí méid do scoithphointe seachtainiúil den ráta caighdeánach.
  2. Gearrtar cáin ar aon ollphá thar scoithphointe an ráta chaighdeánaigh ag an ráta níos airde, 41%
  3. Cuirtear an cháin a mheastar ag an ráta 20% leis an gcáin a mheastar ag an ráta 41% chun d’ollcháin a ríomh.
  4. Ansin laghdaítear figiúr an ollcháin faoi mhéid do chreidmheasanna cánach chun an cháin atá iníoctha an tseachtain sin a ríomh

Léireoidh na samplaí seo a leanas conas do dhliteanas cánach a ríomh.

Tabhair faoi deara nach bhfuil anseo ach samplaí de Chreidmheasanna Cánach agus scoithphointí den ráta caighdeánach. Déantar do mhéideanna pearsanta a phriontáil ar do Theastas Creidmheasanna Cánach cothrom le dáta.

Ar Ais go Barr

Samplaí

Tabhair faoi deara: Níl an Tobhach Ioncaim san áireamh sna samplaí seo leanas:

Sampla 1

Fostaí sa chóras ÍMAT is ea Seán. Duine singil is ea é agus tá sé i dteideal na gcreidmheasanna cánach agus an scoithphointe den ráta caighdeánach seo a leanas in 2010:

Creidmheasanna cánach Sheáin
Creidmheasanna Cánach
Creidmheas Cánach do Dhuine Singil 1,830
Creidmheas cánach an fhostaí (ÍMAT) 1,830
Suibscríbhinní Ceardchumainn 70
In aghaidh na bliana 3,730 in aghaidh na bliana (71.73 in aghaidh na seachtaine)
Scoithphointe an Ráta Chaighdeánaigh 36,400 in aghaidh na bliana (700.00 in aghaidh na seachtaine )

Fuair Seán Teastas Creidmheasanna Cánach leis na creidmheasanna cánach agus scoithphointe den ráta caighdeánach seo. Fógraíodh na méideanna iomlána don fhostóir.

Tuilleann Seán €300 in aghaidh na seachtaine. Meastar a cháin sheachtainiúil mar seo:

Cáin sheachtainiúil Sheáin
Céim Pá Inchánach €300
1 Cáin ag ráta 20% €300 €60.00 Úsáid an ráta caighdeánach suas go dtí uasmhéid den scoithphointe den ráta caighdeánach (€700.00) mar a mholann na Coimisinéirí Ioncaim sa teastas creidmheasa cánach
2 Cáin ag ráta 41% Nialas Nialas Ós rud é go bhfuil tuilleamh seachtainiúil Sheáin (€300) níos lú ná a scoithphointe den ráta caighdeánach (€700.00), ní íocfaidh sé cáin ag an ráta níos airde, 41%, an tseachtain seo
3 Ollcháin €60.00 Cuir méid na cánach dlite ag an ráta caighdeánach le méid na cánach dlite ag an ráta níos airde (más ann dó)
4 Lúide Creidmheas Cánach (€71.73) Creidmheas cánach molta ag na Coimisinéirí Ioncaim sa Teastas Creidmheasanna Cánach
Cáin ghlan iníoctha ag Seán an tseachtain seo Nialas Ollcháin lúide creidmheasanna cánach. Ós rud é go sáraíonn creidmheasanna cánach seachtainiúla Sheáin (€71.73) a ollcháin sheachtainiúil (€60), ní gá dó aon cháin a íoc an tseachtain seo.

Sampla 2

Fostaí sa chóras ÍMAT is ea Daithí. Tá sé pósta agus níl a bhean chéile fostaithe lasmuigh den teach. Tá sé i dteideal na gcreidmheasanna cánach agus an scoithphointe den ráta caighdeánach seo a leanas in 2010:

Creidmheasanna cánach Dhaithí
Creidmheasanna Cánach
Creidmheas cánach do Dhuine Pósta 3,660
Creidmheas cánach an fhostaí (ÍMAT) 1,830
Creidmheas cánach do Chúramóir Baile 900
Muirir Seirbhíse 80
Suibscríbhinní Ceardchumainn 70
In aghaidh na bliana 6,540 in aghaidh na bliana (125.77 in aghaidh na seachtaine )
Scoithphointe an Ráta Chaighdeánaigh 45,400 in aghaidh na bliana (873.08 in aghaidh na seachtaine )

Teastas Creidmheasanna Cánach leis na creidmheasanna cánach seo eisithe do Dhaithí. Fógraíodh na méideanna iomlána don fhostóir.

Tuilleann Daithí €750 in aghaidh na seachtaine. Meastar a cháin sheachtainiúil mar seo:

Creidmheasanna cánach Dhaithí
Céim Pá Inchánach €750
1 Cáin ag ráta 20% €750 €150.00 Úsáid an ráta caighdeánach suas go dtí uasmhéid den scoithphointe den ráta caighdeánach (€873.08) mar a mholann na Coimisinéirí Ioncaim sa teastas creidmheasa cánach
2 Cáin ag ráta 41% Nialas Nialas Ós rud é go bhfuil tuilleamh seachtainiúil Dhaithí (€750) níos lú ná a scoithphointe den ráta caighdeánach (€873.08), ní íocfaidh sé cáin ag an ráta níos airde, 41%, an tseachtain seo
3 Ollcháin €150.00 Cuir méid na cánach dlite ag an ráta caighdeánach le méid na cánach dlite ag an ráta níos airde (más ann dó)
4 Lúide Creidmheas Cánach (€125.77) Creidmheas cánach molta ag na Coimisinéirí Ioncaim sa Teastas Creidmheasanna Cánach
Cáin ghlan iníoctha ag Daithí an tseachtain seo €24.23 Ollcháin lúide creidmheasanna cánach

Sampla 3

Fostaí sa chóras ÍMAT is ea Máire. Duine singil is ea í agus tá sí i dteideal na gcreidmheasanna cánach agus an scoithphointe den ráta caighdeánach seo a leanas in 2010:

Creidmheasanna Cánach Mháire
Creidmheasanna Cánach
Creidmheas Cánach do Dhuine Singil 1,830
Creidmheas cánach an fhostaí (ÍMAT ) 1,830
Costais ag Ráta Comhréidh 95
Muirir Seirbhíse 80
Creidmheas Cánach maidir le Gaol Cleithiúnach 80
Suibscríbhinní Ceardchumainn 70
In aghaidh na bliana 3,985 in aghaidh na bliana (76.64 in aghaidh na seachtaine)
Scoithphointe an Ráta Chaighdeánaigh 36,400 in aghaidh na bliana (700.00 in aghaidh na seachtaine)

Teastas Creidmheasanna Cánach leis na creidmheasanna cánach seo eisithe do Mháire. Fógraíodh na méideanna iomlána dá fostóir.

Tuilleann Máire €1,200 in aghaidh na seachtaine. Meastar a cáin sheachtainiúil mar seo:

Cáin sheachtainiúil Mháire
Céim Pá Inchánach €1,200
1 Cáin ag ráta 20% €700.00 €140 Úsáid an ráta caighdeánach suas go dtí uasmhéid den scoithphointe den ráta caighdeánach (€700.00) mar a mholann na Coimisinéirí Ioncaim sa teastas creidmheasa cánach
2 Cáin ag ráta 41% €500.00 €205.00 Úsáid an ráta níos airde ar phá thar an scoithphointe den ráta caighdeánach (€1,200- €700.00)
3 Ollcháin €345.00 Cuir méid na cánach dlite ag an ráta caighdeánach le méid na cánach dlite ag an ráta níos airde.
4 Lúide Creidmheas Cánach (€76.64) Creidmheas cánach molta ag na Coimisinéirí Ioncaim sa Teastas Creidmheasanna Cánach
Cáin ghlan iníoctha ag Máire an tseachtain seo €268.36 Ollcháin lúide creidmheasanna cánach

wordIs féidir leat an bhileog oibre seo a úsáid chun do cháin iníoctha a ríomh (MSWord, 32KB)

Ar Ais go Barr


Leagan furasta le priontáil